Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Gheilt.

Title
An Gheilt.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN GHEILT.



Lá n-aon dá raibh fear ag buaint shlat i
nGleann na ngealt, do thárlaidh air geilt agus
í ag caoine a céile go ró-iargnódhach, gur
thárlaidh an comhagallamh so eatartha mar
leanas:



I.



Do bhíosa lá aige bárr na gcuan,
Is do dhearcasa an stáidbhean mhánla uaim,
Ba chiúin tais cráibhtheach lán do ghuais,
Ag caoine a grádh' is ba ró-bhreágh a duain.
Um boch ochón! mo stór gan fortacht,
Cúis mo bhróin agus méadughadh m'osnadh,
D'fhúig me féin am' shíogaidhe i gcnocaibh,
Bliadhain ó'n ló go 'chéile.



II.



Do chaitheasa féin faid lae dá buaint,
Ag amharc 's ag éisteacht lé n-a duain.
Do dhruideasa féin go séim lé suas:
Do labhras lé is do léimh sí uaim.
Um boch ochón! is í ba bhinne;
Cúmtha a taobh, a déid 's a dluithe,
A leabhair-chrobh réidh faoi mhéaraibh
snuighte,
Is ba chosmhail a gnaoi le Bhénus.



III.



Mar fuarasa féin gur léim sí uaim,
Is ná feadar 'san tshaoghal ciodh an taobh
'nar ghluais,
Tháinic crith orm féin is lean go muar
Nuair chonnarc gur léim an spéirbhean
uaim.
Um boch ochón! do ghluais mé i bhfuin-
neamh
Siar 's aniar i bhfíoraoibh cnocaibh
Nó go gcualadh fuaim na finne
Ag cuaich na craoibhe géire.


L. 378


IV.



Mar chonnairc an tsheang-bhean go rabhas
dá gabháil,
Is nár bh'aithreach leam i n-am í d'fhághail,
Do phreab go lom anall tar tráigh
Is do labhair sí liom go ciúin tais tláith.
Um boch ochon! is baoth í an osna.
A dhuine gan chéill, go dé h'éileamh
orm?
Is go bhfuil mo dhian-ghrádh féin faoi chré
is chlochaibh,
'S a pháirt ná tiubharfainn d'éinneach.



V.



Is dealbh an leamhas dod' shamhail-se
'chuaich
Bheith cathach i ndeabhaidh air channtladh
fhuair
Atá 'san teampall seang 'san uaigh,
Leac air a cheann 's a dhranndal fuar.
Um boch ochón! gaibh liomsa feasda;
Toigh mar rogha mé is gabhaimse leatsa,
Anonn 's anall mar a bhfaigheam ár
mbeatha,
Cnódh' ar bárr coll is caora.



VI.



Is geilt bhocht mé is ní bhfuil spéir am'
ghruaidh,
'S go bhfuil mo chroiceann ós na craobh-
acha[ibh] 'na méisgridhi[bh] cruadh';
Chum go gcaithfeadsa féin seacht saoghail
i gcuan,
Ní shínfead mo thaob le haon fhear suas.
Um bhoch ochón! mo laogh fé leacaibh,
A ghuaillibh fé agus cré air a leacain,
A ghéaga go léir 'na gcléith leis marbh,
Is go dtraochtar an teach dá thréine.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services