Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.

Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

fiannaidheachd againn do ceapadh i bhfad sul
tháinig na Lochlannaigh ó'n Roinn Eorpa
anoir ar chor ar bith.



Gurab é sin a bhfuil le cur síos agam i
dtaobh na Féinne agus na fiannaidheachda go
nuige seo.



PÁDRAIG MAC PIARAIS.



TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



Tháinig an Gruagach an
ceathramhadh lá agus do
chomhrac sé féin agus
Diarmuid re chéile, agus
an uair shaoil an Grua-
gach dul san tobar mar
budh ghnáthach leis, iadhas Diarmuid a dhá
láimh leabhaire lán-chalma fá n-a bhrághaid agus
tuitid araon san tiobraid síos. Níor chian
do bhádar mar sin an tan do chonncadar na
cathracha agus na caisleáin agus piolóidí ríoghdha
ro-mhóra agus na dúthaighe dath-áilne dealbh-
éagsamhla agus na coillte deagh-mhaiseacha
dearg-iubhair agus na mágha mion-sgothacha agus na
tulcha taitneamhacha taobh-uaine; d'éirgh-
eadar an dís deagh-laoch sain ó gheal-trácht
ghainmhidhe na geal-tiobraide, agus do rioth an
Gruagach i n-a ghaistidhibh gáibhtheacha glan-
reatha d'ionnsuighe an dúna budh neasa dó,
agus ritheann Diarmuid i n-a dhiaidh go dísgir
deagh-thapaidh, agus iar rochtain an dúna dóibh,
fuaradar iomad sluaigh léir-churadh agus caith-
mhíleadh ar fhaithche an dúna. Do leigeadar
conaire coitcheann agus sráid-slighe réidh ro-
fhairsing eatorra do'n Gruagach, agus tugadar
a n-aghaidh i n-éinfheacht ar Dhiarmuid agus dob'
áil leó goin ghaí agus lann agus míreanna mion-
bhrúighte do dhéanamh de. Dála Dhiarmuda,
ní ar tlás ná ar tarcuisne do chuaidh sé,
acht dul tríotha agus társa amhail do rachfadh
seabhach fá mhion-éanaibh nó míol-mhór tré
mhin-iasgaibh nó faol-chú cíocrach conadhach
tré mhór-thréad caorach ar mhachaire réidh ró-
fhairsing gan teasargain idir é agus iad, nó
mar bhuinne dian díleann ag sgeith tar
uachtar árd sléibhe go mbriseann agus go
bhfuadaigheann gach nídh ar a roicheann, is
mar sin do rinne Diarmuid slighthe sár-mhóra
agus conairí coitcheanna agus láthair imreasáin agus
iombhuailte trés na sluaghaibh ionnus go
ndearna dronga deaghlaighthe dian-sgaoilte
dhóibh gur chorrach gach slighe agus gur bheag gach
buidhean, agus gur leabhair na ruaga, agus gur
tiugh na harmhadh, na héachta agus na heasbhadha
thug orra; agus an mhéid nár thuit le Diarmuid
chuadar i n-a madhmannaibh mór-theithmhe fá
ghleanntaibh diamhaire dó-eólais agus fó fhothraibh
fiadhamhla fásaigh na críche, agus drong eile
tar bhéal cathrach isteach agus d'iadhadar na
doirse go himeaglach dá n-éis. Suidheann
Diarmuid go sgítheach fadtuirseach ar an
bhfaithche i n-a uaith agus i n-a aonar agus é créacht-
ach cró-leointe, agus níor bh'fhada gur thuit
a thoirchim suain agus síor-chodlata air. Níor
chian dó ann an tan tháinig óglach feardha
folt-leabhair dá ionnsuighe agus do thug béim
bun-láidir da chois ann. Músglann Diar-
muid leis sin, agus tug lámh thapaidh laochdha tar
a leathan-armaibh lán-trodacha. “Ná gabhadh


