Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Sgurtha - Amhrán an tSean-chapaill.

Title
Caint Sgurtha - Amhrán an tSean-chapaill.
Author(s)
Bhailis, Séamus,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AMHRÁN AN TSEAN-CHAPAILL.



Is fada moill ar an ádhbhar so. An tAthair
Domhnall Ó Murchadha do rugadh agus do
tógadh i dTír Chonaill, 'n-ár mbaramhail, agus
atá anois 'n-a chomhnaidhe i bhPhiladelphia, is
é do chuir litir chugainne i lár an fhoghmhair
seo atá thorainn ag cur tuairisge agus tóra an tSean-
chapaill .i. sean-chapaill Thuathail Uí Ghallchobhair ar
Mhac Tíre, cibé ar bith é féin. Is amhlaidh do thomhais
an sagart maith úd an duine seo dá fhághail ón té do
chum. Maiseadh, nach ceart do thomhais! Ní hé amháin
gur chuir an Mac Tíre seo a lorg ag fear an
amhráin féin (beannacht Dé le n-a anam), acht is ar dhá
chuma fuair sé é, mar do chuir sé síos fós i nDún na
nGall é ó bhéal-aithris Bhrighde Ní Bhaoighill, agus dar an
leabhar ní har an-dhóigh do bhí sé ag Brighid, siúd agus
nach í féin an file. Chuir an tAthair Domhnall chugainn
dá chóib eile de'n amhrán do chuir sé féin síos
insan Oileán Úr, ceann aca ó bhéal-aithris Bhrighde Ní
Ghallchobhair (as an nGlaisigh dí seo), agus an ceann eile
gan ainm ar bith fa n-a bhun.



Chuireamar na ceithre cóibeanna so i gcoimhmheas le
n-a chéile go ceart cruinn, acht furmhór a dtáinig as
béal an fhileadh féin do ghabháil do roghain, nídh nach
iongnadh. Truagh nár fheadamar so do dhéanamh 'san
uile chás mar badh cheart agus badh chóir. Acht tá an
oiread soin do theacht le chéile ag na trí cóibeannaibh
eile .i. an dá chóib do tháinig anall ó'n Oileán Úr agus
an chuma ar a raibh sé ag Bríghid Ní Bhaoighill, gur
smuaineamar ar an seanfhocal so “tá fáth le gach
nídh,” agus seo an fáth, dar linne, mar tá dhá aithris nó
athrughadh, leagan nó léigheadh ar an amhrán anois seach
mar bhí i dtosach .i. fuighleach na sean-chuma do chuir
Séamus Bhailis air, 'gá dhéanamh dó tuairim is
dá fhichid bliadhan ó shoin, agus ath-chuma nó ath-dhóigh do chuir
sé uaidh féin air ó shoin. 'Na theannta sain, do conncas
dúinn nachar mhisde an t-amhrán gabháil le beagán
d'fhoclughadh Bhrighde Ní Bhaoighill, ó's ar fheabhas do bhí
sé aici (dar ndóigh, shaoil sise gurab é Peadar
Bhailis do rinne, agus ní leigfeadh linn Séamus dá
dhéanamh), agus go mór-mhór ó d'airigheamar a mhionca bhíodh
an file féin ag cur athruighthe uaidh féin annsúd agus
annso ann gan fáth, 'gá rádh dhó, agus gan do leithsgéal
aige chuige acht gur “rud amháin iad”.



'Na dhiaidh sin agus uile, níor chuireamar aon athrughadh
ann nach raibh a ghnaitheach againn, dar linn, agus cipé
háit ar sgaramar leis na foclaibh úd do tháinig as
béal Shéamais féin, nár chuireamar síos iad in-sna
nótaidhibh, ar dhóigh go bhféadfaidhe ár gceartughadh-ne?
Níor iarramar acht fír-dheise focal, glaine gléasta agus
maise méadaireachta agus do leanamar dóibh ar ár
ndícheall.



Is ó Bhrighid Ní Bhaoighill fós fuaramar sgéal an
tsean-chapaill nó “ughdar an cheoil” mar do bhéar-
faidhe air i dTír Chonaill. Tá sé 'n-ár ndiaidh agus é
innste do nós ceisteacháin. Níor fhéadamar a mhalairt
de chlódh do chur air, ó's ar éigin do fuaramar é
bhuaint aiste ag cur na gceisteann as tóin a chéile
uirre, agus dá gcuirimís ar ath-chlódh é, dob' éigin dúinn
ní badh mhó d'athrughadh do chur ann 'ná mar do thait-
neochadh linn. Is feárr linn, mar sin, focail an
sgéil do chur síos go díreach fá mar do thángadar
as a béal agus tuairim do thabhairt fá n-ár gceistean-
naibh féin do ghríosuigh iad.



