EIBHLÍN A RÚIN.
Ag so an sean-abhrán “Eibhlín a rúin,” mar atá
sé ag na Gaedilgeóiribh i dTuadh-Mhumhain. Tá sé
sgríobhtha síos ó bhéal-aithris Gaedhilgeóra mhaith gan
atharrughadh focail agus nuair chuirthear i gcoimhmheas
leis an gcóib do cuireadh i gcló ag Ua hArgadáin
chífear dhá rann ann nach bhfuil san gcóib chlóbhuailte
agus difrigheact éigin idir líntibh annso agus annsúd. Tá
an rann céadna i ndeireadh an dá chóib.
Do sheólfainn féin na gamhna
leat,
A Eibhlín a rúin;
Do sheólfainn féin na gamhna
leat,
A Eibhlín a rúin;
Do sheólfainn féin na gamhna leat,
Amach fé(s) na gleanntaibh leat,
D'fhonn ag dul i gcleamhnas leat,
A Eibhlín a rúin.
Do raghainn-se go dtí an aonach leat,
A Eibhlín a rúin;
Do raghainn-se go dtí an aonach leat,
A Eibhlín a rúin;
Do raghainn-se go dtí an aonach leat,
Is do tiochfainn abhaile i n-éinfheacht leat,
D'fhonn go mbeinn im' aonar leat,
A Eibhlín a rúin.
Do ragainn-se thar sáile leat,
A Eibhín a rúin;
Do raghainn-se thar sáile leat,
A Eibhín a rúin;
Do raghainn-se thar sáile leat,
I gcontabhairt mo bháidhte leat,
D'fhonn me bheith páirteach leat,
A Eibhlín a rúin.
An dtiocfaidh tu nó'n bhfanfaidh tú,
A Eibhlín a rúin;
An dtiocfaidh tu nó'n bhfanfaidh tú,
A Eibhlín a rúin;
Tiocfaidh me a's ní fhanfaidh me;
Sáthuigh romham is leanfad tu;
Grád lem' chroidhe a gan fhios tu,
A Eibhlín a rúin.
Ceud míle fáilte romhat,
A Eibhlín a rúin;
Ceud míle fáilte romhat,
A Eibhlín a rúin;
Ceud míle fáilte romhat!
Fáilte agus fiche romhat,
A Eibhlín a rúin.
Tuadh-Mhumha.