Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Tá trácht mór i nÉirinn le tamall ar aondacht agus síothcháin imeasg na bhFeisiri, agus déarfadh duine gur mhithid dóibh an toirmeasg do chaitheamh uatha feasda. "Ní théidheann rogha ó'n reidhteach," adeir an sean- fhocal. Beidh an Sasanach ag déanamh cosa caorach agus uan dhinn an fhaid bhéimíd féin ag imirt ar a chéile. Ní mór an gnó atá ar siubhal i bFeis na Sacsan an aimsir seo, acht an fear thall ag tabhairt a bhillí féin isteach, agus ag moladh na milliún airgid d'á ghléas chogaidh. "Tá an gléas cogaidh agat-sa," adeir an tÉireannach, "acht caitfidh mise níos mó ná cion duine d'íoc ar é choimeád suas." Is iomdha dílleacht agus páisde bocht gan charaid a tógadh isteach is na Sgoileannaibh Céirde ar fuaid na h-Éireann le tamall maith, agus a fuair beagán éigin léighinn agus ceárd a bheatha fé chúram na mban riaghalta agus na mbráthar. Is cosamhail go bhfuil síntiús éigin ag na sgoileannaibh so ó'n stát, agus dar ndóigh níor thaithin sin leis an Sacsanach. Órduigheadh do na guistísibh an lá fé dhéire gan aon pháisde leigint isteach feasda acht bhéadh i dtreó na h-eugcóra, nó ar tí droch-bhéirte éigin do dhéanamh. Is daonachtach é Seaghan Buidhe, acht ná béadh sé féin síos leis. Tá na Gaedhil Aontuighthe ar dul an aghaidh go maith i gConnachtaibh. Is ait an áit sin Cúige Connacht. Tá na mílte acra do'n talamh is breághdha sa domhan ag cothughadh stoic ó bhliadhain go bliadhain ann, agus na daoine bochta Gaedhealacha díbirthe go dtí an sliabh agus go dtí an bogach. Níor iompaigheadh an fód ar an dtalamh réidh le dá fhichid bliadhain. Agus ní bhfuil tabhairt an fhéir féin anois innte. Tá na Gaedhil Aontuighthe ag labhairt suas go dána i gcoinne lucht an feuranaigh do chur agus do ghlacadh, 'ghá rádh dá roinnfí an talamh réidh sin ar a comhthrom cíosa nár ghábhadh do chúig reanna an domhain bheith ag déanamh déirce ortha níos sia. Agus is cosamhail go bhfuil an ceart acu. Cruinnigheann na sluaighte i ngach áit a mbíonn feuránach le cur, agus b'éigean an conndáil do thabhairt suas i dhá áit an tseachtmhain seo tharainn. Is fada tá bóthar iarainn Phortláirge agus Luimnighe gan bheith ag dul i leas. Cinneadh cómhairle tamall ó shoin do'n Bhórd-stiúrtha agus do Bhórd an Bhealaigh Mhóir Theas, sé sin an bealach ó Bhaile Átha Cliath go Cúige Mumhan, gur mhaith na rud dóibh araon é dá mbeidís fé aon Bhórd stiúrtha amháin feasda. Budh mhaith an rud dóibh sin é gan amhras, acht deir na daoine lasmuigh gur maith dóibh féin dhá lucht iomchuir a bheith ag gearradh i gcoinne a chéile. Ní thaithnigheann cuibh- reann do'n tsaghas sain leo, agus tá siad ag rádh na choinne go láidir. Tá casaoid d'á dhéanamh le fada mar gheall ar na toicéadaí dearga curtar le fios ar an dochtúir. Na dochtúirí ag gearán go bhfuigheann saidhbhir agus daidhbhir na toicéadaí sin, agus daoine eile 'ghá rádh go gcaith- fidís déanamh gan dochtúireacht nó iad féin do sgrios muna mbeadh an cómhartha dearg le fagháil acu. Go deimhin is ait an sgeul é go gcaithfidh an fear tuaithe comhartha an bhochtáin do bheith aige nó na puinnt reamh- ara le tabhairt do'n liaigh. Tá riaghalacha nuadha d'á dtabhairt amach i n-athchomaireacht - an cloichead dearg le bheith ag an duine bocht amháin, agus díoluigheacht do réir a mhaoine ar gach n-aon eile do dhochtúir a cheanntair. Bhí cruinnughadh mór Eireannach i nGlaschú i nAlbain lá fhéile Pádraig agus Micheál MacDáithí ag caint leo. Dubhairt sé nár shaoil sé go bhféadfadh ár bhfeisiri aon mhaith a dhéanamh d'Éirinn sa bhFeis i Lúnduin an bhliadhain seo, agus gur chuma ann nó as iad go mbéadh an reidhteach eatortha. Dubhairt sé na dhiaidh sin gurab é obair dob fhearr fhéadfadh na Gaedhealaibh Aontuighthe i n-iarthar na hÉireann chum an talamh do bhaint d'ainmhidhe na gceithre gcos agus a thabhairt do'n Chríosdaighe. Gan amhras tá obair mhaith ar bun ag Connradh na nGaedheal nAontuighthe, acht is mór an iongantas é
muna bhfuil fir maithe i nÉirinn do chabhróch' leotha i n-eagmais na cheithre fichid éigin fear a chuireamar go Lúnduin a' braith ar bheart éigin do dhéanamh dá dtír. B'é ár gcomhairle-ne do na feisiribh seo teacht abhaile agus an teanga Ghaedhilge d'fhoghluim. Bhéadh aon maith amháin annsan gan aon dearmadh. D'fhéad- faidís a gcuid aragóna do dhéanamh gan a theanga bheith na leath-bheul ag an Sasanach ag magadh fútha agus fúinne do chuir isteach iad. Tá taobh eile ar an mbilleoig. Bhí fear árd- léigheannta ag tabhairt óráid uaidh sa Bhreathanaisg an lá fé dheireadh ag trácht ar breaghdhacht na Gaedhilge, agus dubhairt nár thuig sé cad ná thaobh feisirí náis- iúntacha bheith ghá tabhairt ortha, agus ná cuirid siad aon tsuim sa teangain is dúthchas do'n Ghaedheal. Ní mó thuig seisean é 'ná thuigimíd-ne. Beidh agallamh i mBaile Ath' Cliath an ceathramhadh lá do'n mhí seo chughainn ar son síothchána, agus tá feisirí do ghach comhluadar le bheith ann. Tá buidhean Sheaghain Réamain agus lucht leanamhna Thomáis Esmond le teangmháil ar a chéile i Lúnduin fé sin, agus b'fhéidir go dtiucfadh maitheas éigin as. Is cosamhail nách aon mhaith dhúinn ár súil a bheith le hArd-sgoil Chaitiliceach go ceann a bhfad eile do réir mar dubhairt an Duke of Devonshire an lá eile. Is ball do'n Riaghaltas atá i réim anois é an diúic, agus isé deir sé ná fuil aon cháll le na leithéid d'Ard-sgoil i nÉirinn. Beul fuar is eadh Balfour feasda le na chuid geallamhna, agus is mairg do'n duine nó do'n dream daoine chaithfidh bheith ag iarraidh déirce. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services