Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Iarraidh Gliomach.
Title
Ag Iarraidh Gliomach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AG IARRAIDH GLIOMACH. 1. Is iomdha sibhte atá ag an duine le slighe bheathadh 'bhaint amach, thar a bheith ag dréim le talamh nó le heallach, mar atá a lán de mhuintir na hÉireann. Gidh go raibh sglábhaidheacht ar an talamhaidhe agus ar fhear an eallaigh, bhí gach aon duine aca ag cur airgid ina phóca as a shibhte féin, agus 'na luighe go mín cineálta ar a leabaidh 'san oidhche, an uair a bhíodh iasgairí na sgadán 's na ngliomach gach oidhche 's gach lá ar cheann maide rámha, agus iomramh i n-aghaidh fairrge 's i n-aghaidh gála, ag iarraidh sgillinge shaothrughadh. An muintir a bhí ar an ealadhain sin, dá mhéad an sglábhaidheacht dá mbeadh ortha, is amhlaidh is lugha bheadh suim aca i sgilling a chaitheadh. Chaithfidís sgilling 'san áit nach gcaithfeadh fear tíre pinginn, agus ól nó ag imirt nó ag déanamh siamsa. Sin í an tsibhte d'fhéacfadh an fear ó thús go deireadh. Caiptín an Bháid agus a Fhoireann. 2. Comh luath agus thiocfadh an geimhreadh, bheadh caiptín an bháid ag piocadh foirne maithe amach dó féin, triúr fear eile agus é féin. Nuair a bheadh foireann réidhtighthe aige, ghabhfaidís ag baint slat — slata saighealánach. Nó mar (=muna) bhfuigheadh siad an saighealanch go réidh, rachadh siad faoi thom aitinne, dá ghearradh 's dá ghlanadh; gidh go mbudh deacair é ghlanadh le a raibh de dheilg ann. Nuair a bhéaraidís ualach de'n aitinn sin a-bhaile, théidhidís ag déanamh na bpotaidhe, 's ní stopaidís go mbeadh lán an bháid de na potaidhe déanta aca. 3. Budh gheall le ceird é i n-áiteachaibh, bheith i n-ann pota gliomach a dhéanamh, gídh go ndéanadh gach aon duine ar an gClochán a chuid féin aca. Déanamh na bPotaidhe. 4. Ma bhíonn ort choidhche dul ag iarraidh gliomach, 's go mbeidh súil agat leanamhaint dó, agus do bheatha bhaint as an tsibhte sin, ní mór dhuit fios a bheith agat le pota gliomach a dhéanamh. Agus dá mbeinn-se ag cur comhairle ort, bhéarfainn an chomhairle chéadna dhuit a thug fear ó Connamara dhom féin — Pádraig Ó Luideáin, a bhí ar an gClochán. 5. Tabhair leat do bheart slat amach ar an talamh bán, agus fagha áit a mbeidh craiceann roighin air. Pioc amach na slata is dirighe a bheas agat, agus cuir sgoth ortha. Ann sin sáith a seacht nó a hocht de na slataibh sin thart timcheall ar spota beag. Cuir síos díreach iad go bhfuighidh siad greim ar an bhfód. Bíodh sé 'na mongla chruinn agat, agus tuairim a ceathair nó a cúig d'orlaighibh ar leithead ann. Sin iad na sáiteáin, nó easnachaidhe an phota. 6. Déanfaidh tú figheachán annsin le do chuid slat idir na heasnachaidhe, mar bheitheá
ag déanamh cléibhín, nó go mbeidh sé a seacht nó a hocht d'orlighibh i n-airde — nó mar déarthá fad do chúig méar ó bhárr t'ordóige go bárr do ladhraicín. Sin í an pháirt de'n phota a dtugann siad an “bearach” air. 7. Nuair a bheas an méid sin déanta agad, sáithfidh tú slat eile síos le taoibh gach aon chinn de na heasnachaibh, agus beidh tú ag figheachán arís mar rinne tú cheanna, agus dúblughadh na n-easnachaidhe. Annsin lúb- faidh tú na heasnachaidhe anuas agus amach ó 'n mbearnaigh, agus fighfidh tú amach idir na heasnachaidhe troigh go leith, nó mar dearthá fad cnámha t'uilleann, agus fágfaidh sin builg amach air. 'S an t-ainm atá ar an bpáirt sin de'n phota, an “bhathais.” 