Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuairt Mhíosa i gConamara

Title
Cuairt Mhíosa i gConamara
Author(s)
Mac Coinceannain, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuairt Mhíosa i gConnamara



Ag Tomás Mac Coinceannain



Nuair toghadh mé mar thimthire Connartha na
Gaedhilge i gCúige Connachta, bhí fhios agam in mo
chroidhe istigh nach raibh mé i n-ann an obair do dhéanamh
mar ba chóir - nár bh' mé an fear ceart 'san áit chirt.
Acht chuadar orm chomh mór sain ag iarraidh orm an
obair do thógáil suas nár mhaith liom iad d'eitheachadh.
Thug mé toil í do dhéanamh leabaidh dul trasna go
Meicsicó agus d'ár ndóigh, dhá dhonacht mé, déanfaidh mé
mo dhícheall, agus deir an sean-fhocal linn gur leor do
dhuine dhona a dhícheall do dhéanamh.



Dá n-imtheóchainn go dtí an t-Oiléan Úr, mar bhí rún
agam, b'fhéidir go gceapfaidhe go mbeinn ag iompódh
mo chúil ar an obair mhóir seo - go deimhin cheap mé
féin é, caithfidh mé a admháil. Nach mbeinn go direach
glan ar nós an tsaighdiúra bhéarfadh a chúl ar an
namhaid i lár na troda? Ar an n-ádhbhar sain - chomh
maith leis an réasún thuas - tug mé toil i n-ainm Dé agus


L. 4


Mhuire cion fir do dhéanamh ar son mo thíre, mar táim
cinnte dearbhtha gurab í cúis na teangadh - an obair
atá Connradh na Gaedhilge do dhéanamh - gurab í an
obair is tír-ghrádhaighe chuir fear ná bean rómpa riamh
i n-aon tír ná ceard do'n domhan, ná chuirfear chomh
fada is bheas uisge ag rith agus féar ag fás. Bhí cúis na
teangadh 'na príomh-chúis ins gach tír riamh, agus d'ár ndóigh,
ní hiongantas ar bith é sin, mar 'sé Dia gheall teanga
do gach uile náisiún, agus ó nádúir is ins an teangaidh sin
atá moladh agus glóir, clú agus cáil na tíre sgríobhtha.



Acht caidé seo atá mé do dhéanamh? Bhí fúm cur-
síos do thabhairt do'n "Chlaidheamh Soluis", ar an gcaoi
fuair mé Connamara agus an obair do rinne mé ann, agus
nach fearr dhom tosnughadh orm agus gan leigean dom féin
imtheacht fá sgur níos faide?



An seachtmhadh lá d'Eanair d'fhág mé Inis-Mheadhóin
Árainn an t-oileainín beag sain 'na rugadh agus tógadh mé
agus an áit le congnamh Dé cuirfear mé nuair ghlaodhfas
an Slánuightheoir orm go slighidh na fírinne. Chraith mé
lámh agus d'fhág mé beannacht ag muinntir an oileáin go
léir. Chuireadar impidhe na naomh ins na flaitheas mo
dhiaidh buaidh agus treise, saoghal agus sláinte, neart agus
misneach do thabhairt dom leis an obair mhóir seo do
bhí romham do chur ar a haghaidh.



Síos liom go Gaillimh ins an ngaltán. Ba Dia
Sathairn do bhí ann agus seachtmhain ó'n lá sain bhí cruinniu-
ghadh mó le bheith i n-Uachtar Árd le craoibh do Chumann
na nGaedheal n-Aontuighthe do chur ar bun ann. Bhí
ormsa dul annsain agus iarracht do thabhairt ar rún ag
baint leis an nGaedhilg do chur os comhair an chruin-
níghthe, agus dá bhféadfainn é craobh do Chonnradh na
Gaedhilige do chur ar bun 'san am céadna. Cuireadh
na rúin os cómhair an chruinniughthe mhóir mhilltigh agus do
labhair an feisire Tadhg Ua hArtagáin na dtaobh. Bhí
goirm mhór-roimh gach uile rud beag nach, adubhairt na
cainteoirí i dtaobh cúise na talmhan, acht nuair
adubhairt an t-Ártagánach go raibh rud éigin eile nár
chóir dhóibh a leigean as a gcuimhniughadh, rud go madh
chóir go gach Éireannach chion agus meas agus grádh do bheith
aige air, agus gurb í sin TEANGA NA hÉIREANN
chuireadar uaill chomh mór chomh láidir asta gur beag
nach gcloisfeá i mbaile mhór na Gaillimhe í, ag tais-
beant do'n domhan nach bhfuil grádh do'n teangaidh
básuighthe fós i gcroidhe na n-Éireannach.



