Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Beidh áthas ar gach caitilice ar fuaid an domhain a chlos go bhfuil an Pápa ag dul i bhfeabhas. Bhí sé i mbaoghalaibh báis ó otharas do bhris imach ar a chromán, agus do b'éigean do'n liaigh Leapóini an phúir seo do ghearradh. Chífear gur chontabhartach an gnó é seo, mar tá an Pápa oirdhearc, oirbhídneach, an-aosda - tá sé deich a's ceithre fichid. Bhí cradhsgal ar an liaigh an Biorán suain do chur ann ar eagla ná biadh croidhe an tseanduine shéimh láidir a dhóthain chum é fhulang. Is é saghas bioráin suain atá ag na dochtúiribh anois, clórafám a súghthar suas thré shróin an easláin agus tagann sámh-chodladh air, i gcás ná mothuigheann sé an sgian ghéar ag gabháil do. Is é an chuma go ndéantar an clórafám so, meas- gathar aol, uisge, brigh-aoil, agus alcóthal le n-a chéile, cuirthear i gcopán mór gloine iad, cuirthear lasair gal-ghuail fútha go mbidhid siad ag fiuchaidh, agus sgaoil- tear gal an bheirbhiúghadh thré sheacht dtroighthe ar faid de phíopa isteach go gloine eile. Bídheann ceann na pípe 'na lúbaibh, báite i n-uisge, i gcás go mbidheann an gal fuar sul a shroicheann sé an ghloine mar a shíleann sé 'na dheóraibh síos innte. Sin é an clórafám. Do dhéanfá uisge arís ar an gcuma gcéadna as an ngál do bhrúchtann as sróin an choire bhig nó an chitil atá 'n a suidhe go minic ag fiuchaidh ar chlár an teinn- teáin i gcómhair na tae do dhéanamh. Fá mar adubhairt thuas, bhí faitchios ar an liaigh an clórafám do thabhairt do'n Phápa le h-eagla ná múis- gleochadh sé go bráth as a shuan; agus dá dheasgaibh sin do b'éigean d'Athair oirdhearc na gCreidmheach faobhar na sgine d'fhulang ar feadh uaire an chloig. Tá sé teacht chuige féin anois agus ní h-iad amháin na caitilicithe go mbeidh luathgháir ortha, acht gach fear deagh-chroidheach ar fuaid an tsaoghail, mar tá Pápa Leó fá urraim mhóir mar gheall ar a léigheann a inn- tin, a shéimheacht, agus a charthanacht. Go bhfágaidh Dia a bhfad suas é.
Is mór cúmhachtach an Náisiún Almáin nó Gearmáin. Is iad na Seairmínigh nó Gearmáinigh an dream is treise anois ar dhruim an dhomhain. Ní sheasóchadh aon Chumhacht mór eile leo ar feadh rátha ar pháirc an bhualadh. Tá ceithre milliúin saighdiúirí acu, gunnaí móra, agus úirlisí teine agus an t-eolas cogaidh is feárr ag aon bhuídhean fá luighe na gréine. Is beag é a mbeann ar aon treibh eile. Tá ór a's airgead acu, inntleacht a's ealadhna agus níos feárr na sain, tá a dteanga féin acu. Timcheall céad bliadhain go leith ó shoin bhí an Ghear- máinis fá dhoilbh-cheo. Bhí an Fhraingcis gá múchadh ins na tighthibh móra, agus i bPálás an rígh. Do chleachtadh an rí cúmhachtach, cogaidh, Freidríoch Mór, an Fhraingcis do ghnáth. Deireadh sé nách raibh litrídheacht ins an nGearmáinis agus nách féadfadh sí dul ar aghaidh in n-aghaidh na Fraingcise. Níor gheill daoine bochta na tíre i n-aon-chor leis an mbaramhail sin. D'fhágadar an Fhraingcis ag an rí agus na daoinibh uaisle. Féach cionnus atáthar leo indiu! Tá sgoláirí móra an domhain ag foghluim Gearmáinise indiu. An lá fá dheireadh, eirigheann Rúnaire an Impire - An Rúnaire Coigcríoch do ghairmfidhe ar a leithéid d'oifigeach i Sasana - eirigheann sé 'na sheasamh ins an Ríochstag - Feis na n-Almánach - agus deireas sé - "Tá sgoileanna ag na h-Almáinigh i n-Ameiriocá agus i n- áiteannaibh eile tar lear chum a dteanga féin d'fhoghluim, mar tá fios acu agus againne leis muna bhfoghlumóchadh siad an ghearmáinis go gcaillfidís a náisiúntacht sínnsearach, agus dá réir sin ná biaidh searc níos sia ag clann a gcloinne ar Almáin. Ag géilleadh do'n smuaineadh so thug, go dtí so, Cisdeoir na hAlmáine trí chéad mhíle mairc dóibh siúd gach bliadhain, agus fághaim anois nach bhfuil a ndóthain ann. Iarraim, da réir sin, ar an bhFeis seo chúig chéad míle mairc." Fuair sé an méid sin go toileamhail, sé sin ós cionn trí chéad míle púnt! Ó, a Éireannacha, a cháirde mo chroidhe cad tá orainn? Feachamaois ar Ghearmáin mhór nach leigfidh amúgha uaithe aon fhear amháin dá treibh! Féach ar a teanga bhí a dtaom níos measa 'ná tá ár nGaedhilg chaithiseach anois. Chuirfadh aon phingin amháin ó gach fear i nÉirinn ár dteanga ar a bonnaibh. Má tá an teanga suas ní baoghal de'n tír-shearc. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services