Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuairt Mhíosa i gConamara
Title
Cuairt Mhíosa i gConamara
Author(s)
Mac Coinceannain, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuairt Mhíosa i gConnamara Ag Tomás Mac Coinceannain Nuair toghadh mé mar thimthire Connartha na Gaedhilge i gCúige Connachta, bhí fhios agam in mo chroidhe istigh nach raibh mé i n-ann an obair do dhéanamh mar ba chóir - nár bh' mé an fear ceart 'san áit chirt. Acht chuadar orm chomh mór sain ag iarraidh orm an obair do thógáil suas nár mhaith liom iad d'eitheachadh. Thug mé toil í do dhéanamh leabaidh dul trasna go Meicsicó agus d'ár ndóigh, dhá dhonacht mé, déanfaidh mé mo dhícheall, agus deir an sean-fhocal linn gur leor do dhuine dhona a dhícheall do dhéanamh. Dá n-imtheóchainn go dtí an t-Oiléan Úr, mar bhí rún agam, b'fhéidir go gceapfaidhe go mbeinn ag iompódh mo chúil ar an obair mhóir seo - go deimhin cheap mé féin é, caithfidh mé a admháil. Nach mbeinn go direach glan ar nós an tsaighdiúra bhéarfadh a chúl ar an namhaid i lár na troda? Ar an n-ádhbhar sain - chomh maith leis an réasún thuas - tug mé toil i n-ainm Dé agus
Mhuire cion fir do dhéanamh ar son mo thíre, mar táim cinnte dearbhtha gurab í cúis na teangadh - an obair atá Connradh na Gaedhilge do dhéanamh - gurab í an obair is tír-ghrádhaighe chuir fear ná bean rómpa riamh i n-aon tír ná ceard do'n domhan, ná chuirfear chomh fada is bheas uisge ag rith agus féar ag fás. Bhí cúis na teangadh 'na príomh-chúis ins gach tír riamh, agus d'ár ndóigh, ní hiongantas ar bith é sin, mar 'sé Dia gheall teanga do gach uile náisiún, agus ó nádúir is ins an teangaidh sin atá moladh agus glóir, clú agus cáil na tíre sgríobhtha. Acht caidé seo atá mé do dhéanamh? Bhí fúm cur- síos do thabhairt do'n "Chlaidheamh Soluis", ar an gcaoi fuair mé Connamara agus an obair do rinne mé ann, agus nach fearr dhom tosnughadh orm agus gan leigean dom féin imtheacht fá sgur níos faide? An seachtmhadh lá d'Eanair d'fhág mé Inis-Mheadhóin Árainn an t-oileainín beag sain 'na rugadh agus tógadh mé agus an áit le congnamh Dé cuirfear mé nuair ghlaodhfas an Slánuightheoir orm go slighidh na fírinne. Chraith mé lámh agus d'fhág mé beannacht ag muinntir an oileáin go léir. Chuireadar impidhe na naomh ins na flaitheas mo dhiaidh buaidh agus treise, saoghal agus sláinte, neart agus misneach do thabhairt dom leis an obair mhóir seo do bhí romham do chur ar a haghaidh. Síos liom go Gaillimh ins an ngaltán. Ba Dia Sathairn do bhí ann agus seachtmhain ó'n lá sain bhí cruinniu- ghadh mó le bheith i n-Uachtar Árd le craoibh do Chumann na nGaedheal n-Aontuighthe do chur ar bun ann. Bhí ormsa dul annsain agus iarracht do thabhairt ar rún ag baint leis an nGaedhilg do chur os comhair an chruin- níghthe, agus dá bhféadfainn é craobh do Chonnradh na Gaedhilige do chur ar bun 'san am céadna. Cuireadh na rúin os cómhair an chruinniughthe mhóir mhilltigh agus do labhair an feisire Tadhg Ua hArtagáin na dtaobh. Bhí goirm mhór-roimh gach uile rud beag nach, adubhairt na cainteoirí i dtaobh cúise na talmhan, acht nuair adubhairt an t-Ártagánach go raibh rud éigin eile nár chóir dhóibh a leigean as a gcuimhniughadh, rud go madh chóir go gach Éireannach chion agus meas agus grádh do bheith aige air, agus gurb í sin TEANGA NA hÉIREANN chuireadar uaill chomh mór chomh láidir asta gur beag nach gcloisfeá i mbaile mhór na Gaillimhe í, ag tais- beant do'n domhan nach bhfuil grádh do'n teangaidh básuighthe fós i gcroidhe na n-Éireannach. Fuair mé muintir Uachtar Áird toilteannach ar chraoibh do chur ar bun 'na measg, acht faraoir! Ní raibh aon duine le fagháil ann ábalta