Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Crosánacht ó Fhilidh de Laighnibh.

Title
Filidheacht. Crosánacht ó Fhilidh de Laighnibh.
Author(s)
Mac Lugair, Dubhthach,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CROSÁNACHT Ó FHILIDH DE LAIGHNIBH.



Sliocht “Leabhair Laighean.”



Dubthach Mac Lugair cct.



I.
Andsu immarbáig ri Laignib,
Láthur ferda;
Labraid Longsech romarb Chobthach
I Tuaim Tenba.



II.
Eochu Censelach mac Énnai
Ba rí rathach;
Ar nhgeimled gíall, marbastar
Niall mac Echach.



III.
Is cid Nuadu Necht mac Setnai —
Saer a bunad — ,
Romanarb Etarscél mac Eogain,
Ardríg Muman.



IV.
Is cid Fergus mac Róig di Ultaib
Na nhgus nhgalmar,
Ailill mac Rosa Ruaid
Fuair dá marbhad.



V.
Na trí Ruadchind ba di Lagnib —
Laechda in crobang;
Marbsat Lugaid ocus Conaire
Ocus Conall.



VI.
Erc mac Cairpri, clothrí hErend,
Cona thuraind —
Tend in barfhind — bentais a chend
De Choinchulaind.



VII.
Cid mac Nadfraich, Oengus Muman,
Cona fhairind,
Ic Sossadh Chell barfhácaibh
A chend la [h]Ailill.



VIII.
Dorochar and Eithni Uathach -
Ainm dar treba;
Gráin co nhgarge bá do lagnib,
Cairpri mac Dega.



IX.
Cid Ailill Molt co cath Ocha
Ba rí rathach;
Co trichait chét dosrat i n-éc
Crimthan cathach.



X.
Torchratar sund uaisle hÉrend,
Mar ra hadrad;
Isé a ndíl, cen dímblad
Na ríg raglan.



Andsu.



A chur so i Nua-Ghaedhilg, focal ar fhocal mar is
fearr do féadadh, annso síos:



I. Is doiligh iomarbhaidh (.i. dréim, troid) re Laighnibh,
láthar (.i. neart, tréan) feardha; labhraidh Loingseach
do mharbh Cobhthach i dTuaim Teanbha.



II. Eocha Cinnsealach mac Énna ba rí rathmhar; ar
ngeimhleadh (.i. gceangal) giall [do Niall], do mharbh
[Eocha] Niall mac Eachach.



III. Is fós Nuadha Neacht mac Séadna - saor (.i.
uasal) a bhunadh - do mharbh [sé] Eidirsgeól mac
Eoghain, airdrí Mumhan.



IV. Is fós Fearghus mac Róigh de Ultaibh na ngníomh
ngalach, Oilill mac Rosa Ruaidh fuair dá mharbhadh [é].



V. Ba de Laighnibh na trí Ruaidhchin - laochda an
triopall; do mharbhadar Lughaidh agus Conaire agus
Conall.



VI. Earc mac Cairbre, rí clúiteach Éireann, go
(.i. i n-éinfheacht le) n-a shluagh - teann an ceinnfhionn -
do bhuain a cheann de Choinchulainn.



VII. Fós mac Nadfroaich, Aonghus Mumhan, go n-a
fhuirinn, ag Sosodh Cheall do fhágaibh a cheann le hOilill.



VIII. Do thuit ann Eithne Uatha - ainm thar treabh-
abh; gráin ba gharg ba do Laighnibh, Cairbre mac
Deagha.



IX. Fós Oilill Molt go cath Ocha ba rí rathmhar;


L. 450


thug Críomhthann cathach i n-éag é (.i. do mharbh C. C. é)
mar aon le triochaid chéad.



X. Do thuiteadar uaisle Éireann annso, mar do
tairngireadh; is é a ndíol (.i. a n-aoide), gan aithisiu-
ghadh na ríogh ro-ghlan. Is doiligh.



TAGRA.
I. Andsu, &c.: Is fíor do Dhubhthach; ní raibh aon
dream eile i n-Éirinn comh tréan, comh calma, comh
galach le Laighnibh, an fhaid do bhíodar Gaedhealach; is
iocht liom iad anois fá dhuibh-cheó dhorcha dhaor-throm
Galldachta do bhuain a meisneach agus a meanma dhíobh.



