Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éachtach Inghean Diarmada.

Title
Éachtach Inghean Diarmada.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ÉACHTACH INGHEAN DIARMADA.



1. Éachtac inghean Diarmada,
corcra a gruaidh, geal a bráighe;
Ní hinfhiachas iasachta
do bhí ar gheal-inghin Ghráinne.



2. Gráinne shúl-ghorm shaor-ghasta,
leannán Diarmada déid-ghil,
inghean d'Eithne Thaobh-fhada
's do Chormac mac Airt Éinfhir.



3. Tugthar an mhín mhalach ndubh
mar mhnaoi d' Fhionn mhór mhac
Mhuirne:
éaluighis an ógh anaithnid
uadh le Diarmaid Ó Duibhne.



4. Seacht mbliadhna do'n Diarmaid sin
's do Ghráinne i n-imlibh Banbha,
is Fionn ag a n-iarraidh-sean.
's nach bhfuair baoghal a marbhtha.



5. Ó nach bhfuair re a loit-leadradh
deagh-mhac Duinn na gcleas bhfaobh-
rach,
do ghní síodh go ro-chealgadh:
is de tainic a saoghal.



6. Cuiris Fionn go fíor-aibéil
Diarmaid do dhéanamh sealga:
ní beithte dá shíor-aisnéis,
do bhí ina fhiadhach meabhla.



7. Gonais Gulban géir-fhiaclach,
muc neimhe do bhí i nGulbain:
mairg do chuaidh do'n tréan-fhiadhach
dar thuit Diarmaid Ó Duibhne.



8. (Ó'n muic sin do hainmhnidheadh
Bean Ghulban árd an éisgir,
nó is ó Ghulban ghairbh-cheannaigh
inghean Sdairn mhóir mhic Neimhdih.)


L. 342


9. Téid teachtaire ar tinn-dheithneas
leis an sgéal ba sgéal imnidh:
ní faoilidh do hinniseadh
tásg a hathar do'n inghin.



10. Sginnis bradán banndachta
do bhí san inghin fhéata,
tig beó-spiorad feardhachta
innti ó 'd-chualaidh na sgéala.



11. Cuiris Éachtach aindreana
fios uaithi ar cionn a bráithreach:
teagaid go tric tairptheannta
um thráth éirghe ar na bhárach.



12. Tig an cuire comhramhach
le chéile ar dhéanamh fóghla:
ba hí an fhoghail oll-bhladhach
ar mharbhsad um thráthnóna.



13. Ré trí lá go lán-oidhche
nochar mhó díth ná tána:
ní thig lucht a sáruighthe
dia n-éis go laithe mbrátha.



14. Timcheall dúnaidh Dhaolghusa
rug Fionn orra go hághmhar:
mór an obair aon chatha
a freasdal 's a fian-bhráthar.



15. Ceithre catha comhmóra
ag Fionn re faire an dúnaidh:
téid an ríoghan ró-chródha
do losgadh an dúin dlúth-ghloin.



16. Cuiris tallann chaor chorcra
ann gach áird de'n bhrugh bhuadhach:
is loisgis dún Daolghusa
d'aimhdheoin na gceithre ruadh-chath.



17. Do bhí Éachtach uasal-ghlan
agus buidhean bráthar
ag losgadh ag luath-mharbhadh
o tráth éirghe ar n-a bhárach.



18. Fógrais Éachtach oll-bhladhach
comhrac ar Fhionn mac Cumhaill:
ní fríth sa chath chomhramhach
fear a freasdail nó a fulaing.



19. Comhrac ar Fhionn aird-mheanmnach
iarras Éachtach gér bh'fhairbhrigh:
níor bh'áil léi ina ghairg-theaghlach
aon fhear eile acht an t-airdrígh.



20. Freagras Fhionn an flaith-fheinnidh
gus an ngleo bhfíochda bhfoir-mhear:
ba créachdach a chaith-éididh
ó choigeadal a corr-shleagh.



21. Do rad sí trí thréan-bhuille
dho tar an Sean-choll Snidheach:
do ba criathar créachtnuighthe
uaithi an sgiath oirdhearc irseach.



22. Nochtas an lainn leadarthaigh
ba lasamhna ná lóchrann:
tig Daolghus go deagh-thapaidh
eidir Fhionn is an órlann.



23. Dár bhean órlann Éachtaighe
do mhac Caoil na gcleas bhfaobhrach,
gur threasgair d'a tréan-bhuille,
go ndearna dhe dhá Dhaolghus.



24. Téid an lann ghorm ghéarghasda
tré chlár sgéith Fhinn go hullamh
is gearrais trí thréan-asna
i gcompar chléibh an churadh.



25. Do leig osnadh éagcomhlainn
Fionn ua Baoisgne gér bh'fhuilteach:
tuitis uadh 'n-a thréan-torainn
an Sean-choll snithe Snidheach.



26. Is annsin dob' ion-chaointe
an mílidh fa'n mhnaoi ró-mhir:
níor mhó ná mac miodh-aoise
é ar sgátha sgéith sa sgainnir.


L. 343


27. Fionn d'fhaicsin san éigean sin
níor fuilngeadh le cloinn Bhaoisgne:
d'a chobhair do chéidh-fhearaibh
tainig Oisín is Caoilte.



28. Do chobhair a thighearna
téid Lodhorn deas déadla:
marbhais an ógh il-mheanmnach
fa bhuaidh n-aithrise is n-éachta.



29. Tógaibhthear Fionn faobhar-ghlan
ar chrannaibh sleagh i n-airde
go Lughaidh mac Aonghusa
gus an liaigh ba lór gairge.



30. Ro bhoí Fionn seacht leith-bhliadhna
'gá leigheas nach bhfuair sláinte,
gan teacht eidir dheigh-fhiana
ó thigh Luighdheach gan áille.



31. Clann déidheanach Dhiarmada —
ionmhain an cuire créachtach —
slata fionna fial-bhoga —
Donnchadh, Eochaidh, Aodh, Éachtach.



32. Ní rug Gráinne ghuirm-dhearcach
do mhac Duinn na ngcleas bhfaobhrach
acht aon inghean oirbheartach
agus ba hí sin Éachtach.



33. Mhic Dhuach, a dheigh-chléirigh,
a chroidhe dhiadha dhéarcach,
nach ar lár do reighléis-se
atá an feart fá a bhfuil Éachtach.



Éachtach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services