Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féidhlimidh Óg Ó Froighill.
Title
Féidhlimidh Óg Ó Froighill.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÉIDHLIMIDH ÓG Ó FROIGHILL. Nuair a bhí mé óg 'gus lag go leor, Bhain mé faoim 'sna bealaigh seo, 'S ar chasán réidh a shiubhail mé an saoghal, Gur ghoin go géar an arrainn mé; Pógadh mo bhéal mar bhláth sugh-craobh, Lé 'bhfacaidh mé 'sa nár aithin mé, 'S ar a h-aonmhadh déag, nár thruagh mo sgéal 'S gur i n-Aontruim féin a chuirfidhe mé! Dá mbéidhinn-se críonna, 's ní rabh faraor! Bhéidhinn 'sa tír i rugadh mé; Bhéidheadh uaisle ag caoi mo bháis go fíor, 'S mo bhunadh féin ag aithrighe 'lig; A mháithrín mhín, a thug domh do chích, A árd-bhroinn chaoin a d'fhuilinn mé, Tá an bás go fíor i gcor mo chroidhe, 'S ag Eoghan Ó Froighill ní bheidh mo chorp. Teachtaire críonna, a rachadh síos, Agus a thiocfadh aníos an aithghiorra, A dheánfadh sgíste ag Bealach Gaoith, Agus d'aithrisfeadh dóibh mo leathtrom-sa, Ar philleadh aníos ar ais 'sa t-slighe, Bhéarfainn féin luach 'astair dhó, Ach' cóirigh an tuighe astoigh faoi mo thaobh, 'Sí anocht an oidhche dheireannach. Seo abhrán a fuair mé ó 'Liam Ó Domhnaill as Rinn na Fearsaide. 'Sé an t-ainm a thugas na daoinidh air go gnáthach, abhrán “Fhéidhlimidh na nDartán”. D. Ó M. Tagra. Faoim = fúm. Arrainn = arraing. D'fhuilinn = d'fhulaing. Cor .i. cúinne.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services