Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caint Sgurtha - Amhrán an tSean-chapaill.
Title
Caint Sgurtha - Amhrán an tSean-chapaill.
Author(s)
Bhailis, Séamus,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHRÁN AN TSEAN-CHAPAILL. Is fada moill ar an ádhbhar so. An tAthair Domhnall Ó Murchadha do rugadh agus do tógadh i dTír Chonaill, 'n-ár mbaramhail, agus atá anois 'n-a chomhnaidhe i bhPhiladelphia, is é do chuir litir chugainne i lár an fhoghmhair seo atá thorainn ag cur tuairisge agus tóra an tSean- chapaill .i. sean-chapaill Thuathail Uí Ghallchobhair ar Mhac Tíre, cibé ar bith é féin. Is amhlaidh do thomhais an sagart maith úd an duine seo dá fhághail ón té do chum. Maiseadh, nach ceart do thomhais! Ní hé amháin gur chuir an Mac Tíre seo a lorg ag fear an amhráin féin (beannacht Dé le n-a anam), acht is ar dhá chuma fuair sé é, mar do chuir sé síos fós i nDún na nGall é ó bhéal-aithris Bhrighde Ní Bhaoighill, agus dar an leabhar ní har an-dhóigh do bhí sé ag Brighid, siúd agus nach í féin an file. Chuir an tAthair Domhnall chugainn dá chóib eile de'n amhrán do chuir sé féin síos insan Oileán Úr, ceann aca ó bhéal-aithris Bhrighde Ní Ghallchobhair (as an nGlaisigh dí seo), agus an ceann eile gan ainm ar bith fa n-a bhun. Chuireamar na ceithre cóibeanna so i gcoimhmheas le n-a chéile go ceart cruinn, acht furmhór a dtáinig as béal an fhileadh féin do ghabháil do roghain, nídh nach iongnadh. Truagh nár fheadamar so do dhéanamh 'san uile chás mar badh cheart agus badh chóir. Acht tá an oiread soin do theacht le chéile ag na trí cóibeannaibh eile .i. an dá chóib do tháinig anall ó'n Oileán Úr agus an chuma ar a raibh sé ag Bríghid Ní Bhaoighill, gur smuaineamar ar an seanfhocal so “tá fáth le gach nídh,” agus seo an fáth, dar linne, mar tá dhá aithris nó athrughadh, leagan nó léigheadh ar an amhrán anois seach mar bhí i dtosach .i. fuighleach na sean-chuma do chuir Séamus Bhailis air, 'gá dhéanamh dó tuairim is dá fhichid bliadhan ó shoin, agus ath-chuma nó ath-dhóigh do chuir sé uaidh féin air ó shoin. 'Na theannta sain, do conncas dúinn nachar mhisde an t-amhrán gabháil le beagán d'fhoclughadh Bhrighde Ní Bhaoighill, ó's ar fheabhas do bhí sé aici (dar ndóigh, shaoil sise gurab é Peadar Bhailis do rinne, agus ní leigfeadh linn Séamus dá dhéanamh), agus go mór-mhór ó d'airigheamar a mhionca bhíodh an file féin ag cur athruighthe uaidh féin annsúd agus annso ann gan fáth, 'gá rádh dhó, agus gan do leithsgéal aige chuige acht gur “rud amháin iad”. 'Na dhiaidh sin agus uile, níor chuireamar aon athrughadh ann nach raibh a ghnaitheach againn, dar linn, agus cipé háit ar sgaramar leis na foclaibh úd do tháinig as béal Shéamais féin, nár chuireamar síos iad in-sna nótaidhibh, ar dhóigh go bhféadfaidhe ár gceartughadh-ne? Níor iarramar acht fír-dheise focal, glaine gléasta agus maise méadaireachta agus do leanamar dóibh ar ár ndícheall. Is ó Bhrighid Ní Bhaoighill fós fuaramar sgéal an tsean-chapaill nó “ughdar an cheoil” mar do bhéar- faidhe air i dTír Chonaill. Tá sé 'n-ár ndiaidh agus é innste do nós ceisteacháin. Níor fhéadamar a mhalairt de chlódh do chur air, ó's ar éigin do fuaramar é bhuaint aiste ag cur na gceisteann as tóin a chéile uirre, agus dá gcuirimís ar ath-chlódh é, dob' éigin dúinn ní badh mhó d'athrughadh do chur ann 'ná mar do thait- neochadh linn. Is feárr linn, mar sin, focail an sgéil do chur síos go díreach fá mar