ABHRÁN Ó ÓIRGHIALLAIBH.
SEO abhrán deas greannmhar 'n-ár
ndiaidh. Is amhlaidh mar thárlaidh
dhamh é, cuairt dá dtug mé ar
Chillshléibhe Cuilinn le cois
beirte eile tá roinn bhliadhan
ó shoin, do chuamar ár dtriúr isteach i dtigh
seanmhná dárbh' ainm Eibhlín Ní Fhéaráin
(beannacht Dé le n-a hanam). Bhí an
t-abhrán so aici agus dubhairt sí é. Ó thaitin
sé go mór liom, níor bhfada gur chuir mise
síos é. Seo é ughdar an cheoil, do réir na
seanmhná céadna: Bhí buachaill aon uair
amháin agus spéis ná suim níor chuir sé ann-
sna cailíníbh. Bhí a cheasna ar a mhuintir
nach mbeidheadh sé pósta go deoidh, agus nach
bhfeicthí aon dúil aige'sa' phósadh. Ba mhian
leo a chur i gcuimhne dhó gur mhithid dó
cleamhnas do dhéanamh, agus dá bhrígh sin rinn
siad bean bhréige le n-a aghaidh agus chuir siad
i n-a shlighe í os coinne an doruis, ar dhóigh
go bhfeiceadh sé í, ag dul chum a chuid oibre
dhó ar maidin lá ar n-a bhárach. Ar n-éirghe
do'n bhuachaill, thainic sé amach an dorus,
agus caidé atchífeadh sé acht bean ag bualadh
i n-a éadan, dar leis féin. Theann sé
anall dá chomhair, agus ní bhfuair innte acht
líon agus lámhthoradh, min agus cáithleach, mar adeir
an t-abhrán féin. Chum sé an ceol annsin
ag déanamh grinn agus magaidh uirthi-se agus ar a
mhuintir.