Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Gheilt.
Title
An Gheilt.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GHEILT. Lá n-aon dá raibh fear ag buaint shlat i nGleann na ngealt, do thárlaidh air geilt agus í ag caoine a céile go ró-iargnódhach, gur thárlaidh an comhagallamh so eatartha mar leanas: I. Do bhíosa lá aige bárr na gcuan, Is do dhearcasa an stáidbhean mhánla uaim, Ba chiúin tais cráibhtheach lán do ghuais, Ag caoine a grádh' is ba ró-bhreágh a duain. Um boch ochón! mo stór gan fortacht, Cúis mo bhróin agus méadughadh m'osnadh, D'fhúig me féin am' shíogaidhe i gcnocaibh, Bliadhain ó'n ló go 'chéile. II. Do chaitheasa féin faid lae dá buaint, Ag amharc 's ag éisteacht lé n-a duain. Do dhruideasa féin go séim lé suas: Do labhras lé is do léimh sí uaim. Um boch ochón! is í ba bhinne; Cúmtha a taobh, a déid 's a dluithe, A leabhair-chrobh réidh faoi mhéaraibh snuighte, Is ba chosmhail a gnaoi le Bhénus. III. Mar fuarasa féin gur léim sí uaim, Is ná feadar 'san tshaoghal ciodh an taobh 'nar ghluais, Tháinic crith orm féin is lean go muar Nuair chonnarc gur léim an spéirbhean uaim. Um boch ochón! do ghluais mé i bhfuin- neamh Siar 's aniar i bhfíoraoibh cnocaibh Nó go gcualadh fuaim na finne Ag cuaich na craoibhe géire.
IV. Mar chonnairc an tsheang-bhean go rabhas dá gabháil, Is nár bh'aithreach leam i n-am í d'fhághail, Do phreab go lom anall tar tráigh Is do labhair sí liom go ciúin tais tláith. Um boch ochon! is baoth í an osna. A dhuine gan chéill, go dé h'éileamh orm? Is go bhfuil mo dhian-ghrádh féin faoi chré is chlochaibh, 'S a pháirt ná tiubharfainn d'éinneach. V. Is dealbh an leamhas dod' shamhail-se 'chuaich Bheith cathach i ndeabhaidh air channtladh fhuair Atá 'san teampall seang 'san uaigh, Leac air a cheann 's a dhranndal fuar. Um boch ochón! gaibh liomsa feasda; Toigh mar rogha mé is gabhaimse leatsa, Anonn 's anall mar a bhfaigheam ár mbeatha, Cnódh' ar bárr coll is caora. VI. Is geilt bhocht mé is ní bhfuil spéir am' ghruaidh, 'S go bhfuil mo chroiceann ós na craobh- acha[ibh] 'na méisgridhi[bh] cruadh'; Chum go gcaithfeadsa féin seacht saoghail i gcuan, Ní shínfead mo thaob le haon fhear suas. Um bhoch ochón! mo laogh fé leacaibh, A ghuaillibh fé agus cré air a leacain, A ghéaga go léir 'na gcléith leis marbh, Is go dtraochtar an teach dá thréine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services