Labhraidh Loingseach: Do mharbh sé seo Cobhthach
Caoilbhreagh, airdrí Éireann, ar chor gur ghabh sé féin
ríoghacht Éireann 'sa bhl. 541 A.C. i Laighnibh do rugadh
é. Is ionann Tuaim Tenba, dar le hEoghan Ó Comhraidhe,
agus Dinn Ríg, áit atá i mBaile an chnocáin le
Droichead Leithghlinne a ndeas, fá cheathramhain mhíle de.



II. Eochu Censelach .i. Eocha mac Énna Cinnsealaigh
do bhí 'na rígh ar Laighnibh. Ar dteacht do Niall Naoi-
ghiallach i bhflaitheas Éireann 's bhl. 378 A.D., do ghabh
se Eocha mar ghiall. Do rug Eocha as an uair is déi-
dheanaighe do chuaidh Niall fá mhóir-thír na hEorpa. Do
lean Eocha fá phúicín é gur mharbh sé thar abhainn Loire
le saighead é 'sa bh. 405 A.D.



III. Nuadu Necht .i. mac Sétna Sithbaic, ríogh
Laighean. Do mharbh sé Etarsgél airdrí i n-Áilinn (.i.
Cnoc Áilinne indiu atá i ngar do Chill Chuilinn) 'sa
bhl. 110 A.C., agus do ghabh sé féin an ríoghacht.



IV. Ros Ruadh .i. rí Laighean.



V. Na trí Ruadhchind (-cind, MS.): Má tá go
n-abairthear annso gur dhe Laighnibh iad so, tá sé thíos
fós i leabhar eile gur dhe Mhuimhneachaibh iad.



Lughaid .i. Lughaidh Riabhndeasg, rí Éireann 'sa bhl.
34 A.C.



Conaire .i. Conaire Mór, rí Éireann 's bhl. 109 A.C.
Buidhean díbhfeargach (nó ceatharnach coilleadh) do
mharbh é ar Bhóthar na bruighne le Baile Átha Cliath aniar
a ndeas, acht ní abairthear i m“Bruighin Da Derga”
go raibh “na trí Ruaidhchinn” ortha.



Conall .i. Conall Cearnach do fhan ag Oilill agus
ag Meidhbh i ndeireadh a shaoghail. Bhí “na trí Ruaidh-
chinn” ar fosdach ag Oilill nuair do mharbhadar Conall.



VI. Cairpri .i. Cairpri Niafer, rí Éireann. I ndéidh
ármhaigh Mhuirtheimhne do dícheannadh Cúchulainn ag Earc.



VII. Oengus mac Nadfraich .i. céad duine 'san
Mhumhain do ghabh baisdeadh ó Phádraig.



Sossadh Cell: Tá an áit seo i bhfogus do leithghlinn,
dar le hEoghan Ó Comhraidhe.



VIII. Eithni Uathach .i. inghean Chríomhthainn ríogh
Laighean, agus bean Aonghuis mhic Nadfraoich.



IX. Ailill Molt .i. mac Dathi ríogh; do ghabh sé
ríoghacht Éireann 'sa bhl. 458 A.D.



Crimthan .i. Críomhthann rí Laighean do rug buaidh
ar Ailill Mholt i gcath Ocha (ceaptar go raibh an áit
seo 'san Mhidhe acht ní'l fios cruinn air). Do Chríomh-
thann do rinneadh an dón so.



X. Mar ra hadrad: Pádraig do tharngair cheithre
bliadhna roimpi an bhuaidh do bhreith do Chíomhthann.



Eoghan Ó Comhraidh do chuir i n-eagar an dán so
i dtosach, acht an leabhar i bhfuil sé ann tá sé an-tearc.
Athchomaireacht a thagartha-san mo thagra-sa, acht amháin
gur i nGaillbhéarla do sgíobh seisean. Ná meastar
go gcreidim an uile rud dá bhfuil thíos agam ann.
Abram fós, Tomás Ó. Ruiséal, duine uasal de Laighnibh
thug grádh mór do “Leabhar Laighean,” gur iarr
seisean d'athchuinge orainn an dán so do chur 'san
Irisleabhar.



Mac Tíre.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services