Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Crosánacht ó Fhilidh de Laighnibh.
Title
Filidheacht. Crosánacht ó Fhilidh de Laighnibh.
Author(s)
Mac Lugair, Dubhthach,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CROSÁNACHT Ó FHILIDH DE LAIGHNIBH. Sliocht “Leabhair Laighean.” Dubthach Mac Lugair cct. I. Andsu immarbáig ri Laignib, Láthur ferda; Labraid Longsech romarb Chobthach I Tuaim Tenba. II. Eochu Censelach mac Énnai Ba rí rathach; Ar nhgeimled gíall, marbastar Niall mac Echach. III. Is cid Nuadu Necht mac Setnai — Saer a bunad — , Romanarb Etarscél mac Eogain, Ardríg Muman. IV. Is cid Fergus mac Róig di Ultaib Na nhgus nhgalmar, Ailill mac Rosa Ruaid Fuair dá marbhad. V. Na trí Ruadchind ba di Lagnib — Laechda in crobang; Marbsat Lugaid ocus Conaire Ocus Conall. VI. Erc mac Cairpri, clothrí hErend, Cona thuraind — Tend in barfhind — bentais a chend De Choinchulaind. VII. Cid mac Nadfraich, Oengus Muman, Cona fhairind, Ic Sossadh Chell barfhácaibh A chend la [h]Ailill. VIII. Dorochar and Eithni Uathach - Ainm dar treba; Gráin co nhgarge bá do lagnib, Cairpri mac Dega. IX. Cid Ailill Molt co cath Ocha Ba rí rathach; Co trichait chét dosrat i n-éc Crimthan cathach. X. Torchratar sund uaisle hÉrend, Mar ra hadrad; Isé a ndíl, cen dímblad Na ríg raglan. Andsu. A chur so i Nua-Ghaedhilg, focal ar fhocal mar is fearr do féadadh, annso síos: I. Is doiligh iomarbhaidh (.i. dréim, troid) re Laighnibh, láthar (.i. neart, tréan) feardha; labhraidh Loingseach do mharbh Cobhthach i dTuaim Teanbha. II. Eocha Cinnsealach mac Énna ba rí rathmhar; ar ngeimhleadh (.i. gceangal) giall [do Niall], do mharbh [Eocha] Niall mac Eachach. III. Is fós Nuadha Neacht mac Séadna - saor (.i. uasal) a bhunadh - do mharbh [sé] Eidirsgeól mac Eoghain, airdrí Mumhan. IV. Is fós Fearghus mac Róigh de Ultaibh na ngníomh ngalach, Oilill mac Rosa Ruaidh fuair dá mharbhadh [é]. V. Ba de Laighnibh na trí Ruaidhchin - laochda an triopall; do mharbhadar Lughaidh agus Conaire agus Conall. VI. Earc mac Cairbre, rí clúiteach Éireann, go (.i. i n-éinfheacht le) n-a shluagh - teann an ceinnfhionn - do bhuain a cheann de Choinchulainn. VII. Fós mac Nadfroaich, Aonghus Mumhan, go n-a fhuirinn, ag Sosodh Cheall do fhágaibh a cheann le hOilill. VIII. Do thuit ann Eithne Uatha - ainm thar treabh- abh; gráin ba gharg ba do Laighnibh, Cairbre mac Deagha. IX. Fós Oilill Molt go cath Ocha ba rí rathmhar;
thug Críomhthann cathach i n-éag é (.i. do mharbh C. C. é) mar aon le triochaid chéad. X. Do thuiteadar uaisle Éireann annso, mar do tairngireadh; is é a ndíol (.i. a n-aoide), gan aithisiu- ghadh na ríogh ro-ghlan. Is doiligh. TAGRA. I. Andsu, &c.: Is fíor do Dhubhthach; ní raibh aon dream eile i n-Éirinn comh tréan, comh calma, comh galach le Laighnibh, an fhaid do bhíodar Gaedhealach; is iocht liom iad anois fá dhuibh-cheó dhorcha dhaor-throm