Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éachtach Inghean Diarmada.
Title
Éachtach Inghean Diarmada.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÉACHTACH INGHEAN DIARMADA. 1. Éachtac inghean Diarmada, corcra a gruaidh, geal a bráighe; Ní hinfhiachas iasachta do bhí ar gheal-inghin Ghráinne. 2. Gráinne shúl-ghorm shaor-ghasta, leannán Diarmada déid-ghil, inghean d'Eithne Thaobh-fhada 's do Chormac mac Airt Éinfhir. 3. Tugthar an mhín mhalach ndubh mar mhnaoi d' Fhionn mhór mhac Mhuirne: éaluighis an ógh anaithnid uadh le Diarmaid Ó Duibhne. 4. Seacht mbliadhna do'n Diarmaid sin 's do Ghráinne i n-imlibh Banbha, is Fionn ag a n-iarraidh-sean. 's nach bhfuair baoghal a marbhtha. 5. Ó nach bhfuair re a loit-leadradh deagh-mhac Duinn na gcleas bhfaobh- rach, do ghní síodh go ro-chealgadh: is de tainic a saoghal. 6. Cuiris Fionn go fíor-aibéil Diarmaid do dhéanamh sealga: ní beithte dá shíor-aisnéis, do bhí ina fhiadhach meabhla. 7. Gonais Gulban géir-fhiaclach, muc neimhe do bhí i nGulbain: mairg do chuaidh do'n tréan-fhiadhach dar thuit Diarmaid Ó Duibhne. 8. (Ó'n muic sin do hainmhnidheadh Bean Ghulban árd an éisgir, nó is ó Ghulban ghairbh-cheannaigh inghean Sdairn mhóir mhic Neimhdih.)
9. Téid teachtaire ar tinn-dheithneas leis an sgéal ba sgéal imnidh: ní faoilidh do hinniseadh tásg a hathar do'n inghin. 10. Sginnis bradán banndachta do bhí san inghin fhéata, tig beó-spiorad feardhachta innti ó 'd-chualaidh na sgéala. 11. Cuiris Éachtach aindreana fios uaithi ar cionn a bráithreach: teagaid go tric tairptheannta um thráth éirghe ar na bhárach. 12. Tig an cuire comhramhach le chéile ar dhéanamh fóghla: ba hí an fhoghail oll-bhladhach ar mharbhsad um thráthnóna. 13. Ré trí lá go lán-oidhche nochar mhó díth ná tána: ní thig lucht a sáruighthe dia n-éis go laithe mbrátha. 14. Timcheall dúnaidh Dhaolghusa rug Fionn orra go hághmhar: mór an obair aon chatha a freasdal 's a fian-bhráthar. 15. Ceithre catha comhmóra ag Fionn re faire an dúnaidh: téid an ríoghan ró-chródha do losgadh an dúin dlúth-ghloin. 16. Cuiris tallann chaor chorcra ann gach áird de'n bhrugh bhuadhach: is loisgis dún Daolghusa d'aimhdheoin na gceithre ruadh-chath. 17. Do bhí Éachtach uasal-ghlan agus buidhean bráthar ag losgadh ag luath-mharbhadh o tráth éirghe ar n-a bhárach. 18. Fógrais Éachtach oll-bhladhach comhrac ar Fhionn mac Cumhaill: ní fríth sa chath chomhramhach fear a freasdail nó a fulaing. 19. Comhrac ar Fhionn aird-mheanmnach iarras Éachtach gér bh'fhairbhrigh: níor bh'áil léi ina ghairg-theaghlach aon fhear eile acht an t-airdrígh. 20. Freagras Fhionn an flaith-fheinnidh gus an ngleo bhfíochda bhfoir-mhear: ba créachdach a chaith-éididh ó choigeadal a corr-shleagh. 21. Do rad sí trí thréan-bhuille dho tar an Sean-choll Snidheach: do ba criathar créachtnuighthe uaithi an sgiath oirdhearc irseach. 22. Nochtas an lainn leadarthaigh ba lasamhna ná lóchrann: tig Daolghus go deagh-thapaidh eidir Fhionn is an órlann. 23. Dár bhean órlann Éachtaighe do mhac Caoil na gcleas bhfaobhrach, gur threasgair d'a tréan-bhuille, go ndearna dhe dhá Dhaolghus. 24. Téid an lann ghorm ghéarghasda tré chlár sgéith Fhinn go hullamh is gearrais trí thréan-asna i gcompar chléibh an churadh. 25. Do leig osnadh éagcomhlainn Fionn ua Baoisgne gér bh'fhuilteach: tuitis uadh 'n-a thréan-torainn an Sean-choll snithe Snidheach. 26. Is annsin dob' ion-chaointe an mílidh fa'n mhnaoi ró-mhir: níor mhó ná mac miodh-aoise é ar sgátha sgéith sa sgainnir.
27. Fionn d'fhaicsin san éigean sin níor fuilngeadh le cloinn Bhaoisgne: d'a chobhair do chéidh-fhearaibh tainig Oisín is Caoilte. 28. Do chobhair a thighearna téid Lodhorn deas déadla: marbhais an ógh il-mheanmnach fa bhuaidh n-aithrise is n-éachta. 29. Tógaibhthear Fionn faobhar-ghlan ar chrannaibh sleagh i n-airde go Lughaidh mac Aonghusa gus an liaigh ba lór gairge. 30. Ro bhoí Fionn seacht leith-bhliadhna 'gá leigheas nach bhfuair sláinte, gan teacht eidir dheigh-fhiana ó thigh Luighdheach gan áille. 31. Clann déidheanach Dhiarmada — ionmhain an cuire créachtach — slata fionna fial-bhoga — Donnchadh, Eochaidh, Aodh, Éachtach. 32. Ní rug Gráinne ghuirm-dhearcach do mhac Duinn na ngcleas bhfaobhrach acht aon inghean oirbheartach agus ba hí sin Éachtach. 33. Mhic Dhuach, a dheigh-chléirigh, a chroidhe dhiadha dhéarcach, nach ar lár do reighléis-se atá an feart fá a bhfuil Éachtach. Éachtach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services