Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Murchadh Beag agus Murchadh Mór.
Title
Murchadh Beag agus Murchadh Mór.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MURCHADH BEAG AGUS MURCHADH MÓR. (Innistear do'n aos óg). CHUAIDH Murchadh Beag agus Mur- chadh Mór amach a bhuaint sugh- craobh aon lá amháin. An méid a bhuain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Bheag le taisgidh. Nuair a bhí an deireadh bainte ag Murchadh Mór, thainic se d'ionnsuidhe ar Mhurchadh Bheag fá dhéin an mhéid a bhuain sé. “Ó,” arsa Murchadh Beag,” an méid a fuair mise gur ith me.” “Maiseadh, má d'ith,” arsa Murchadh Mór, “buailfe mise luach an iomláin ort anois.” Siud dh'ionnsuidhe ar an tslait e. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an tslat. “Slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní racha mise leat,” ars' an tslat, “go bhfágha tú tuagh bhuainfeas mé.” Siud dh'ionnsuidhe ar an tuaigh e. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an tuagh. “Tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní racha mise leat,” ars' an tuagh, “go bhfágha tú cloch a líomhfas mé.” Siud dh'ionnsuidhe ar an chloich e. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an chloch. “Cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní racha mise leat,” ars' an chloch, “go bhfágha tú uisge fhliuchfas mé.” Siud dh'ionnsuidhe ar an uisge e. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an t-uisge. “Uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúr- fadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.”
“Ní racha mise leat,” ars' an t-uisge “go bhfágha tú fiadh shnámhfas mé.” Siud dh'ionnsuidhe ar an fhiadh é. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an fiadh. “Fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuain- feadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sugh- craobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an fiadh, “go bhfágha tú gadhar a ruaigfeas mé.” Siud dh'ionnsuidhe ar an ghadhar é. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an gadar. “Gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámh- fadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an gadhar, “go bhfágha tú im a chuimeolfas mé do mo chosaibh.” Siud dh'ionnsuidhe ar an im e. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an t-im. “Im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaig- feadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an t-im, “go bhfágha tú lochóg a sgríobfas mé.” Siud dh'ionnsuidhe ar an lochóig e. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an lochóg. “Lochógh, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an lochóg, “go bhfágha tú cat a ruaigfeas mé.” Siud dh'ionnsuidhe ar an chat e. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an cat. “Cat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an cat, “go bhfágha tú braon bainne ua na buaibh breaca.” Siud dh'ionnsuidhe ar na buaibh e. “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na ba. “Ba a bhéarfadh braon bainne do chat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaig- feadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfhadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní thabhairfidh sinne aon dheor 'bhainne dhuit,” arsa na ba, “go bhfágha tú sopóg arbhair ua na buailteoiríbh sin thall.” Siud dh'ionnsuidhe ar na buailteoiríbh e, “Ca bhfuil tú ag dul?” arsa na bual- teoirí. “Buailteoir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhoin, bó a bhéarfadh braon bainne dho chat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfad cloch, clocha líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní thabhairfidh sinne sopóg arbhair duit,” ars' an buailteoir, “go bhfágha tú bunnóg aráin ua mhnáibh an aráin sin thall.” Siud ar siubhal dh'ionnsuidhe ar mhnáibh an aráin é. “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mná an aráin. “Mná a bhéarfadh bunnóg aráin do bhuailteoir, buailteoir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhoin, bó a bhéarfadh braon bainne dho chat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a
sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go gear géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtugann sinne bunnóg aráin duit,” arsa na mná, “go dtuga tú trí chriathar uisge.” Siud amach leis an chriathar e, is ní'l aon dheor dhá dtógfadh sé nach dtuitfeadh ar ais. Thainic an fheannóg chorrach thart. “Cuir láib leis,” ars' an fheannóg, “cuir clé leis, is bhéarfa tú isteach an t-uisge.” Chuir seisean an láib agus an chlé leis an chriathar agus thug sé isteach na trí chriathar uisge annsin. Thug mná an aráin an bhunnóg aráin dó annsin. Thug sé an bhunnóg aráin do'n bhuailteoir. Thug an buailteoir an tsopóg arbhair dó. Thug sei- sean an tsopóg arbhair do'n bhoin. Thug an bhó an braon bainne do'n chat. Ruaig an cat an lochóg. Sgríob an lochóg an t-im. Chumail sé an t-im do chosaibh an ghadhair. Ruaig an gadhar an fiadh. Shnámh an fiadh an t-uisge. Fliuch an t-uisge an cloch. Líomh an chloch an tuagh. Bhuain an tuagh an tslat. Nuair a thainic Murchadh Mór is an tslat leis, bhí Murchadh Beag ar shiubhal. Ní raibh sé le fághail ag Murchadh Mór, ag teacht dó leis an tslait, ná ní fhaca sé aon amharc air níos mó. Bhí sé ar shiubhal 'un a bhaile. Chuaidh siadsan an t-áth agus mise an clochán. Báitheadh iad-san is thainic mise. Mac Tíre
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services