Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Féidhlimidh Óg Ó Froighill.

Title
Féidhlimidh Óg Ó Froighill.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FÉIDHLIMIDH ÓG Ó FROIGHILL.

Nuair a bhí mé óg 'gus lag go leor,
Bhain mé faoim 'sna bealaigh seo,
'S ar chasán réidh a shiubhail mé an saoghal,
Gur ghoin go géar an arrainn mé;
Pógadh mo bhéal mar bhláth sugh-craobh,
Lé 'bhfacaidh mé 'sa nár aithin mé,
'S ar a h-aonmhadh déag, nár thruagh mo sgéal
'S gur i n-Aontruim féin a chuirfidhe mé!



Dá mbéidhinn-se críonna, 's ní rabh faraor!
Bhéidhinn 'sa tír i rugadh mé;
Bhéidheadh uaisle ag caoi mo bháis go fíor,
'S mo bhunadh féin ag aithrighe 'lig;
A mháithrín mhín, a thug domh do chích,
A árd-bhroinn chaoin a d'fhuilinn mé,
Tá an bás go fíor i gcor mo chroidhe,
'S ag Eoghan Ó Froighill ní bheidh mo chorp.



Teachtaire críonna, a rachadh síos,
Agus a thiocfadh aníos an aithghiorra,
A dheánfadh sgíste ag Bealach Gaoith,
Agus d'aithrisfeadh dóibh mo leathtrom-sa,
Ar philleadh aníos ar ais 'sa t-slighe,
Bhéarfainn féin luach 'astair dhó,
Ach' cóirigh an tuighe astoigh faoi mo thaobh,
'Sí anocht an oidhche dheireannach.



Seo abhrán a fuair mé ó 'Liam Ó Domhnaill
as Rinn na Fearsaide. 'Sé an t-ainm a
thugas na daoinidh air go gnáthach, abhrán
“Fhéidhlimidh na nDartán”.



D. Ó M.



Tagra.



Faoim = fúm. Arrainn = arraing. D'fhuilinn =
d'fhulaing. Cor .i. cúinne.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services