Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Abhrán Ó Óirghiallaibh.
Title
Abhrán Ó Óirghiallaibh.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ABHRÁN Ó ÓIRGHIALLAIBH. SEO abhrán deas greannmhar 'n-ár ndiaidh. Is amhlaidh mar thárlaidh dhamh é, cuairt dá dtug mé ar Chillshléibhe Cuilinn le cois beirte eile tá roinn bhliadhan ó shoin, do chuamar ár dtriúr isteach i dtigh seanmhná dárbh' ainm Eibhlín Ní Fhéaráin (beannacht Dé le n-a hanam). Bhí an t-abhrán so aici agus dubhairt sí é. Ó thaitin sé go mór liom, níor bhfada gur chuir mise síos é. Seo é ughdar an cheoil, do réir na seanmhná céadna: Bhí buachaill aon uair amháin agus spéis ná suim níor chuir sé ann- sna cailíníbh. Bhí a cheasna ar a mhuintir nach mbeidheadh sé pósta go deoidh, agus nach bhfeicthí aon dúil aige'sa' phósadh. Ba mhian leo a chur i gcuimhne dhó gur mhithid dó cleamhnas do dhéanamh, agus dá bhrígh sin rinn siad bean bhréige le n-a aghaidh agus chuir siad i n-a shlighe í os coinne an doruis, ar dhóigh go bhfeiceadh sé í, ag dul chum a chuid oibre dhó ar maidin lá ar n-a bhárach. Ar n-éirghe do'n bhuachaill, thainic sé amach an dorus, agus caidé atchífeadh sé acht bean ag bualadh i n-a éadan, dar leis féin. Theann sé anall dá chomhair, agus ní bhfuair innte acht líon agus lámhthoradh, min agus cáithleach, mar adeir an t-abhrán féin. Chum sé an ceol annsin ag déanamh grinn agus magaidh uirthi-se agus ar a mhuintir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services