Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Máire Mór.

Title
Máire Mór.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
An Niallach
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

“MÁIRE MHÓR.”



Seo abhrán a rinne “Neididh Máire” ar
a mhnaoi, 'sí sin “Máire Mhór”. Ní i
ngeall ar a máthair, a léir mar shílfead
duine, a h-ainmnigheadh é as Máire, ach' i
ngeall ar a mhnaoi phósta. Budh as na
Rosa Máire, agus is cosamhail nach rabh sí
ró-ghnaoidheamhail, de bhrigh go mbidheadh
Neididh i gcomhnaidhe a déanadh magaidh
fúithe i dtaobh a cuid buidheacht'. Chuaidh
Máire síos 'un a sean-chomair féin, aon
uair amháin, ar cuairt, agus nuair a fuair
Neididh ar shiubhal í, toisigheann sé agus
déanann sé uirthi an t-abhrán greannmhar
seo. Bhí go maith go dtainic “An Bhean
Mhór” 'un a' bhaile. “Chualaidh mé,” ar
sise, “go deárn tú abhrán orm.” “Mhoige!
go deimhin féin rinne”; arsa Neididh.
“Abair domh é;” arsa Máire. Abruigheann
seision an t-abhrán go dtí an cheathramha
dheiridh, agus fiafruigheann sé ann sin
dithe-sa, goidé mar thaitin léithe. “Háth!”
ar sise, “is mór a' t-íongnadh gur fhág tú
'mach a' bhuidhe.” Ann sin chuir Neididh leis
ceathramha eile. Tugaim dhuit an t-abhrán
mar fuair mé é ó mhuintir na “Leitreach”
go h-áiride ó Mhicheál Ó Máille.



Domhnall Ó Murchadha.



MÁIRE MHÓR.



Cé'r bh'íongnadh domh-sa a bheith sástaí,
'S mé a' tarraint thar sáile síos,
Is mé a fuair a' gheallamhaint mhaith láidir
Nach scapfaidhe go bráthach mo mhaoin;
Níor bh'fhada gur imthigh na preátaidhe,
'S gur ghannuigh an grán 'sa tír,
'S nuair a theastuigh an mhin sheagail ar
Mháire,
Mo chasóg bheag bhreágh gur dhíol.



A' gcluin tú mé, a Pheadair, tá an bás orm?
Agus gléas a' beathach bán anois,
Go bhfágaidh tú thall thar a' deán mé,
Agus gheabhaidh mé an tsláinte ar ais;


L. 61


Pronnaim an fheamnach 's a' leathach ort,
Agus iomlán na háite alig,
Agus ó 'ndiú go dtí lá mo bháis,
Ní iarrfaidh mé páirc ná cnoc.



Bheirim-sa míle altughadh do'n Áird-rígh,
go bh-fuil teach ag mo pháistí féin,
Fuair mise acú min agus preátaidhe
Agus biotáilte a b'fheárr 'ná fíon;
Feasta ní leanfad 'sa ród,
An ainnir a chrádhuigh mo chroidhe,
'S go síntear mé i gcómhnar clárthaí,
Ní háil iom a másaí buidhe.



Dá bhfuighinn-se casóg is bróga,
D'éireochainn óg gan mhoill,
'Gus rachainn-se soir go Gleann Dómhain,
An áit a bhfuil mórán ban,
Thoghfainn-se cailín deas óg,
A shiubhailfeadh an ród go deas,
'S má théidhim-sa go Baile-na-mór,
Ní fheicfidh an bhean mhór mé ar ais.



Nach brónach a chaithim a' Dómhnach,
Agus codladh ní fhághaim 'san oidh'e,
A' smuaintiughadh ar ghach cuideachta ró-
bhréagh,
A bhí agam i dtús mo shaoghail;
Má thig sé 'sa chasán go deoidh
Go mbéidh agam cró ná teach,
B'fheárr liom ná leis na mná móra,
Cáilín Ghleann' Dómhain 's na bath.



Aithnighim nach bhfuil Máire Mhór sástaí
Fá n-a luirgní ghránna dhubh',
Mar dtugaidh mé liom í 'un na ceárdcha,
Go mbainim di páráil mhaith;
'S dá dtiubharfainn-se liom í 'un na
Spáinne,
'Ionns' ar a' tsaor is feárr a tá ann sin,
's é déarfadh fríd chómhrádh go sáimh liom,
“Ní féidir a páráil geal.”



[Fuaramar le goirid an litir agus beirtín
amhrán ar a raibh “Máire Mhór” so thuas
ó'n Niallach. Ní meas dúinn gur chuirea-
mar ró-mhoill ar chuid ádhbhair chló an Athar
Domhnall. Is mór is ionmholta fá n-a chuid
saothair é ar aon chuma. — F. an I.].



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services