Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An t-amadán agus a mháthair.

Title
An t-amadán agus a mháthair.
Author(s)
Ó Flaithbheartaigh, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN T-AMADÁN AGUS A MHÁTHAIR.



Bhí bean ann agus ní raibh aici acht
aon mhac amháin nach raibh aon
chiall mhaith aige. Ní raibh ag
an mbaintrigh do shlighe acht
dhá ghabhar. Lé ceann aca seo chuir sí an
t-amadán chum an aonaigh agus dubhairt sí leis
a chur 'sa' bpinginn is aírde. Sheol an
t-amadán leis chum an aonaigh leis an
ngabhar (ní gabhar a bhí ann acht pocaide, agus
níor chuimhnigh riamh gur sheas go stáideamhail
i lár an chruinnighthe lé n-a phocaidín). Is
geárr a bhí go dtáinic aige feairín (=
firín) beag suarach i gcosamhlacht agus thosuigh
sé ag ceannach an ghabhair.



“Cia 'mhéad tá agad air?” deir sé leis
an amadán.



“An phinginn is aírde ar an n-aonach,”
ars' an t-amadán.



“Má 's mar sin é,” adeir an súmaire
seo, “bíodh do phocaidín agad, or é is
gabhairín theastuigheas uaim-se.”



“Ní misde liom,” ars' an t-amadán,
“dubhairt mo mháthair liomsa an gabhar a
chur 'sa' bpinginn is aírde, agus ní fheicim
pinginn ar bith agad-sa. Mar sin, bí 'g
imtheacht, a chimleacháin, 's ná cuir an
beathadhach ó dhíol orm, nó má chuirir, ní bheidh
mórán ar bith dá áthas ort.”



Acht sul má raibh an méid seo cainte
caithte ag an n-amadán, ní raibh a fhios cá
raibh an ceannuightheoir, agus níor bh'iongnadh
dhó, or é b'amadán mór trom láidir teas-
intinneamhail a bhí 'san n-amadán seo.



Bhí búistéir brillíneach dearg ag éisteacht
leis an gcaint agus teagann sé anall go dtí
an t-amadán.



“Cér'd tá agad ar an bpocaidín gabhair
sin agad, nó ar dhá dhíol atá tú?” adeir sé
leis an n-amadán.



“'Ar ndó,” ars' an t-amadán, “tá an
phinginn is aírde ar an n-aonach.”



Sháith an búistéir bárr a mhaide láimhe
síos 'sa' nguta, agus chuir pinginn ar a bárr, agus
chroch a mhaide 'sa' n-aer.



“Sin í an phinginn is aírde ar an n-aonach
indiu,” adeir an búistéir.



Bhreathnuigh an t-amadán thart thimcheall
air agus annsin dubhairt sé.



“'Sí, ma thugann tú dham í sin, tiubhraidh
mé dhuit an gabhar.”



Nuair a fuair an t-amadán an phinginn,
chuaidh sé anonn go dtí an cábán, agus cheannuigh
sé dhá bhriosga. D'ith sé ceann aca agus thug
an ceann eile a bhaile ag a mháthair.



Chomh luath is tháinic sé isteach d'fhiafhruigh
a mháthair dó ar dhíol sé an gabhar.



“Dhíolas,” adeir an t-amadán, “d'éir-
eochadh dham, agus fuair mé an phinginn is aírde
ar an n-aonach air, agus nuair a fuair mé an
phinginn, cheannuigheas dhá bhriosga; d'ith mé
ceann aca agus thug mé an ceann eile a bhaile
agat-sa.”



“Óro, a amadáin,” adeir sí, “bhíos á'm
(bhí a fhios agam) gurab 'in é dhéanfhá, acht
nuair a chuirfeas mé 'díol an chinn eile thú,
ní dhéanfaidh tú an cleas sin.”



“Ar mo choinsias ní dhéanfhad,” ars' an
t-amadán ag bualadh amach.



Bhí an t-amadán lá 'n-a dhiaidh sin 'sa'
ngarrdha, agus tháinic múr mór báistighe. Shuidh
an t-amadán faoi leachta, agus thosuigh sé ag
tarraint speallaoi amach as. Thuit píosa
óir amach, agus píosa, agus píosa eile. Chruinnigh
an t-amadán an t-ór agus chuir sé féin agus a
mháthair 'sa' gcófhra é, agus bhí sin aige lán an
chófhra suas.



Chuala an ministéir é, agus tháinic ag an
teach, agus dubhairt go mbadh leis féin an
t-ór.



“Má's leat féin,” adeir an t-amadán,
“do dheamhan a bhfuighir.”



Acht bhí an ministéirín ag caint le máthair
an amadáin faoi dheireadh gur 'ubhairt an
t-amadán, nuair a b' fhada leis bhí an minis-
téir istigh.



“Shílfheá,” deir an t-amadán, “go bhfuil


L. 244


tú ag brath ar luighe ar mo mháthair is í
'mharbhadh, acht ní leigfidh mise fhéin duit,”
adeir sé ag tuitim ar an ministéir, agus 'á
bhrúghadh faoi, agus as sin níor leig é nó nár
fhágaibh sé deor ann.



“Dar fiadh,” deir an t-amadán, “ní
thuitfidh tú ar mo mháthair aríst.”



D'imthigh leis fhéin lé n-a mháthair annsin
agus chuireadar an ministéir i bpoll mónadh.
Acht ghoin a haire an mháthair agus dheamhan
marar (= munar) chuimhnigh sí gur'b é inn-
seacht a dhéanfhadh an t-amadán. Téidheann
sí agus mar'uigheann sí an gabhar eile agus cuireann
sí é 'sa' bpoll i raibh an ministéir agus chuir sí
an ministéir i bpoll eile tamall maith as
an áit sin, agus rinne sí seo i ngan-fhios do'n
amadán.



Is geárr go dtáinic tóir ar an n-amadán,
agus fiafhruigheadh dhe timcheall ar an ministéir.



“Mhar'uigh mise é,” deir an t-amadán,
“agus chuir mé fhéin agus mo mháthair é.”



“A' 'spáinfhea (dtaisbeanfá) dhúinne,”
deir na Peelers, “an áit ar cuireadh é?”



“Siubhlaidh liom,” adeir an t-amadán.



“D'imtigh leobh (= leó) agus 's geárr go
dtáinic 'sa' n-áit, agus bhí an cartadh déanta
ann úr glan.”



“By dad,” adeir na Peelers, “tá tú
ceart!” Leis an n-amadán.



“Táim,” adeir an t-amadán, “cartaidh
'níos go beo, agus b'fhéidir go mbeidheadh sé
beo agaibh.”



Thosuigh na Peelers ag cartadh, a mhic Ó!
is geárr go bhfacadar dhá adhairc.



“'Raibh adharca ar do mhinnistéirín?”
adeir an t-amadán.



Is geárr go raibh cnámh an droma noch-
thuighte.



“Raibh fionnfadh ar do mhinistéirín?”
adeir an t-amadán.



“Ara, a amadáin,” adeir na Peelers, “is
ag magadh fúinn atá tú.”



“'Ar ndó', 'seadh,” ars' an t-amadán.



Sin é a raibh aca do bhárr an amadáin.



Cia an léigheann a ghnidheas sinn 'fhoghluim
ó'n sgéal seo? Is é: Gur i n-aice na
n-amadán a ghnidheas fir chríonna beart.



Seaghán Ó Flaithbheartaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services