ABHRÁN Ó ÓIRGHIALLAIBH.
SEO abhrán deas greannmhar 'n-ár
ndiaidh.  Is amhlaidh mar thárlaidh
dhamh é, cuairt dá dtug mé ar 
Chillshléibhe Cuilinn le cois 
beirte eile tá roinn bhliadhan 
ó shoin, do chuamar ár dtriúr isteach i dtigh 
seanmhná dárbh' ainm Eibhlín Ní Fhéaráin
(beannacht Dé le n-a hanam).  Bhí an
t-abhrán so aici agus dubhairt sí é.  Ó thaitin
sé go mór liom, níor bhfada gur chuir mise
síos é.  Seo é ughdar an cheoil, do réir na
seanmhná céadna: Bhí buachaill aon uair
amháin agus spéis ná suim níor chuir sé ann-
sna cailíníbh.  Bhí a cheasna ar a mhuintir 
nach mbeidheadh sé pósta go deoidh, agus nach
bhfeicthí aon dúil aige'sa' phósadh.  Ba mhian
leo a chur i gcuimhne dhó gur mhithid dó
cleamhnas do dhéanamh, agus dá bhrígh sin rinn
siad bean bhréige le n-a aghaidh agus chuir siad
i n-a shlighe í os coinne an doruis, ar dhóigh
go bhfeiceadh sé í, ag dul chum a chuid oibre
dhó ar maidin lá ar n-a bhárach.  Ar n-éirghe
do'n bhuachaill, thainic sé amach an dorus, 
agus caidé atchífeadh sé acht bean ag bualadh 
i n-a éadan, dar leis féin.  Theann sé
anall dá chomhair, agus ní bhfuair innte acht
líon agus lámhthoradh, min agus cáithleach, mar adeir 
an t-abhrán féin.  Chum sé an ceol annsin
ag déanamh grinn agus magaidh uirthi-se agus ar a 
mhuintir.                                    
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11