L. 539


eagla ná anbhuain tu, a mhic uí Dhuibhne,” ar
an t-óglach, “óir ní do dhéanamh díoghbhála
dhuit thángas-sa, acht is aimhghlic duit codladh
do dhéanamh ar fhaithche bhaile do bhíodhbhadh agus
t'eascarad, agus iomad do namhad id' thimcheall,
agus éirigh agus tar liom-sa agus gheobhair proinn agus
tomaltas uaim agus ionad codlata níos fearr
ná sain.” Budh bhinn le Diarmuid an t-athasg
sin an óglaich, agus gluaiseas leis agus ní cian a
chuadar an tan chonncadar an t-árus agus an
ríogh-bhruighean mhór ró-áluinn agus do chuadar
tar dorus na cathrach isteach, agus do fuaradar
trí chaogad féinnidhe fíor-árrachtach ann
rómpa go n-a ndóithin do bhantracht agus
d'ingheanaibh míne macánta mong-bhuidhe ar
shlios na cathrach i n-a suidhe agus ionar snáithe
sróll so-mhaiseach agus brat sgiamhdha sgarlóide
um gach neach díobh, agus d'fhearadar uile fáilte
roimh Dhiarmuid, agus do shuidheadar i n-a dhiaidh
sin agus d'fhoráil an t-óglach dabhach shlánuighthe
agus fothruighthe do dhéanamh do Dhiarmuid, agus
luibhe íce agus slánuighthe do chur san bhfothragadh
sin. Do tugadh proinn agus tomhaltas i n-a
dhiaidh sin chuca, agus do chaitheadar a leór-
dhóithin bídh agus dighe, agus d'éirigheadar lucht ceoil,
oirfide agus ealadhan i n-a bhfiadhnaise, agus do
ghabhadar duana agus dréachta agus deagh-dhánta
a ngéag-gheinealaigh agus a gcraobh gcoimhneasa
dhóibh, agus do tugadh ór agus airgead agus iolmhaoine
d'éigsibh, d'ollamhnaibh do lucht ealadhan
an dúna ar son a n-ealadhan, agus i n-a dhiaidh
sin do chuadar ar a gcuilteachaibh cumhduighthe
clúimh-dhearga, agus do bhádar ag suan agus ag
sámh-chodladh go maidin an laoi ar n-a bhárach.
Is ann sin a d'éirigh an t-óglach agus Diarmuid
agus sluagh na cathrach ar gcéadna, gurab ann
sin do labhair ris an ngaisgidheach de bhriath-
raibh míne milse macánta maordha agus is é
adubhairt - “Innis dom cia thu féin, ó taoi
comh maith seo riom, agus gan fios agat cia
mé d'fhearaibh an domhain, agus cia an chríoch so
i n-a dtárlas, agus cia an t-óglach úd do chomh-
rac riom ag an dtobar agus cia is rí ar an
gcrích seo?”



“Inneósad sin duit,” ar sé, “Tír-fó
thuinn an chrích so, agus rí Thíre-fo-thuinn do bhí
ag comhrac riot-sa, agus dearbhráthair do'n rígh
mise, agus Ridire an ghaisgidh m'ainm agus inghean
do rígh Lochlann is bean dom, agus do bhí mé
bliadhain i dteaglach Fhinn mhic Chumhaill, agus is
uime sin do rinneas an mhaith seo ort-sa, agus
atá ádhbhar eile agam fós, atáim dom'
ionnarbhadh agus dom' athchur go laothamhail ag
an rígh agus á mhac, agus do-bheirim mo bhriathar
nach mó mo dhóigh as Fiannaibh Eireann uile,
dá mbeidís ar aon láthair, ná asat-sa gidh
taoi id' uaith agus id' aonar, agus is uaibh-se
saoilim neart na críche seo do bheith agam,
agus gheobhaidh tu bheith im' fhochair féin gach
n-oidhche agus trí chéad gaisgidheach galach
gnímh-éachtach atá ar mo theaghlach. Do-
bhéar chum cathuighthe gach lá duit-se ré
rígh Tíre-fo-thuinn agus ré n-a mhac iad, agus is é
dob' áil liom cumann agus caradradh do cheang-
al riot-sa.”



“Is toil liom-sa sin,” ar Diarmuid.
Do thug gach n-aon aca a bhriathar re comhall
an ghealla sain go bráth. Tugadar
as an oidhche sin, agus ar maidin ar n-a bhárach
is í chomhairle ar ar chinneadar fógradh catha
do chur chum an ríogh. Is annsin chuireas
Ridire an ghaisgidh teachta uaidh d'fhógradh
catha ar rígh Thíre-fo-thuinn agus ar a mhac.
Rángadar na teachta do láthair an ríogh, agus
fochtar díobh a dtoisg agus a dturas. D'inn-
seadar na teachtairí gur d'fhógradh catha
air-sean agus ar a mhac thángadar ó Ridire an
ghaisgidh. “Maiseadh,” ar an rí, “ní shaoilim-
se eisean a bheith líon catha dhom, gidheadh, do
dhéanfad ionnarbthac agus díbirteach de, ionnnus
nach áiteóchadh féin ná éinneach d'á shliocht
Tír-fo-thuinn go bruinne an bhrátha agus go


L. 540


foircheann na beathadh,” agus fós go dtiubhradh
dearg-ár a bhfear agus a mban agus a mbaoith-leanbh,
agus go loisgfeadh a ndúnta agus a ndéagh-áruis.
Do rángadar na teachta tar n-ais go Ridire
an ghaisgidh agus innsid dó gach ar chan an rí leó.



(Ní críoch).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services