Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An t-amadán agus a mháthair.
Title
An t-amadán agus a mháthair.
Author(s)
Ó Flaithbheartaigh, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN T-AMADÁN AGUS A MHÁTHAIR. Bhí bean ann agus ní raibh aici acht aon mhac amháin nach raibh aon chiall mhaith aige. Ní raibh ag an mbaintrigh do shlighe acht dhá ghabhar. Lé ceann aca seo chuir sí an t-amadán chum an aonaigh agus dubhairt sí leis a chur 'sa' bpinginn is aírde. Sheol an t-amadán leis chum an aonaigh leis an ngabhar (ní gabhar a bhí ann acht pocaide, agus níor chuimhnigh riamh gur sheas go stáideamhail i lár an chruinnighthe lé n-a phocaidín). Is geárr a bhí go dtáinic aige feairín (= firín) beag suarach i gcosamhlacht agus thosuigh sé ag ceannach an ghabhair. “Cia 'mhéad tá agad air?” deir sé leis an amadán. “An phinginn is aírde ar an n-aonach,” ars' an t-amadán. “Má 's mar sin é,” adeir an súmaire seo, “bíodh do phocaidín agad, or é is gabhairín theastuigheas uaim-se.” “Ní misde liom,” ars' an t-amadán, “dubhairt mo mháthair liomsa an gabhar a chur 'sa' bpinginn is aírde, agus ní fheicim pinginn ar bith agad-sa. Mar sin, bí 'g imtheacht, a chimleacháin, 's ná cuir an beathadhach ó dhíol orm, nó má chuirir, ní bheidh mórán ar bith dá áthas ort.” Acht sul má raibh an méid seo cainte caithte ag an n-amadán, ní raibh a fhios cá raibh an ceannuightheoir, agus níor bh'iongnadh dhó, or é b'amadán mór trom láidir teas- intinneamhail a bhí 'san n-amadán seo. Bhí búistéir brillíneach dearg ag éisteacht leis an gcaint agus teagann sé anall go dtí an t-amadán. “Cér'd tá agad ar an bpocaidín gabhair sin agad, nó ar dhá dhíol atá tú?” adeir sé leis an n-amadán. “'Ar ndó,” ars' an t-amadán, “tá an phinginn is aírde ar an n-aonach.” Sháith an búistéir bárr a mhaide láimhe síos 'sa' nguta, agus chuir pinginn ar a bárr, agus chroch a mhaide 'sa' n-aer. “Sin í an phinginn is aírde ar an n-aonach indiu,” adeir an búistéir. Bhreathnuigh an t-amadán thart thimcheall air agus annsin dubhairt sé. “'Sí, ma thugann tú dham í sin, tiubhraidh mé dhuit an gabhar.” Nuair a fuair an t-amadán an phinginn, chuaidh sé anonn go dtí an cábán, agus cheannuigh sé dhá bhriosga. D'ith sé ceann aca agus thug an ceann eile a bhaile ag a mháthair. Chomh luath is tháinic sé isteach d'fhiafhruigh a mháthair dó ar dhíol sé an gabhar. “Dhíolas,” adeir an t-amadán, “d'éir- eochadh dham, agus fuair mé an phinginn is aírde ar an n-aonach air, agus nuair a fuair mé an phinginn, cheannuigheas dhá bhriosga; d'ith mé ceann aca agus thug mé an ceann eile a bhaile agat-sa.” “Óro, a amadáin,” adeir sí, “bhíos á'm (bhí a fhios agam) gurab 'in é dhéanfhá, acht nuair a chuirfeas mé 'díol an chinn eile thú, ní dhéanfaidh tú an cleas sin.” “Ar mo choinsias ní dhéanfhad,” ars' an t-amadán ag bualadh amach. Bhí an t-amadán lá 'n-a dhiaidh sin 'sa' ngarrdha, agus tháinic múr mór báistighe. Shuidh an t-amadán faoi leachta, agus thosuigh sé ag tarraint speallaoi amach as. Thuit píosa óir amach, agus píosa, agus píosa eile. Chruinnigh an t-amadán an t-ór agus chuir sé féin agus a mháthair 'sa' gcófhra é, agus bhí sin aige lán an chófhra suas. Chuala an ministéir é, agus tháinic ag an teach, agus dubhairt go mbadh leis féin an t-ór. “Má's leat féin,” adeir an t-amadán, “do dheamhan a bhfuighir.” Acht bhí an ministéirín ag caint le máthair an amadáin faoi dheireadh gur 'ubhairt an t-amadán, nuair a b' fhada leis bhí an minis- téir istigh. “Shílfheá,” deir an t-amadán, “go bhfuil
tú ag brath ar luighe ar mo mháthair is í 'mharbhadh, acht ní leigfidh mise fhéin duit,” adeir sé ag tuitim ar an ministéir, agus 'á bhrúghadh faoi, agus as sin níor leig é nó nár fhágaibh sé deor ann. “Dar fiadh,” deir an t-amadán, “ní thuitfidh tú ar mo mháthair aríst.” D'imthigh leis fhéin lé n-a mháthair annsin agus chuireadar an ministéir i bpoll mónadh. Acht ghoin a haire an mháthair agus dheamhan marar (= munar) chuimhnigh sí gur'b é inn- seacht a dhéanfhadh an t-amadán. Téidheann sí agus mar'uigheann sí an gabhar eile agus cuireann sí é 'sa' bpoll i raibh an ministéir agus chuir sí an ministéir i bpoll eile tamall maith as an áit sin, agus rinne sí seo i ngan-fhios do'n amadán. Is geárr go dtáinic tóir ar an n-amadán, agus fiafhruigheadh dhe timcheall ar an ministéir. “Mhar'uigh mise é,” deir an t-amadán, “agus chuir mé fhéin agus mo mháthair é.” “A' 'spáinfhea (dtaisbeanfá) dhúinne,” deir na Peelers, “an áit ar cuireadh é?” “Siubhlaidh liom,” adeir an t-amadán. “D'imtigh leobh (= leó) agus 's geárr go dtáinic 'sa' n-áit, agus bhí an cartadh déanta ann úr glan.” “By dad,” adeir na Peelers, “tá tú ceart!” Leis an n-amadán. “Táim,” adeir an t-amadán, “cartaidh 'níos go beo, agus b'fhéidir go mbeidheadh sé beo agaibh.” Thosuigh na Peelers ag cartadh, a mhic Ó! is geárr go bhfacadar dhá adhairc. “'Raibh adharca ar do mhinnistéirín?” adeir an t-amadán. Is geárr go raibh cnámh an droma noch- thuighte. “Raibh fionnfadh ar do mhinistéirín?” adeir an t-amadán. “Ara, a amadáin,” adeir na Peelers, “is ag magadh fúinn atá tú.” “'Ar ndó', 'seadh,” ars' an t-amadán. Sin é a raibh aca do bhárr an amadáin. Cia an léigheann a ghnidheas sinn 'fhoghluim ó'n sgéal seo? Is é: Gur i n-aice na n-amadán a ghnidheas fir chríonna beart. Seaghán Ó Flaithbheartaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services