Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Eibhlín a Rúin.
Title
Filidheacht. Eibhlín a Rúin.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EIBHLÍN A RÚIN. Ag so an sean-abhrán “Eibhlín a rúin,” mar atá sé ag na Gaedilgeóiribh i dTuadh-Mhumhain. Tá sé sgríobhtha síos ó bhéal-aithris Gaedhilgeóra mhaith gan atharrughadh focail agus nuair chuirthear i gcoimhmheas leis an gcóib do cuireadh i gcló ag Ua hArgadáin chífear dhá rann ann nach bhfuil san gcóib chlóbhuailte agus difrigheact éigin idir líntibh annso agus annsúd. Tá an rann céadna i ndeireadh an dá chóib. Do sheólfainn féin na gamhna leat, A Eibhlín a rúin; Do sheólfainn féin na gamhna leat, A Eibhlín a rúin; Do sheólfainn féin na gamhna leat, Amach fé(s) na gleanntaibh leat, D'fhonn ag dul i gcleamhnas leat, A Eibhlín a rúin. Do raghainn-se go dtí an aonach leat, A Eibhlín a rúin; Do raghainn-se go dtí an aonach leat, A Eibhlín a rúin; Do raghainn-se go dtí an aonach leat, Is do tiochfainn abhaile i n-éinfheacht leat, D'fhonn go mbeinn im' aonar leat, A Eibhlín a rúin. Do ragainn-se thar sáile leat, A Eibhín a rúin; Do raghainn-se thar sáile leat, A Eibhín a rúin; Do raghainn-se thar sáile leat, I gcontabhairt mo bháidhte leat, D'fhonn me bheith páirteach leat, A Eibhlín a rúin. An dtiocfaidh tu nó'n bhfanfaidh tú, A Eibhlín a rúin; An dtiocfaidh tu nó'n bhfanfaidh tú, A Eibhlín a rúin; Tiocfaidh me a's ní fhanfaidh me; Sáthuigh romham is leanfad tu; Grád lem' chroidhe a gan fhios tu, A Eibhlín a rúin. Ceud míle fáilte romhat, A Eibhlín a rúin; Ceud míle fáilte romhat, A Eibhlín a rúin; Ceud míle fáilte romhat! Fáilte agus fiche romhat, A Eibhlín a rúin. Tuadh-Mhumha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services