8. 'Na dhiaidh sin, sáithfidh tú easna eile isteach le taoibh gach easna thart timcheall, dá ndúblughadh ar ais arís. An uair a bheas sin déanta agad, tarraing an bhearach as an talamh, agus gearr na sáiteáin de amach ó'n gcéad bhuinne. Ionntuigh baithis an phota ar an talamh, agus tosuigh leat suas ag figheachán idir na heasnachaidhe, go mbídh sé chomh hárd le do ghlúin. Annsin lúbfaidh tú leath na n-easnachaidhe, mar bheitheá ag cur tóna i gcliabh, agus fighfidh tú an leath eile de na heasnachaibh eatorra sin. Fágfaidh sin builg amach ar a thóin. Sin é déanamh an phota ghliomach. Deunamh na dTéadraidhe. 9. An uair a bheas do chuid potaidhe déanta agad agus iad bailighthe i dteannta a chéile, 'sé an céad rud a bheas ag tasdáil uait téadraidhe n-a bpotaidhe. Cuirfidh tú do chuid muiríleach ar bogadh i n-uisge bog go ceann uaire nó dhó. Annsin beidh sí mín roighin le leigean. Tá an mhuiríleach cruaidh briosg, mar tá sí baint ó anuraidh, acht an uair a curtar ar bogadh í, ní'l moill ar bith rópa dhéanamh aisti. 10. Is furas téadraidhe dhéanamh. Ní bheidh ort acht dual a chur thart ar dhual, mar bheitheá ag déanamh rópa ar bith. Caithfear an téad a bheith fiche feadh ar fad agad, agus gan a bheith tí is(=ní is, níos) tiuighe ná leath-orlach, agus corca bheith ar gach aon dara feadh ó bhun go barr. Bíodh gach aon chorca ceangailte ar an téid, i riocht nach sgiorr- faidh sé síos nó suas, agus bíodh blocán bán péine 'na bhuaidh agad ar cheann gach téide. Annsin ceangail bun na téide ar bhathais an phota, agus bíodh sé go dluth le béal na bear- aighe. Tá leat anois. Tá na téadraidhe déanta, agus sin é an pota gliomach iomlán agad. Cur na bPotaidhe. 11. Sin é an uair a bhíodh an rup-rap ag muintir an chladaigh ag cur an earraigh, ag cuimhling le chéile ag iarraidh túis an tséasúir a bheith aca. Ní luaithe bhíodh ias- gairí na ngliomach réidh leis an earrach, na fataidhe curtha agus an gráinne sa' talamh, ná chuireadh siad na potaidhe sa' mbád, agus cuireadh siad isteach lón agus uisge a mhairfeadh sé la na seachtaine. Bhíodh sin aca, i dteannta an lóin, doisín nó dhó d'iasg ar bith le baoití potaidhe dhéanamh. Ghearraidís an t-iasg 'na ghiotaidhibh chomh leathan le do ghlaic, agus chuiridís ar bhior iad. Cuiridís na biorannaidhe isteach sa' bpota. Bhíodh baoite ar chean gach aon bheara, agus an ceann eile de'n bhior sáithte suas thríd an taoibh istigh de bhathais an phota, agus bhíodh an bior i bhfastódh faoi bhuinne nó faoi easna, i riocht go mbeadh greim maith air. Dhéanaidís bioran- naidhe as slata saighealánach, nó as cineál eile bhíodh ag fás ar an tráigh, a dtugaidís an “buacal” air. 12. Nuair a bhíodh sin déanta ag na hiasgairíbh, agus gach aon tsórt ina áit féin 'sa mbád, chrochaidís suas a gcuid seólta go dtéidís dhá fhichid míle ó 'n mbaile, amach faoi na hoileáin, 'san áit i stríocfadh siad seól agus i gcuirfeadh siad na potaidhe. Bhíodh gach aon fhear ina áit féin, beirt ag iomramh, fear ag baoiteáil, 's fear eile ag cur na
