Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nocht an Claidheamh dhúinn, a fhir eagair
Title
Nocht an Claidheamh dhúinn, a fhir eagair
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Nocht an Claidheamh dhúinn, a fhir eagair. Tá gá le claidheamh i n-Éirinn indiu, agus gá le solus. Tá coílte móra le gearadh againn, coílte dúbha dorcha. Coílte atá ag fás agus ag leathadh i n-Éirinn le h-aimsir fhada. Is coílte iad ná fuil ionta acht an t-adhmhad is measa dár fhás tré thalamh riamh. Tá leata acu mór thimpal ár n-oileáin go dtí ná fhuil slígh siúbhail ná seasaimh againn. Is minic an faobhar do chur ortha agus gach sgéach agus tor agus creachail gan
áird, gach cuaileán agus géagán agus camstuaic míchothromach, do ghearadh ó'n bpréimh amach agus teine chnámh do dhéanamh díobh. Isiad coílte an Ghall Bhéarla na coílte sin. Táimíd múchta acu. Táimíd curtha amú acu. Tá adhmad breágh glan díreach réidh árd na Gaedhilge brúite, basgaithe, curtha ar feó, ag an nglamaraisg bhrosnaidh seo, atá leata tímpal na bpréamh aige, 'gá gcosg ar ghréim agus ar ghaoith. Nocht an Claoidheamh dhúinn, leig an solus chúgainn. Is fada gá le solus againn. Dob fhada gur tháinig an solus, acht is feár déanaighe 'ná ró-dhéanaighe. Sgaoil chúgainn é fé dheire. Nuair a bheidh an faobhar i n-ár láimh againn agus an solus ar lasadh i n-ár dtímpal gabhaimse orm gur geár go ndéanfimíd sligh dhúinn féin. Is geár go mbeidh an choíl dá gearadh agus gaoth dá thabhairt do na cúinníbh cúmhanga, agus solus dá leigint isteach ar an h-áiteanaibh dorcha, agus géaga cama agus luirgne lúbhtha an Bhéarla dá mbrise agus dá stracadh agus dá raobadh, agus dá gcaitheamh amach fé 'n spéir i dtreó go mbeidh radharc ag an saoghal mór ortha, agus go bhfeicfidh uasal agus íseal ná fuil sa Bhéarla acht brosna, agus má cheap aoinne gur bh' adhmad uasal é go raibh dearmhad ar an t-é cheap san, agus ná ceapfadh aoinne é muna mbéadh na luirgne cama do bheith i bhfolach. Nuair a bheidh an brosna glan as an sligh, nuair a bheidh an talamh réidh ó'n achran, nuair a bheidh an drabhuíol agus an faidhuile agus an fás mí-fholáin sguabtha as an sligh, ansan seadh a chídhfar na crainn bhreaghtha, ár n-adhmad féin na craínn atá ag fás i n-Éirinn le dhá mhíle, ní h-eadh acht le trí mhíle bliaghan. Is mór an obair atá roimis an gClaoidheamh. Ní mór dó faobhar maith do bheith air. Ní dheanfadh claidheamh maol ag an gnó go deó. Ní foláir dó, i dteannta an faoibhir, an béul do bheith cruaidh aige. Is iomdha gad ríghin agus radharcán daingion a bheidh le gearadh aige agus muna mbeidh an béul cruaidh aige is geár go mbeidh sé manntach. Is beag an tairbhe claidheamh manntach. Acht ní baoghal do'n chlaidheamh so. Tá buadha móra aige acht go bhfaighidh sé ceart. Isé an claidheamh soluis é. Tabharfidh sé solus uaidh féin do'n t-é a bheidh 'ghá ramsáil. Ní'l ag an t-é sin acht a shúile do choimeád osgailte. Is geár go dtiocfidh sé isteach ar an obair. Sin cuid de bhuadh an Chlaidhimh. Isé an Claidheamh soluis é ar dhá chuma, nó dá n-abrainn ar thrí chuma. Tabharfidh sé solus do shúil an t-é a bheidh 'ghá úsáid, eoluis d'á aigne, agus neart d'á chuislinn. Ní'l aoinne do rachaidh i dtaithighe an chlaidhimh seo i gceart ná déanfidh gníomh. Déanfidh sé faobhar-chleas mar dhéineadh Cú na gcleas. Labharfidh an claidheamh mar a labhradh claidheamh Fhearguis. Bainfidh sé gáirí agus damhas agus léimreach a' banána, agus bocána agus geinte glinne - cé gur fada 'na gcodla iad. Siniad, ámh, an dá bhuadh is mó ag an g-claidheamh so .i. Faobhar agus solus. Faobhar chum na coíle do ghearadh agus solus chum an faoibhir do chur i bhfeidhm. An t-é a ghlacfidh an t-arm só 'na láimh agus a ceapfidh úsáid do dhéanamh do, tabharfadsa aon chomhairle amháin dó. Sul a dtéidh sé isteach sa n-obair deineadh sé mar dheineadh Cúcholuinn. Cuireadh sé sólus maith ar "dheacaracht na gcleas." Is sean fhocal é gur "treise penn ná claidheamh". Is minic a chuir an phenn an claidheamh ar siúbhal. Acht níor Chlaidheamh Soluis é. Isé claidheamh na h-aigne an Claidheamh Soluis. Is treise é 'ná aon chlaidheamh corpardha. Isé a chuirean an penn féin ar siubhal. Ní bheadh aon mhaith sa phenn gan é. Acht is deacra go mór na cleasa a bhainean leis ná na cleasa a bhainean le h-aon arm eile. Foghluimse na cleasa san nó is beag an tairbhe dhuit Claidheamh Soluis. creachail - The torn-up butt of a tree, with the roots sticking out all round it; any very crooked and gnarled piece of timber. Figuratively: a person with a cross, unmanageable disposition. cuaileán - a long, crooked limb of a tree. Figura- tively: an awkward, tall yahoo of a fellow. camstuaic - a stout, crooked limb of a tree; anything crooked and unmanageable míchothromach - awkward, unmangeable ar feó - in a decaying state glamarasg - anything that makes an ugly, crackling noise brosnadh - brushwood luirgne, pl. of lurga - A shin; a slender limb of a tree, resembling a shin-bone achran - anything that causes obstruction maol - blunt béul - A mouth; the edge of any sharp weapon, or cutting instrument manntach - gapped drabhuíol - Rubbish, refuse, débris ramsáil - the act if brandishing buadh - some virtue which is in a thing cuislinn, dat. of cuisle - the arm faobhar-chleas - a feat of skill with an edged weapon banána, bocána, geinte glinne - certain spiritual beings Peadar Ua Laoghaire
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services