Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nocht an Claidheamh dhúinn, a fhir eagair

Title
Nocht an Claidheamh dhúinn, a fhir eagair
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Nocht an Claidheamh dhúinn, a fhir eagair. Tá gá le
claidheamh i n-Éirinn indiu, agus gá le solus. Tá
coílte móra le gearadh againn, coílte dúbha dorcha.
Coílte atá ag fás agus ag leathadh i n-Éirinn le
h-aimsir fhada. Is coílte iad ná fuil ionta acht an
t-adhmhad is measa dár fhás tré thalamh riamh. Tá
leata acu mór thimpal ár n-oileáin go dtí ná fhuil slígh
siúbhail ná seasaimh againn. Is minic an faobhar do
chur ortha agus gach sgéach agus tor agus creachail gan


L. 3


áird, gach cuaileán agus géagán agus camstuaic
míchothromach, do ghearadh ó'n bpréimh amach agus teine
chnámh do dhéanamh díobh. Isiad coílte an Ghall Bhéarla
na coílte sin. Táimíd múchta acu. Táimíd curtha
amú acu. Tá adhmad breágh glan díreach réidh árd na
Gaedhilge brúite, basgaithe, curtha ar feó, ag an
nglamaraisg bhrosnaidh seo, atá leata tímpal na
bpréamh aige, 'gá gcosg ar ghréim agus ar ghaoith.



Nocht an Claoidheamh dhúinn, leig an solus chúgainn.
Is fada gá le solus againn. Dob fhada gur tháinig an
solus, acht is feár déanaighe 'ná ró-dhéanaighe. Sgaoil
chúgainn é fé dheire. Nuair a bheidh an faobhar i n-ár
láimh againn agus an solus ar lasadh i n-ár dtímpal
gabhaimse orm gur geár go ndéanfimíd sligh dhúinn
féin. Is geár go mbeidh an choíl dá gearadh agus gaoth
dá thabhairt do na cúinníbh cúmhanga, agus solus dá
leigint isteach ar an h-áiteanaibh dorcha, agus géaga
cama agus luirgne lúbhtha an Bhéarla dá mbrise agus
dá stracadh agus dá raobadh, agus dá gcaitheamh amach
fé 'n spéir i dtreó go mbeidh radharc ag an saoghal
mór ortha, agus go bhfeicfidh uasal agus íseal ná fuil
sa Bhéarla acht brosna, agus má cheap aoinne gur bh'
adhmad uasal é go raibh dearmhad ar an t-é cheap san,
agus ná ceapfadh aoinne é muna mbéadh na luirgne
cama do bheith i bhfolach.



Nuair a bheidh an brosna glan as an sligh, nuair a
bheidh an talamh réidh ó'n achran, nuair a bheidh an
drabhuíol agus an faidhuile agus an fás mí-fholáin
sguabtha as an sligh, ansan seadh a chídhfar na crainn
bhreaghtha, ár n-adhmad féin na craínn atá ag fás i
n-Éirinn le dhá mhíle, ní h-eadh acht le trí mhíle bliaghan.



Is mór an obair atá roimis an gClaoidheamh. Ní mór
dó faobhar maith do bheith air. Ní dheanfadh claidheamh
maol ag an gnó go deó. Ní foláir dó, i dteannta an
faoibhir, an béul do bheith cruaidh aige. Is iomdha gad
ríghin agus radharcán daingion a bheidh le gearadh aige
agus muna mbeidh an béul cruaidh aige is geár go
mbeidh sé manntach. Is beag an tairbhe claidheamh
manntach. Acht ní baoghal do'n chlaidheamh so. Tá
buadha móra aige acht go bhfaighidh sé ceart. Isé an
claidheamh soluis é. Tabharfidh sé solus uaidh féin do'n
t-é a bheidh 'ghá ramsáil. Ní'l ag an t-é sin acht a shúile
do choimeád osgailte. Is geár go dtiocfidh sé isteach
ar an obair. Sin cuid de bhuadh an Chlaidhimh. Isé an
Claidheamh soluis é ar dhá chuma, nó dá n-abrainn ar
thrí chuma. Tabharfidh sé solus do shúil an t-é a bheidh
'ghá úsáid, eoluis d'á aigne, agus neart d'á chuislinn.
Ní'l aoinne do rachaidh i dtaithighe an chlaidhimh seo i
gceart ná déanfidh gníomh. Déanfidh sé faobhar-chleas
mar dhéineadh Cú na gcleas. Labharfidh an claidheamh
mar a labhradh claidheamh Fhearguis. Bainfidh sé gáirí
agus damhas agus léimreach a' banána, agus bocána
agus geinte glinne - cé gur fada 'na gcodla iad.



Siniad, ámh, an dá bhuadh is mó ag an g-claidheamh
so .i. Faobhar agus solus. Faobhar chum na coíle do
ghearadh agus solus chum an faoibhir do chur i bhfeidhm.
An t-é a ghlacfidh an t-arm só 'na láimh agus a
ceapfidh úsáid do dhéanamh do, tabharfadsa aon
chomhairle amháin dó. Sul a dtéidh sé isteach sa n-obair
deineadh sé mar dheineadh Cúcholuinn. Cuireadh sé
sólus maith ar "dheacaracht na gcleas." Is sean
fhocal é gur "treise penn ná claidheamh". Is minic
a chuir an phenn an claidheamh ar siúbhal. Acht níor
Chlaidheamh Soluis é. Isé claidheamh na h-aigne an
Claidheamh Soluis. Is treise é 'ná aon chlaidheamh
corpardha. Isé a chuirean an penn féin ar siubhal. Ní
bheadh aon mhaith sa phenn gan é. Acht is deacra go mór
na cleasa a bhainean leis ná na cleasa a bhainean le
h-aon arm eile.



Foghluimse na cleasa san nó is beag an tairbhe dhuit
Claidheamh Soluis.



creachail - The torn-up butt of a tree, with the roots
sticking out all round it; any very crooked and
gnarled piece of timber. Figuratively: a person
with a cross, unmanageable disposition.



cuaileán - a long, crooked limb of a tree. Figura-
tively: an awkward, tall yahoo of a fellow.



camstuaic - a stout, crooked limb of a tree; anything
crooked and unmanageable



míchothromach - awkward, unmangeable



ar feó - in a decaying state



glamarasg - anything that makes an ugly, crackling
noise



brosnadh - brushwood



luirgne, pl. of lurga - A shin; a slender limb of a
tree, resembling a shin-bone



achran - anything that causes obstruction



maol - blunt



béul - A mouth; the edge of any sharp weapon, or
cutting instrument



manntach - gapped



drabhuíol - Rubbish, refuse, débris



ramsáil - the act if brandishing



buadh - some virtue which is in a thing



cuislinn, dat. of cuisle - the arm



faobhar-chleas - a feat of skill with an edged weapon



banána, bocána, geinte glinne - certain spiritual
beings



Peadar Ua Laoghaire

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services