do thángadar as a béal agus tuairim do thabhairt fá n-ár gceistean- naibh féin do ghríosuigh iad. Creidimíd, na daoine seo luaidhtear in-san amhrán, go bhfuil siad uile nó a bhfurmhór beo go fóill. Nach ró-chuimhin linn ar chuma ar bith a chloistin ó'n iomad daoine Tuathal Ó Gallchobhair do bheith 'na bheathaidh an tráth bhíomair-ne i nGleann Fhinne? ÁDHBHAR AN CHEÓIL DO RÉIR CHEISTE AGUS FREAGARTHA. C. Cá bhfuil ughdar an cheóil? Innis domh sgéal an tsean-chapaill seo. F. Bhí an capall seo ag Tuathal Ó Gallchobhair i gCró-na-duine nuair a bhí sí óg agus maith, agus annsin a dhíol sé le fear a dheirbhsheathar í ar an Ghlaisigh. B'é sin John Campbell [.i. Seaghán MhacCailín nó Caimbéal]. Bhí seisean bocht agus ní raibh aige acht sean-teach a raibh an sruth an uile bhealach ann agus nár choinnigh a'n dheór amuigh. Choinnigh John annsin í gur chuir sé suas teach úr. “Tharraing sí soic agus málaidhe, clocha agus ádhmad tighe.” Threabh sí an talamh annsin — threabh agus d'fhuirs. Bhí sí ag Campbell go raibh an talamh treabhte fuirste, agus ní raibh mórán oibre aige annsin do'n chapall le deánamh agus níor thug sé greim bídh dí. Bhí sí gan mórán bríghe 'sa' deireadh. Ní raibh sí i n-innmhe obair a dhéanamh, agus annsin a chuir sé raffle uirrí. Bhuain an Mhaol í agus thug sé leis í. C. Cér bh'é an Mhaol? F. Tá Paidí Netchy, fear a bhí 'na chomhnaidhe ar an Ghlaisigh. C. Raibh ainm eile ar Phaidí Netchy? F. Bhí Paidí Mac Meanman. C. Goidé d'éirigh do'n chapall annsin? F. Bhuain Campbell na cruidhtheacha do'n chapall leis an tsean-spáid roimh an chéad raffle. Bhí an píobaire agus Nickey (nó Nicidh) 'sa' teach nuair a bhí an chéad raffle ann (Bhí Feargal Tincléir an píobaire i gcomh- naidhe ar lóistín i dtigh Champbell). C. An ionann Nickey agus Netchy? F. Is eanann. C. Cér bh'é Nickey? F. Tá dearbhráthair do'n Mhaoil. C. Raibh ainm eile air? F. Bhí Micheál Netchy. C. B'fhéidir go raibh an tríomhadh hainm air. Cér díobh é? F. Do na Naitseanaigh é. Micheál Mac Meanman ainm eile a bhí air. C. Cá bhfuil an sgéal anois? Dubhairt tú gur bhuain Paidí Mac Meanman an capall. F. Dubhairt. Bhuain Paidí Netchy í agus lá h-ar n-a bhárach chuir sé raffle eile uirrí agus bhuain cailín as Druim an eidhnigh a bhí ar fosdach ag Paidí Ward í (tá Druim an eidhnigh taobh thíos do Ghleann Léichín). Bhí dórnán as an Ghlaisigh ag an dara raffle — do na Breisleanaigh agus do Mhuintir Mhic Mheanman agus do na Naitseanaigh iad fhéin. C. Cia hé Paidí De Bhárd? F. Tá sean-Phaidí Ward a bhí 'na chomhnaidhe ar an chionn thiar do'n Ghlaisigh is aige-san bhí an cailín ar fosdach. Bhí John Sheagháin Bháin [Mhic Mheanman] ar an Ghlaisigh taobh thiar de Phaidí Ward. Bhí na trí tighthe i ndiaidh a chéile .i. tighthe Phaidí Ward, John Sheagháin Bháin agus Paidí Natchy. C. Dubhairt tú gur bhuain cailín as Druim an eidhnigh an capall. Cá ndeacha sé annsin? F. Bhí an t-am istigh ag an chailín aimsire agus chuaidh sí a bhaile go Druim an eidhnigh. B'éigean di duine innteacht 'fhághail leis an chapall a thabhairt a bhaile agus chuaidh Paidí óg Ward agus John Sheagháin Bháin léithi leis an chapall go Druim an eidhnigh. Chuir sise raffle eile
uirrí i nDruim an eidhnigh agus bhuain fear as Burndale ar an taobh eile do'n tsliabh í, agus annsin a bhí sí nuair a rinneadh an t-amhrán dí. (MacDade do bhí mar shloinneadh ar an bhfear so i mBéarla).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services