Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Beidh áthas ar gach caitilice ar fuaid an domhain a
chlos go bhfuil an Pápa ag dul i bhfeabhas. Bhí sé i
mbaoghalaibh báis ó otharas do bhris imach ar a chromán,
agus do b'éigean do'n liaigh Leapóini an phúir seo do
ghearradh. Chífear gur chontabhartach an gnó é seo,
mar tá an Pápa oirdhearc, oirbhídneach, an-aosda - tá
sé deich a's ceithre fichid. Bhí cradhsgal ar an liaigh an
Biorán suain do chur ann ar eagla ná biadh croidhe an
tseanduine shéimh láidir a dhóthain chum é fhulang.



Is é saghas bioráin suain atá ag na dochtúiribh anois,
clórafám a súghthar suas thré shróin an easláin agus tagann
sámh-chodladh air, i gcás ná mothuigheann sé an sgian
ghéar ag gabháil do.



Is é an chuma go ndéantar an clórafám so, meas-
gathar aol, uisge, brigh-aoil, agus alcóthal le n-a chéile,
cuirthear i gcopán mór gloine iad, cuirthear lasair
gal-ghuail fútha go mbidhid siad ag fiuchaidh, agus sgaoil-
tear gal an bheirbhiúghadh thré sheacht dtroighthe ar faid
de phíopa isteach go gloine eile. Bídheann ceann na
pípe 'na lúbaibh, báite i n-uisge, i gcás go mbidheann
an gal fuar sul a shroicheann sé an ghloine mar a
shíleann sé 'na dheóraibh síos innte. Sin é an clórafám.



Do dhéanfá uisge arís ar an gcuma gcéadna as an
ngál do bhrúchtann as sróin an choire bhig nó an chitil
atá 'n a suidhe go minic ag fiuchaidh ar chlár an teinn-
teáin i gcómhair na tae do dhéanamh.



Fá mar adubhairt thuas, bhí faitchios ar an liaigh an
clórafám do thabhairt do'n Phápa le h-eagla ná múis-
gleochadh sé go bráth as a shuan; agus dá dheasgaibh sin do
b'éigean d'Athair oirdhearc na gCreidmheach faobhar na
sgine d'fhulang ar feadh uaire an chloig.



Tá sé teacht chuige féin anois agus ní h-iad amháin na
caitilicithe go mbeidh luathgháir ortha, acht gach fear
deagh-chroidheach ar fuaid an tsaoghail, mar tá Pápa
Leó fá urraim mhóir mar gheall ar a léigheann a inn-
tin, a shéimheacht, agus a charthanacht. Go bhfágaidh Dia
a bhfad suas é.


L. 2


Is mór cúmhachtach an Náisiún Almáin nó Gearmáin.
Is iad na Seairmínigh nó Gearmáinigh an dream is treise
anois ar dhruim an dhomhain. Ní sheasóchadh aon Chumhacht
mór eile leo ar feadh rátha ar pháirc an bhualadh. Tá
ceithre milliúin saighdiúirí acu, gunnaí móra, agus úirlisí
teine agus an t-eolas cogaidh is feárr ag aon bhuídhean
fá luighe na gréine. Is beag é a mbeann ar aon treibh
eile. Tá ór a's airgead acu, inntleacht a's ealadhna
agus níos feárr na sain, tá a dteanga féin acu.



Timcheall céad bliadhain go leith ó shoin bhí an Ghear-
máinis fá dhoilbh-cheo. Bhí an Fhraingcis gá múchadh ins
na tighthibh móra, agus i bPálás an rígh. Do chleachtadh an
rí cúmhachtach, cogaidh, Freidríoch Mór, an Fhraingcis
do ghnáth. Deireadh sé nách raibh litrídheacht ins an
nGearmáinis agus nách féadfadh sí dul ar aghaidh in n-aghaidh
na Fraingcise. Níor gheill daoine bochta na tíre i
n-aon-chor leis an mbaramhail sin. D'fhágadar an
Fhraingcis ag an rí agus na daoinibh uaisle.



Féach cionnus atáthar leo indiu! Tá sgoláirí móra
an domhain ag foghluim Gearmáinise indiu.



An lá fá dheireadh, eirigheann Rúnaire an Impire -
An Rúnaire Coigcríoch do ghairmfidhe ar a leithéid
d'oifigeach i Sasana - eirigheann sé 'na sheasamh ins an
Ríochstag - Feis na n-Almánach - agus deireas sé - "Tá
sgoileanna ag na h-Almáinigh i n-Ameiriocá agus i n-
áiteannaibh eile tar lear chum a dteanga féin
d'fhoghluim, mar tá fios acu agus againne leis muna
bhfoghlumóchadh siad an ghearmáinis go gcaillfidís a
náisiúntacht sínnsearach, agus dá réir sin ná biaidh searc
níos sia ag clann a gcloinne ar Almáin. Ag géilleadh
do'n smuaineadh so thug, go dtí so, Cisdeoir na
hAlmáine trí chéad mhíle mairc dóibh siúd gach bliadhain,
agus fághaim anois nach bhfuil a ndóthain ann. Iarraim,
da réir sin, ar an bhFeis seo chúig chéad míle mairc."



Fuair sé an méid sin go toileamhail, sé sin ós cionn
trí chéad míle púnt!



Ó, a Éireannacha, a cháirde mo chroidhe cad tá orainn?
Feachamaois ar Ghearmáin mhór nach leigfidh amúgha
uaithe aon fhear amháin dá treibh! Féach ar a teanga
bhí a dtaom níos measa 'ná tá ár nGaedhilg chaithiseach
anois. Chuirfadh aon phingin amháin ó gach fear i nÉirinn
ár dteanga ar a bonnaibh. Má tá an teanga suas ní
baoghal de'n tír-shearc.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services