Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Tá trácht mór i nÉirinn le tamall ar aondacht agus
síothcháin imeasg na bhFeisiri, agus déarfadh duine gur
mhithid dóibh an toirmeasg do chaitheamh uatha feasda.
"Ní théidheann rogha ó'n reidhteach," adeir an sean-
fhocal. Beidh an Sasanach ag déanamh cosa caorach
agus uan dhinn an fhaid bhéimíd féin ag imirt ar a
chéile.



Ní mór an gnó atá ar siubhal i bFeis na Sacsan an
aimsir seo, acht an fear thall ag tabhairt a bhillí féin
isteach, agus ag moladh na milliún airgid d'á ghléas
chogaidh. "Tá an gléas cogaidh agat-sa," adeir an
tÉireannach, "acht caitfidh mise níos mó ná cion
duine d'íoc ar é choimeád suas."



Is iomdha dílleacht agus páisde bocht gan charaid
a tógadh isteach is na Sgoileannaibh Céirde ar fuaid
na h-Éireann le tamall maith, agus a fuair beagán éigin
léighinn agus ceárd a bheatha fé chúram na mban
riaghalta agus na mbráthar. Is cosamhail go bhfuil
síntiús éigin ag na sgoileannaibh so ó'n stát, agus dar
ndóigh níor thaithin sin leis an Sacsanach. Órduigheadh do
na guistísibh an lá fé dhéire gan aon pháisde leigint
isteach feasda acht bhéadh i dtreó na h-eugcóra,
nó ar tí droch-bhéirte éigin do dhéanamh. Is daonachtach
é Seaghan Buidhe, acht ná béadh sé féin síos leis.



Tá na Gaedhil Aontuighthe ar dul an aghaidh go maith
i gConnachtaibh. Is ait an áit sin Cúige Connacht. Tá
na mílte acra do'n talamh is breághdha sa domhan ag
cothughadh stoic ó bhliadhain go bliadhain ann, agus na
daoine bochta Gaedhealacha díbirthe go dtí an sliabh
agus go dtí an bogach. Níor iompaigheadh an fód ar an
dtalamh réidh le dá fhichid bliadhain. Agus ní bhfuil
tabhairt an fhéir féin anois innte. Tá na Gaedhil
Aontuighthe ag labhairt suas go dána i gcoinne lucht an
feuranaigh do chur agus do ghlacadh, 'ghá rádh dá roinnfí
an talamh réidh sin ar a comhthrom cíosa nár ghábhadh do
chúig reanna an domhain bheith ag déanamh déirce ortha
níos sia. Agus is cosamhail go bhfuil an ceart acu.
Cruinnigheann na sluaighte i ngach áit a mbíonn feuránach
le cur, agus b'éigean an conndáil do thabhairt suas
i dhá áit an tseachtmhain seo tharainn.



Is fada tá bóthar iarainn Phortláirge agus Luimnighe
gan bheith ag dul i leas. Cinneadh cómhairle tamall ó
shoin do'n Bhórd-stiúrtha agus do Bhórd an Bhealaigh
Mhóir Theas, sé sin an bealach ó Bhaile Átha Cliath go
Cúige Mumhan, gur mhaith na rud dóibh araon é dá
mbeidís fé aon Bhórd stiúrtha amháin feasda. Budh
mhaith an rud dóibh sin é gan amhras, acht deir na daoine
lasmuigh gur maith dóibh féin dhá lucht iomchuir a bheith
ag gearradh i gcoinne a chéile. Ní thaithnigheann cuibh-
reann do'n tsaghas sain leo, agus tá siad ag rádh na
choinne go láidir.



Tá casaoid d'á dhéanamh le fada mar gheall ar na
toicéadaí dearga curtar le fios ar an dochtúir. Na
dochtúirí ag gearán go bhfuigheann saidhbhir agus daidhbhir
na toicéadaí sin, agus daoine eile 'ghá rádh go gcaith-
fidís déanamh gan dochtúireacht nó iad féin do sgrios
muna mbeadh an cómhartha dearg le fagháil acu. Go
deimhin is ait an sgeul é go gcaithfidh an fear tuaithe
comhartha an bhochtáin do bheith aige nó na puinnt reamh-
ara le tabhairt do'n liaigh. Tá riaghalacha nuadha d'á
dtabhairt amach i n-athchomaireacht - an cloichead dearg
le bheith ag an duine bocht amháin, agus díoluigheacht do
réir a mhaoine ar gach n-aon eile do dhochtúir a cheanntair.



Bhí cruinnughadh mór Eireannach i nGlaschú i nAlbain
lá fhéile Pádraig agus Micheál MacDáithí ag caint
leo. Dubhairt sé nár shaoil sé go bhféadfadh ár
bhfeisiri aon mhaith a dhéanamh d'Éirinn sa bhFeis i Lúnduin
an bhliadhain seo, agus gur chuma ann nó as iad go
mbéadh an reidhteach eatortha. Dubhairt sé na dhiaidh
sin gurab é obair dob fhearr fhéadfadh na Gaedhealaibh
Aontuighthe i n-iarthar na hÉireann chum an talamh do
bhaint d'ainmhidhe na gceithre gcos agus a thabhairt do'n
Chríosdaighe.



Gan amhras tá obair mhaith ar bun ag Connradh na
nGaedheal nAontuighthe, acht is mór an iongantas é


L. 18


muna bhfuil fir maithe i nÉirinn do chabhróch' leotha i
n-eagmais na cheithre fichid éigin fear a chuireamar
go Lúnduin a' braith ar bheart éigin do dhéanamh dá
dtír.



B'é ár gcomhairle-ne do na feisiribh seo teacht
abhaile agus an teanga Ghaedhilge d'fhoghluim. Bhéadh
aon maith amháin annsan gan aon dearmadh. D'fhéad-
faidís a gcuid aragóna do dhéanamh gan a theanga
bheith na leath-bheul ag an Sasanach ag magadh fútha
agus fúinne do chuir isteach iad.



Tá taobh eile ar an mbilleoig. Bhí fear árd-
léigheannta ag tabhairt óráid uaidh sa Bhreathanaisg an
lá fé dheireadh ag trácht ar breaghdhacht na Gaedhilge,
agus dubhairt nár thuig sé cad ná thaobh feisirí náis-
iúntacha bheith ghá tabhairt ortha, agus ná cuirid siad aon
tsuim sa teangain is dúthchas do'n Ghaedheal. Ní mó
thuig seisean é 'ná thuigimíd-ne.



Beidh agallamh i mBaile Ath' Cliath an ceathramhadh lá
do'n mhí seo chughainn ar son síothchána, agus tá feisirí
do ghach comhluadar le bheith ann. Tá buidhean Sheaghain
Réamain agus lucht leanamhna Thomáis Esmond le
teangmháil ar a chéile i Lúnduin fé sin, agus b'fhéidir
go dtiucfadh maitheas éigin as.



Is cosamhail nách aon mhaith dhúinn ár súil a bheith le
hArd-sgoil Chaitiliceach go ceann a bhfad eile do réir
mar dubhairt an Duke of Devonshire an lá eile. Is
ball do'n Riaghaltas atá i réim anois é an diúic, agus
isé deir sé ná fuil aon cháll le na leithéid d'Ard-sgoil
i nÉirinn. Beul fuar is eadh Balfour feasda le na
chuid geallamhna, agus is mairg do'n duine nó do'n
dream daoine chaithfidh bheith ag iarraidh déirce.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services