Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Máire Mór.
Title
Máire Mór.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
An Niallach
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“MÁIRE MHÓR.” Seo abhrán a rinne “Neididh Máire” ar a mhnaoi, 'sí sin “Máire Mhór”. Ní i ngeall ar a máthair, a léir mar shílfead duine, a h-ainmnigheadh é as Máire, ach' i ngeall ar a mhnaoi phósta. Budh as na Rosa Máire, agus is cosamhail nach rabh sí ró-ghnaoidheamhail, de bhrigh go mbidheadh Neididh i gcomhnaidhe a déanadh magaidh fúithe i dtaobh a cuid buidheacht'. Chuaidh Máire síos 'un a sean-chomair féin, aon uair amháin, ar cuairt, agus nuair a fuair Neididh ar shiubhal í, toisigheann sé agus déanann sé uirthi an t-abhrán greannmhar seo. Bhí go maith go dtainic “An Bhean Mhór” 'un a' bhaile. “Chualaidh mé,” ar sise, “go deárn tú abhrán orm.” “Mhoige! go deimhin féin rinne”; arsa Neididh. “Abair domh é;” arsa Máire. Abruigheann seision an t-abhrán go dtí an cheathramha dheiridh, agus fiafruigheann sé ann sin dithe-sa, goidé mar thaitin léithe. “Háth!” ar sise, “is mór a' t-íongnadh gur fhág tú 'mach a' bhuidhe.” Ann sin chuir Neididh leis ceathramha eile. Tugaim dhuit an t-abhrán mar fuair mé é ó mhuintir na “Leitreach” go h-áiride ó Mhicheál Ó Máille. Domhnall Ó Murchadha. MÁIRE MHÓR. Cé'r bh'íongnadh domh-sa a bheith sástaí, 'S mé a' tarraint thar sáile síos, Is mé a fuair a' gheallamhaint mhaith láidir Nach scapfaidhe go bráthach mo mhaoin; Níor bh'fhada gur imthigh na preátaidhe, 'S gur ghannuigh an grán 'sa tír, 'S nuair a theastuigh an mhin sheagail ar Mháire, Mo chasóg bheag bhreágh gur dhíol. A' gcluin tú mé, a Pheadair, tá an bás orm? Agus gléas a' beathach bán anois, Go bhfágaidh tú thall thar a' deán mé, Agus gheabhaidh mé an tsláinte ar ais;
Pronnaim an fheamnach 's a' leathach ort, Agus iomlán na háite alig, Agus ó 'ndiú go dtí lá mo bháis, Ní iarrfaidh mé páirc ná cnoc. Bheirim-sa míle altughadh do'n Áird-rígh, go bh-fuil teach ag mo pháistí féin, Fuair mise acú min agus preátaidhe Agus biotáilte a b'fheárr 'ná fíon; Feasta ní leanfad 'sa ród, An ainnir a chrádhuigh mo chroidhe, 'S go síntear mé i gcómhnar clárthaí, Ní háil iom a másaí buidhe. Dá bhfuighinn-se casóg is bróga, D'éireochainn óg gan mhoill, 'Gus rachainn-se soir go Gleann Dómhain, An áit a bhfuil mórán ban, Thoghfainn-se cailín deas óg, A shiubhailfeadh an ród go deas, 'S má théidhim-sa go Baile-na-mór, Ní fheicfidh an bhean mhór mé ar ais. Nach brónach a chaithim a' Dómhnach, Agus codladh ní fhághaim 'san oidh'e, A' smuaintiughadh ar ghach cuideachta ró- bhréagh, A bhí agam i dtús mo shaoghail; Má thig sé 'sa chasán go deoidh Go mbéidh agam cró ná teach, B'fheárr liom ná leis na mná móra, Cáilín Ghleann' Dómhain 's na bath. Aithnighim nach bhfuil Máire Mhór sástaí Fá n-a luirgní ghránna dhubh', Mar dtugaidh mé liom í 'un na ceárdcha, Go mbainim di páráil mhaith; 'S dá dtiubharfainn-se liom í 'un na Spáinne, 'Ionns' ar a' tsaor is feárr a tá ann sin, 's é déarfadh fríd chómhrádh go sáimh liom, “Ní féidir a páráil geal.” [Fuaramar le goirid an litir agus beirtín amhrán ar a raibh “Máire Mhór” so thuas ó'n Niallach. Ní meas dúinn gur chuirea- mar ró-mhoill ar chuid ádhbhair chló an Athar Domhnall. Is mór is ionmholta fá n-a chuid saothair é ar aon chuma. — F. an I.].
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services