Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Murchadh Beag agus Murchadh Mór.

Title
Murchadh Beag agus Murchadh Mór.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MURCHADH BEAG AGUS MURCHADH MÓR.



(Innistear do'n aos óg).



CHUAIDH Murchadh Beag agus Mur-
chadh Mór amach a bhuaint sugh-
craobh aon lá amháin. An
méid a bhuain Murchadh Mór
thug sé do Mhurchadh Bheag le
taisgidh. Nuair a bhí an deireadh bainte
ag Murchadh Mór, thainic se d'ionnsuidhe ar
Mhurchadh Bheag fá dhéin an mhéid a bhuain sé.
“Ó,” arsa Murchadh Beag,” an méid a
fuair mise gur ith me.”



“Maiseadh, má d'ith,” arsa Murchadh
Mór, “buailfe mise luach an iomláin ort
anois.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an tslait e.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an tslat.



“Slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go
géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh
aréir.”



“Ní racha mise leat,” ars' an tslat, “go
bhfágha tú tuagh bhuainfeas mé.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an tuaigh e.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an tuagh.



“Tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh
Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé
mo chuid sughcraobh aréir.”



“Ní racha mise leat,” ars' an tuagh, “go
bhfágha tú cloch a líomhfas mé.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an chloich e.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an chloch.



“Cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh
slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go
géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh
aréir.”



“Ní racha mise leat,” ars' an chloch, “go
bhfágha tú uisge fhliuchfas mé.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an uisge e.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an t-uisge.



“Uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh
tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúr-
fadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith
sé mo chuid sughcraobh aréir.”


L. 360


“Ní racha mise leat,” ars' an t-uisge
“go bhfágha tú fiadh shnámhfas mé.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an fhiadh é.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an fiadh.



“Fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh
cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuain-
feadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag
go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sugh-
craobh aréir.”



“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an fiadh, “go
bhfágha tú gadhar a ruaigfeas mé.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an ghadhar é.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an gadar.



“Gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámh-
fadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a
líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat
a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar,
mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.”



“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an gadhar,
“go bhfágha tú im a chuimeolfas mé do mo
chosaibh.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an im e.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an t-im.



“Im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaig-
feadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge
fliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh
bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh
Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid
sughcraobh aréir.”



“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an t-im,
“go bhfágha tú lochóg a sgríobfas mé.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an lochóig e.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an lochóg.



“Lochógh, lochóg a sgríobfadh im, im dho
chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh,
fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch,
cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat,
slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar
géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.”



“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an lochóg,
“go bhfágha tú cat a ruaigfeas mé.”



Siud dh'ionnsuidhe ar an chat e.



“Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an cat.



“Cat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a
sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar
a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge,
uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh,
tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh
Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé
mo chuid sughcraobh aréir.”



“Cha dtéidhim-se leat,” ars' an cat, “go
bhfágha tú braon bainne ua na buaibh
breaca.”



Siud dh'ionnsuidhe ar na buaibh e.



“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na ba.



“Ba a bhéarfadh braon bainne do chat,
cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh
im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaig-
feadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge
fhliuchfhadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh
bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh
Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid
sughcraobh aréir.”



“Ní thabhairfidh sinne aon dheor 'bhainne
dhuit,” arsa na ba, “go bhfágha tú sopóg
arbhair ua na buailteoiríbh sin thall.”



Siud dh'ionnsuidhe ar na buailteoiríbh e,



“Ca bhfuil tú ag dul?” arsa na bual-
teoirí.



“Buailteoir a bhéarfadh sopóg arbhair do
bhoin, bó a bhéarfadh braon bainne dho chat, cat
a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im,
im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh
fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfad
cloch, clocha líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh
slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go
géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh
aréir.”



“Ní thabhairfidh sinne sopóg arbhair duit,”
ars' an buailteoir, “go bhfágha tú bunnóg
aráin ua mhnáibh an aráin sin thall.”



Siud ar siubhal dh'ionnsuidhe ar mhnáibh an
aráin é.



“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mná an
aráin.



“Mná a bhéarfadh bunnóg aráin do
bhuailteoir, buailteoir a bhéarfadh sopóg
arbhair do bhoin, bó a bhéarfadh braon bainne
dho chat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a


L. 361


sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar
a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge,
uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh,
tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh
Murchadh Beag go gear géar, mar d'ith sé
mo chuid sughcraobh aréir.”



“Cha dtugann sinne bunnóg aráin duit,”
arsa na mná, “go dtuga tú trí chriathar
uisge.”



Siud amach leis an chriathar e, is ní'l aon
dheor dhá dtógfadh sé nach dtuitfeadh ar ais.



Thainic an fheannóg chorrach thart.



“Cuir láib leis,” ars' an fheannóg, “cuir
clé leis, is bhéarfa tú isteach an t-uisge.”



Chuir seisean an láib agus an chlé leis an
chriathar agus thug sé isteach na trí chriathar
uisge annsin. Thug mná an aráin an
bhunnóg aráin dó annsin. Thug sé an
bhunnóg aráin do'n bhuailteoir. Thug an
buailteoir an tsopóg arbhair dó. Thug sei-
sean an tsopóg arbhair do'n bhoin. Thug an
bhó an braon bainne do'n chat. Ruaig an
cat an lochóg. Sgríob an lochóg an t-im.
Chumail sé an t-im do chosaibh an ghadhair.
Ruaig an gadhar an fiadh. Shnámh an
fiadh an t-uisge. Fliuch an t-uisge an
cloch. Líomh an chloch an tuagh. Bhuain an
tuagh an tslat. Nuair a thainic Murchadh
Mór is an tslat leis, bhí Murchadh Beag ar
shiubhal. Ní raibh sé le fághail ag Murchadh
Mór, ag teacht dó leis an tslait, ná ní
fhaca sé aon amharc air níos mó. Bhí sé ar
shiubhal 'un a bhaile.



Chuaidh siadsan an t-áth agus mise an clochán.
Báitheadh iad-san is thainic mise.



Mac Tíre



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services