Galldachta do bhuain a meisneach agus a meanma dhíobh. Labhraidh Loingseach: Do mharbh sé seo Cobhthach Caoilbhreagh, airdrí Éireann, ar chor gur ghabh sé féin ríoghacht Éireann 'sa bhl. 541 A.C. i Laighnibh do rugadh é. Is ionann Tuaim Tenba, dar le hEoghan Ó Comhraidhe, agus Dinn Ríg, áit atá i mBaile an chnocáin le Droichead Leithghlinne a ndeas, fá cheathramhain mhíle de. II. Eochu Censelach .i. Eocha mac Énna Cinnsealaigh do bhí 'na rígh ar Laighnibh. Ar dteacht do Niall Naoi- ghiallach i bhflaitheas Éireann 's bhl. 378 A.D., do ghabh se Eocha mar ghiall. Do rug Eocha as an uair is déi- dheanaighe do chuaidh Niall fá mhóir-thír na hEorpa. Do lean Eocha fá phúicín é gur mharbh sé thar abhainn Loire le saighead é 'sa bh. 405 A.D. III. Nuadu Necht .i. mac Sétna Sithbaic, ríogh Laighean. Do mharbh sé Etarsgél airdrí i n-Áilinn (.i. Cnoc Áilinne indiu atá i ngar do Chill Chuilinn) 'sa bhl. 110 A.C., agus do ghabh sé féin an ríoghacht. IV. Ros Ruadh .i. rí Laighean. V. Na trí Ruadhchind (-cind, MS.): Má tá go n-abairthear annso gur dhe Laighnibh iad so, tá sé thíos fós i leabhar eile gur dhe Mhuimhneachaibh iad. Lughaid .i. Lughaidh Riabhndeasg, rí Éireann 'sa bhl. 34 A.C. Conaire .i. Conaire Mór, rí Éireann 's bhl. 109 A.C. Buidhean díbhfeargach (nó ceatharnach coilleadh) do mharbh é ar Bhóthar na bruighne le Baile Átha Cliath aniar a ndeas, acht ní abairthear i m“Bruighin Da Derga” go raibh “na trí Ruaidhchinn” ortha. Conall .i. Conall Cearnach do fhan ag Oilill agus ag Meidhbh i ndeireadh a shaoghail. Bhí “na trí Ruaidh- chinn” ar fosdach ag Oilill nuair do mharbhadar Conall. VI. Cairpri .i. Cairpri Niafer, rí Éireann. I ndéidh ármhaigh Mhuirtheimhne do dícheannadh Cúchulainn ag Earc. VII. Oengus mac Nadfraich .i. céad duine 'san Mhumhain do ghabh baisdeadh ó Phádraig. Sossadh Cell: Tá an áit seo i bhfogus do leithghlinn, dar le hEoghan Ó Comhraidhe. VIII. Eithni Uathach .i. inghean Chríomhthainn ríogh Laighean, agus bean Aonghuis mhic Nadfraoich. IX. Ailill Molt .i. mac Dathi ríogh; do ghabh sé ríoghacht Éireann 'sa bhl. 458 A.D. Crimthan .i. Críomhthann rí Laighean do rug buaidh ar Ailill Mholt i gcath Ocha (ceaptar go raibh an áit seo 'san Mhidhe acht ní'l fios cruinn air). Do Chríomh- thann do rinneadh an dón so. X. Mar ra hadrad: Pádraig do tharngair cheithre bliadhna roimpi an bhuaidh do bhreith do Chíomhthann. Eoghan Ó Comhraidh do chuir i n-eagar an dán so i dtosach, acht an leabhar i bhfuil sé ann tá sé an-tearc. Athchomaireacht a thagartha-san mo thagra-sa, acht amháin gur i nGaillbhéarla do sgíobh seisean. Ná meastar go gcreidim an uile rud dá bhfuil thíos agam ann. Abram fós, Tomás Ó. Ruiséal, duine uasal de Laighnibh thug grádh mór do “Leabhar Laighean,” gur iarr seisean d'athchuinge orainn an dán so do chur 'san Irisleabhar. Mac Tíre.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services