ar an nGaedhilg do mhúineadh, acht le congnamh Dé, ní bhéidh sé i bhfad mar sain. Tá an t-oide sgoile Uilliam Ua Domh- nalláin ag déanamh staidéar uirthi agus tá súil aige taisbéanadh d'fhagháil le n-a múineadh ins an sgoil fá'n Lughnasadh so chughainn. Siar liom ar an traen go Baile-na-hInse le rún dul as sain ar chárr go Cloich na Rón. Ní raibh aon deis le fagháil ann agus bhuail me siar ar an traen go dtí an Clochán. D'fhan me ann an oidhche sin agus lá ar n-a bhárach fuair mé cárr is chuaidh mé ag triall ar Chloich na Rón. Ag siubhal an bhóthair dom ar an gcárr casadh páistí dhom, mór agus beag, páistí fir agus mná, ag dul chum na sgoile. Bhí an mhaidin an-fhuar agus d'ár ndóigh bhí na créatúra bochta dallruighthe leis an bhfuacht. Thug mé ordughadh do'n tiománaidhe an cárr do stopadh agus marcuigheacht do thabhairt do na páistibh. Beirt chailíní mbeag bhí ar mo thaobh féin do'n chárr, mar - caithfidh mé an fhírinne do rádh - ba mhaith liom bheith i n-aice na mban riamh. Thosnuigh mé dhá gceistniughadh agus m'anam do Dhia agus do Muire, d'fhreagadar dhom san teangaidh nGallda! "Maiseadh," adeirimse leo, "shíl mé gur Éireannaigh bhí ionnaibh, acht feicim nach eadh. Bhí mé ag dul i mugha - Sasanaigh sibh. Ní thug mé aon mharcuigheacht d'aon tSasanach riamh agus ní thiubhradh anois. Anuas libh do'n chárr, má's é bhur dtoil é!" Le linn é seo do rádh dubhairt mé leis an tiománaidhe stopadh, acht a mhic ó go deo! thosnuigh mo chuid cailíní ag caint i nGaedhilg bhinn bhlastha a chuirfeadh luthgháir agus áilleacht ar do chroidhe! B'fhearr leo marcuigheacht agus Gaedhilg do labhairt ná béarla agus siubhal d'á gcois. B'fhollus go raibh náire ortha fá n-a dteangaidh do labhairt acht 'na dhiaidh sin féin chuimhnigheadar ar an sean- fhocal - "Is fearr marcuigheacht ar ghabhar ná cois- idheacht d'á fheabhas." Creidim nach bhfuil cúram dom a rádh go dtug mé comhairle ar na gearr-chailínibh simplidhe seo, agus sul má sgar mé leo, an náire sin do bhí ortha i dtaobh a dteangadhm bhain mé asta é. Ar theacht dom go dtí Teach Sgoile an Chalaidh, d'ár ndóigh chuaidh mé isteach gur bheannuigh mé do'n nGaedhilgeoir chliste sin Domhnall Ua Fotharta. Tá 'fhios ag gach uile dhuine bhaineas le cúis na Gaedhilge caidé é Domhnall, agus ní dhéarfaidh mé níos mó 'na thaobh acht gur Éireannach mór millteach atá ann, a bhfuil croidhe chomh mór chomh fial chomh fairsing aige is tá sé féin, agus go bhfuil grádh d'Éirinn agus gach uile shórt bhaineas le hÉirinn 'na chroidhe. I mBaile Cloiche na Rón, ní chuala mórán Gaedhilge d'á labhairt ag muintir an bhaile, acht amháin ag muintir na tíre. Chuaidh mé i measg na ndaoine - na cean- nuightheoirí siopa - agus fuaras amach go raibh gach uile dhuine aca i n-ann an teanga do labhairt go maith agus go cliste acht nach rabhadar dhá dhéanamh do chleachtadh. 'Sé mo mheas nach bhfuil an oiread agus aon duine amháin 'sa mbaile nach bhfuil ábalta as an teangadh do labhairt, acht beagán do'n aos óg. Fuair mé an t-Athair Uilliam Ua Glaisín, an sagart pobail, go han-toilteannach ar chúis na Gaedhilge do chur ar a haghaidh, agus chuidigh sé liom go mór ins gach uile bhealach d'á raibh ar a chumas. Togha fir atá 'san Athair Uilliam. Gaedhilgeoir deas, ceachtóir breagh agus Éireannach chomh maith is théidheas ar bhonn broige riamh é. Baineann Inis Naoi (?) agus Inis Leacan (oileáin bheaga atá ionnta) leis an bparráiste seo. Thug mé cuairt fá dho nó trí ar gach oileán aca. Shiubhail mé ó theach go teach 'gá mbrostughadh agus caithfidh mé a rádh gur bheag an brostughadh do theastuigh uatha. (tuilleadh)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services