Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
fiannaidheachd againn do ceapadh i bhfad sul tháinig na Lochlannaigh ó'n Roinn Eorpa anoir ar chor ar bith. Gurab é sin a bhfuil le cur síos agam i dtaobh na Féinne agus na fiannaidheachda go nuige seo. PÁDRAIG MAC PIARAIS. TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. Tháinig an Gruagach an ceathramhadh lá agus do chomhrac sé féin agus Diarmuid re chéile, agus an uair shaoil an Grua- gach dul san tobar mar budh ghnáthach leis, iadhas Diarmuid a dhá láimh leabhaire lán-chalma fá n-a bhrághaid agus tuitid araon san tiobraid síos. Níor chian do bhádar mar sin an tan do chonncadar na cathracha agus na caisleáin agus piolóidí ríoghdha ro-mhóra agus na dúthaighe dath-áilne dealbh- éagsamhla agus na coillte deagh-mhaiseacha dearg-iubhair agus na mágha mion-sgothacha agus na tulcha taitneamhacha taobh-uaine; d'éirgh- eadar an dís deagh-laoch sain ó gheal-trácht ghainmhidhe na geal-tiobraide, agus do rioth an Gruagach i n-a ghaistidhibh gáibhtheacha glan- reatha d'ionnsuighe an dúna budh neasa dó, agus ritheann Diarmuid i n-a dhiaidh go dísgir deagh-thapaidh, agus iar rochtain an dúna dóibh, fuaradar iomad sluaigh léir-churadh agus caith- mhíleadh ar fhaithche an dúna. Do leigeadar conaire coitcheann agus sráid-slighe réidh ro- fhairsing eatorra do'n Gruagach, agus tugadar a n-aghaidh i n-éinfheacht ar Dhiarmuid agus dob' áil leó goin ghaí agus lann agus míreanna mion- bhrúighte do dhéanamh de. Dála Dhiarmuda, ní ar tlás ná ar tarcuisne do chuaidh sé, acht dul tríotha agus társa amhail do rachfadh seabhach fá mhion-éanaibh nó míol-mhór tré mhin-iasgaibh nó faol-chú cíocrach conadhach tré mhór-thréad caorach ar mhachaire réidh ró- fhairsing gan teasargain idir é agus iad, nó mar bhuinne dian díleann ag sgeith tar uachtar árd sléibhe go mbriseann agus go bhfuadaigheann gach nídh ar a roicheann, is mar sin do rinne Diarmuid slighthe sár-mhóra agus conairí coitcheanna agus láthair imreasáin agus iombhuailte trés na sluaghaibh ionnus go ndearna dronga deaghlaighthe dian-sgaoilte dhóibh gur chorrach gach slighe agus gur bheag gach buidhean, agus gur leabhair na ruaga, agus gur tiugh na harmhadh, na héachta agus na heasbhadha thug orra; agus an mhéid nár thuit le Diarmuid chuadar i n-a madhmannaibh mór-theithmhe fá ghleanntaibh diamhaire dó-eólais agus fó fhothraibh fiadhamhla fásaigh na críche, agus drong eile tar bhéal cathrach isteach agus d'iadhadar na doirse go himeaglach dá n-éis. Suidheann Diarmuid go sgítheach fadtuirseach ar an bhfaithche i n-a uaith agus i n-a aonar agus é créacht- ach cró-leointe, agus níor bh'fhada gur thuit a thoirchim suain agus síor-chodlata air. Níor chian dó ann an tan tháinig óglach feardha folt-leabhair dá ionnsuighe agus do thug béim bun-láidir da chois ann. Músglann Diar- muid leis sin, agus tug lámh thapaidh laochdha tar a leathan-armaibh lán-trodacha. “Ná gabhadh
eagla ná anbhuain tu, a mhic uí Dhuibhne,” ar an t-óglach, “óir ní do dhéanamh díoghbhála dhuit thángas-sa, acht is aimhghlic duit codladh do dhéanamh ar fhaithche bhaile do bhíodhbhadh agus t'eascarad, agus iomad do namhad id' thimcheall, agus éirigh agus tar liom-sa agus gheobhair proinn agus tomaltas uaim agus ionad codlata níos fearr ná sain.” Budh bhinn le Diarmuid an t-athasg sin an óglaich, agus gluaiseas leis agus ní cian a chuadar an tan chonncadar an t-árus agus an ríogh-bhruighean mhór ró-áluinn agus do chuadar tar dorus na cathrach isteach, agus do fuaradar trí