Creidimíd, na daoine seo luaidhtear in-san amhrán,
go bhfuil siad uile nó a bhfurmhór beo go fóill. Nach
ró-chuimhin linn ar chuma ar bith a chloistin ó'n iomad
daoine Tuathal Ó Gallchobhair do bheith 'na bheathaidh an
tráth bhíomair-ne i nGleann Fhinne?



ÁDHBHAR AN CHEÓIL DO RÉIR CHEISTE AGUS FREAGARTHA.



C. Cá bhfuil ughdar an cheóil? Innis domh sgéal an
tsean-chapaill seo.



F. Bhí an capall seo ag Tuathal Ó Gallchobhair i
gCró-na-duine nuair a bhí sí óg agus maith, agus annsin a dhíol
sé le fear a dheirbhsheathar í ar an Ghlaisigh. B'é sin John
Campbell [.i. Seaghán MhacCailín nó Caimbéal]. Bhí
seisean bocht agus ní raibh aige acht sean-teach a raibh an
sruth an uile bhealach ann agus nár choinnigh a'n dheór
amuigh. Choinnigh John annsin í gur chuir sé suas teach
úr. “Tharraing sí soic agus málaidhe, clocha agus ádhmad
tighe.” Threabh sí an talamh annsin — threabh agus d'fhuirs.
Bhí sí ag Campbell go raibh an talamh treabhte fuirste,
agus ní raibh mórán oibre aige annsin do'n chapall le
deánamh agus níor thug sé greim bídh dí. Bhí sí gan mórán
bríghe 'sa' deireadh. Ní raibh sí i n-innmhe obair a
dhéanamh, agus annsin a chuir sé raffle uirrí. Bhuain an
Mhaol í agus thug sé leis í.



C. Cér bh'é an Mhaol?



F. Tá Paidí Netchy, fear a bhí 'na chomhnaidhe ar an
Ghlaisigh.



C. Raibh ainm eile ar Phaidí Netchy?



F. Bhí Paidí Mac Meanman.



C. Goidé d'éirigh do'n chapall annsin?



F. Bhuain Campbell na cruidhtheacha do'n chapall leis
an tsean-spáid roimh an chéad raffle. Bhí an píobaire
agus Nickey (nó Nicidh) 'sa' teach nuair a bhí an chéad
raffle ann (Bhí Feargal Tincléir an píobaire i gcomh-
naidhe ar lóistín i dtigh Champbell).



C. An ionann Nickey agus Netchy?



F. Is eanann.



C. Cér bh'é Nickey?



F. Tá dearbhráthair do'n Mhaoil.



C. Raibh ainm eile air?



F. Bhí Micheál Netchy.



C. B'fhéidir go raibh an tríomhadh hainm air. Cér
díobh é?



F. Do na Naitseanaigh é. Micheál Mac Meanman
ainm eile a bhí air.



C. Cá bhfuil an sgéal anois? Dubhairt tú gur
bhuain Paidí Mac Meanman an capall.



F. Dubhairt. Bhuain Paidí Netchy í agus lá h-ar n-a
bhárach chuir sé raffle eile uirrí agus bhuain cailín as Druim
an eidhnigh a bhí ar fosdach ag Paidí Ward í (tá Druim
an eidhnigh taobh thíos do Ghleann Léichín). Bhí dórnán
as an Ghlaisigh ag an dara raffle — do na Breisleanaigh
agus do Mhuintir Mhic Mheanman agus do na Naitseanaigh
iad fhéin.



C. Cia hé Paidí De Bhárd?



F. Tá sean-Phaidí Ward a bhí 'na chomhnaidhe ar an
chionn thiar do'n Ghlaisigh is aige-san bhí an cailín ar
fosdach. Bhí John Sheagháin Bháin [Mhic Mheanman] ar
an Ghlaisigh taobh thiar de Phaidí Ward. Bhí na trí
tighthe i ndiaidh a chéile .i. tighthe Phaidí Ward, John
Sheagháin Bháin agus Paidí Natchy.



C. Dubhairt tú gur bhuain cailín as Druim an
eidhnigh an capall. Cá ndeacha sé annsin?



F. Bhí an t-am istigh ag an chailín aimsire agus chuaidh
sí a bhaile go Druim an eidhnigh. B'éigean di duine
innteacht 'fhághail leis an chapall a thabhairt a bhaile agus
chuaidh Paidí óg Ward agus John Sheagháin Bháin léithi leis
an chapall go Druim an eidhnigh. Chuir sise raffle eile


L. 11


uirrí i nDruim an eidhnigh agus bhuain fear as Burndale ar
an taobh eile do'n tsliabh í, agus annsin a bhí sí nuair a
rinneadh an t-amhrán dí. (MacDade do bhí mar
shloinneadh ar an bhfear so i mBéarla).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services