Fuair mé muintir Uachtar Áird toilteannach ar
chraoibh do chur ar bun 'na measg, acht faraoir! Ní
raibh aon duine le fagháil ann ábalta ar an nGaedhilg
do mhúineadh, acht le congnamh Dé, ní bhéidh sé i bhfad
mar sain. Tá an t-oide sgoile Uilliam Ua Domh-
nalláin ag déanamh staidéar uirthi agus tá súil aige
taisbéanadh d'fhagháil le n-a múineadh ins an sgoil fá'n
Lughnasadh so chughainn.



Siar liom ar an traen go Baile-na-hInse le rún
dul as sain ar chárr go Cloich na Rón. Ní raibh aon
deis le fagháil ann agus bhuail me siar ar an traen go
dtí an Clochán. D'fhan me ann an oidhche sin agus lá ar
n-a bhárach fuair mé cárr is chuaidh mé ag triall ar
Chloich na Rón. Ag siubhal an bhóthair dom ar an gcárr
casadh páistí dhom, mór agus beag, páistí fir agus mná, ag
dul chum na sgoile. Bhí an mhaidin an-fhuar agus d'ár
ndóigh bhí na créatúra bochta dallruighthe leis an bhfuacht.
Thug mé ordughadh do'n tiománaidhe an cárr do stopadh
agus marcuigheacht do thabhairt do na páistibh. Beirt
chailíní mbeag bhí ar mo thaobh féin do'n chárr, mar -
caithfidh mé an fhírinne do rádh - ba mhaith liom bheith i
n-aice na mban riamh.



Thosnuigh mé dhá gceistniughadh agus m'anam do Dhia agus
do Muire, d'fhreagadar dhom san teangaidh nGallda!
"Maiseadh," adeirimse leo, "shíl mé gur Éireannaigh
bhí ionnaibh, acht feicim nach eadh. Bhí mé ag dul i
mugha - Sasanaigh sibh. Ní thug mé aon mharcuigheacht
d'aon tSasanach riamh agus ní thiubhradh anois. Anuas
libh do'n chárr, má's é bhur dtoil é!" Le linn é seo do
rádh dubhairt mé leis an tiománaidhe stopadh, acht
a mhic ó go deo! thosnuigh mo chuid cailíní ag caint i
nGaedhilg bhinn bhlastha a chuirfeadh luthgháir agus áilleacht
ar do chroidhe! B'fhearr leo marcuigheacht agus Gaedhilg
do labhairt ná béarla agus siubhal d'á gcois. B'fhollus
go raibh náire ortha fá n-a dteangaidh do labhairt
acht 'na dhiaidh sin féin chuimhnigheadar ar an sean-
fhocal - "Is fearr marcuigheacht ar ghabhar ná cois-
idheacht d'á fheabhas."



Creidim nach bhfuil cúram dom a rádh go dtug mé
comhairle ar na gearr-chailínibh simplidhe seo, agus sul má
sgar mé leo, an náire sin do bhí ortha i dtaobh a
dteangadhm bhain mé asta é.



Ar theacht dom go dtí Teach Sgoile an Chalaidh, d'ár
ndóigh chuaidh mé isteach gur bheannuigh mé do'n
nGaedhilgeoir chliste sin Domhnall Ua Fotharta. Tá
'fhios ag gach uile dhuine bhaineas le cúis na Gaedhilge
caidé é Domhnall, agus ní dhéarfaidh mé níos mó 'na thaobh
acht gur Éireannach mór millteach atá ann, a bhfuil
croidhe chomh mór chomh fial chomh fairsing aige is tá sé
féin, agus go bhfuil grádh d'Éirinn agus gach uile shórt bhaineas
le hÉirinn 'na chroidhe.



I mBaile Cloiche na Rón, ní chuala mórán Gaedhilge
d'á labhairt ag muintir an bhaile, acht amháin ag muintir
na tíre. Chuaidh mé i measg na ndaoine - na cean-
nuightheoirí siopa - agus fuaras amach go raibh gach uile
dhuine aca i n-ann an teanga do labhairt go maith agus go
cliste acht nach rabhadar dhá dhéanamh do chleachtadh.
'Sé mo mheas nach bhfuil an oiread agus aon duine amháin
'sa mbaile nach bhfuil ábalta as an teangadh do labhairt,
acht beagán do'n aos óg.



Fuair mé an t-Athair Uilliam Ua Glaisín, an
sagart pobail, go han-toilteannach ar chúis na
Gaedhilge do chur ar a haghaidh, agus chuidigh sé liom go
mór ins gach uile bhealach d'á raibh ar a chumas. Togha
fir atá 'san Athair Uilliam. Gaedhilgeoir deas,
ceachtóir breagh agus Éireannach chomh maith is théidheas ar
bhonn broige riamh é.



Baineann Inis Naoi (?) agus Inis Leacan (oileáin bheaga
atá ionnta) leis an bparráiste seo. Thug mé cuairt
fá dho nó trí ar gach oileán aca. Shiubhail mé ó theach go
teach 'gá mbrostughadh agus caithfidh mé a rádh gur bheag
an brostughadh do theastuigh uatha.



(tuilleadh)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services