chaogad féinnidhe fíor-árrachtach ann rómpa go n-a ndóithin do bhantracht agus d'ingheanaibh míne macánta mong-bhuidhe ar shlios na cathrach i n-a suidhe agus ionar snáithe sróll so-mhaiseach agus brat sgiamhdha sgarlóide um gach neach díobh, agus d'fhearadar uile fáilte roimh Dhiarmuid, agus do shuidheadar i n-a dhiaidh sin agus d'fhoráil an t-óglach dabhach shlánuighthe agus fothruighthe do dhéanamh do Dhiarmuid, agus luibhe íce agus slánuighthe do chur san bhfothragadh sin. Do tugadh proinn agus tomhaltas i n-a dhiaidh sin chuca, agus do chaitheadar a leór- dhóithin bídh agus dighe, agus d'éirigheadar lucht ceoil, oirfide agus ealadhan i n-a bhfiadhnaise, agus do ghabhadar duana agus dréachta agus deagh-dhánta a ngéag-gheinealaigh agus a gcraobh gcoimhneasa dhóibh, agus do tugadh ór agus airgead agus iolmhaoine d'éigsibh, d'ollamhnaibh do lucht ealadhan an dúna ar son a n-ealadhan, agus i n-a dhiaidh sin do chuadar ar a gcuilteachaibh cumhduighthe clúimh-dhearga, agus do bhádar ag suan agus ag sámh-chodladh go maidin an laoi ar n-a bhárach. Is ann sin a d'éirigh an t-óglach agus Diarmuid agus sluagh na cathrach ar gcéadna, gurab ann sin do labhair ris an ngaisgidheach de bhriath- raibh míne milse macánta maordha agus is é adubhairt - “Innis dom cia thu féin, ó taoi comh maith seo riom, agus gan fios agat cia mé d'fhearaibh an domhain, agus cia an chríoch so i n-a dtárlas, agus cia an t-óglach úd do chomh- rac riom ag an dtobar agus cia is rí ar an gcrích seo?” “Inneósad sin duit,” ar sé, “Tír-fó thuinn an chrích so, agus rí Thíre-fo-thuinn do bhí ag comhrac riot-sa, agus dearbhráthair do'n rígh mise, agus Ridire an ghaisgidh m'ainm agus inghean do rígh Lochlann is bean dom, agus do bhí mé bliadhain i dteaglach Fhinn mhic Chumhaill, agus is uime sin do rinneas an mhaith seo ort-sa, agus atá ádhbhar eile agam fós, atáim dom' ionnarbhadh agus dom' athchur go laothamhail ag an rígh agus á mhac, agus do-bheirim mo bhriathar nach mó mo dhóigh as Fiannaibh Eireann uile, dá mbeidís ar aon láthair, ná asat-sa gidh taoi id' uaith agus id' aonar, agus is uaibh-se saoilim neart na críche seo do bheith agam, agus gheobhaidh tu bheith im' fhochair féin gach n-oidhche agus trí chéad gaisgidheach galach gnímh-éachtach atá ar mo theaghlach. Do- bhéar chum cathuighthe gach lá duit-se ré rígh Tíre-fo-thuinn agus ré n-a mhac iad, agus is é dob' áil liom cumann agus caradradh do cheang- al riot-sa.” “Is toil liom-sa sin,” ar Diarmuid. Do thug gach n-aon aca a bhriathar re comhall an ghealla sain go bráth. Tugadar as an oidhche sin, agus ar maidin ar n-a bhárach is í chomhairle ar ar chinneadar fógradh catha do chur chum an ríogh. Is annsin chuireas Ridire an ghaisgidh teachta uaidh d'fhógradh catha ar rígh Thíre-fo-thuinn agus ar a mhac. Rángadar na teachta do láthair an ríogh, agus fochtar díobh a dtoisg agus a dturas. D'inn- seadar na teachtairí gur d'fhógradh catha air-sean agus ar a mhac thángadar ó Ridire an ghaisgidh. “Maiseadh,” ar an rí, “ní shaoilim- se eisean a bheith líon catha dhom, gidheadh, do dhéanfad ionnarbthac agus díbirteach de, ionnnus nach áiteóchadh féin ná éinneach d'á shliocht Tír-fo-thuinn go bruinne an bhrátha agus go
foircheann na beathadh,” agus fós go dtiubhradh dearg-ár a bhfear agus a mban agus a mbaoith-leanbh, agus go loisgfeadh a ndúnta agus a ndéagh-áruis. Do rángadar na teachta tar n-ais go Ridire an ghaisgidh agus innsid dó gach ar chan an rí leó. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services