bpotaidhe. Bhíodh na potaidhe curtha le taoibh na talmhan isteach ins na fuaghachaibh, 's gach aon phota fad na téide ó chéile. Déanamh teallta. 13. An uair a bheadh na potaidhe curtha i gceart ag na fir(=fearaibh), rachaidís ar anacaire fá chomhair na hoidhche i n-éadan na h-aibhéisge agus ar fasgadh aille nó carraige go maidin. Annsin ghléasfadh siad suipéar dhóibh féin, agus a léis(tar éis) an tsuipéir, dhéanfadh siad an teallta. 14. B'fhurusa leóbhtha (=leó) teallta dhéanamh. Chrochaidis suas dhá mhaide rámh, 's chuiridís glac gach maide faoi 'n teile tosaigh, 's d'fhágfadh sin an lona ar an seas croinn agus bos an mhaide rámha níor airde ná mullach fir. Cuireadh an chleith idir an dá mhaide rámha, a ceann ar an seas croinn, agus an ceann eile crochta as an lainnéir píoca. Chuir sin druim agus díon sa' teallta. Annsin líon gach aon fhear a phíopa agus thosuigh sé ag caitheadh tobac. An té nach raibh píopa aige, thosuigh sé ag gabháil abhráin nó ag casadh puirt. 'Na dhiaidh sin, shín gach fear ar bhalasta an bháid, le néal a chodladh, dá mb'fhéidir leis é. 15. Tús an tséasúir a bhí ann an uair sin, agus míle uair i n-imtheacht an tséasúir d'athruigheadh gaoth sa' meadhón oidhche nó as sin go maidin ar na fir bhochta sin, go mbudh mhór an díol tuaighe iad; agus go dtiubhradh fear talmhan, a bheadh amuigh annsin, a bhfaca sé riamh, agus leithead a dhá chois a bheith aige ar an talamh glas, leis an réabadh bhí ar an bhfairrge isteach ó'n tuinn mhóir, agus i ag pléasgadh i n-aghaidh na talmhan, agus ag éirghe suas ar an bhféar glas. 16. Budh í sin an sglábhaidheacht dá ríre. Ara! féacha na fir bhochta sin ag iarraidh a gcuid potaidhe thógáil i lár na hoidhche duibhe, agus ag iarraidh iad féin a shábháil ó dhul isteach ins na fuaghachaibh, 's go ndúinfeá do shúile, sul dá bhfeicfeá iad dá múchadh nó dá mbáthadh 'sna bruthannaibh móra sin a bhí ag pléasgadh na dtimcheall. 17. Budh mhinic le hiasgairibh na ngliomach dhá oidhche 's dá lá chaitheadh ar fasgadh carraige, ag leigean 's ag tabhairt, ag fanach(=fanamhain) go dtagadh stánadh ar bith ar an ngála, cé gur minic a chaithidís rith ar thalamh eicín(=éigin) eile, idir a mbeó nó a marbh, ag iarraidh iad féin a shábháil. Agus 'na dhiaidh sin agus uilig(=uile), an uair a thiocfadh siad a-bhaile, ní bheadh leisge ar bith ortha sgilling nó coróin a chaitheadh le comharsain nó le duine muin- tireach, chomhfhad is bheadh pinginn ina bpócaidhe. Tógáil na bPotaidhe. 18. Ní'l moill ar bith na potaidhe thógáil má bhíonn an aimsir ciúin. Acht mar (=muna) mbídh, tá a dtrioblóid féin leóbhtha. Is gnáthach leis na gliomadóiríbh na potaidhe thógáil ceithre huaire sa' lá acht má bhíonn na gliomaigh fairsing, tógfaidh siad na potaidhe i n-éadan na huaire. Curtar na potaidhe ar fad isteach sa' mbád, agus annsin, pota ar bith a mbeidh gliomach ann, cuirfidh fear a lámh isteach ann, agus bhéarfaidh sé an gliomach amach ar ghreim droma, agus cuirfidh sé sa' bpota taisge é. Curtar baoití úra isteach gach uile uair a bhíos na potaidhe dá gcur, agus caithtear amach na sean-bhaoití. 19. Léir(=réir) mar bhaineas duine na gliomaigh as na potaidhe, cuireann sé faoi bhannaidhe iad. Cuireann sé gach aon ghliomach faoi bhannaidhe nach mbainfidh se le haon ghliomach eile dá mbeidh sa bpota taisge i n-éinfheacht leis. Bíonn na ban- naidhthe déanta roimh ré, agus ar láimh ag máighistir an bháid, le n-a gcur i ngníomh ar ordógaibh an ghliomaigh. Tá an bannaidhe déanta as blocáin péine, agus é mar bheadh geing, agus mead ann dé réir toirt an ghliomaigh. Rug máighistir an bháid ar an
ngliomach, agus chuir sé idir a dhá ghlúin é, agus bhuail sé an bannaidhe isteach le láimh na sgine idir méar bheag gach aon ordóige móire. Níor leig sin do'n ordóig a fos- gladh ní ba mhó. Mar dá mbéarfaidh an gliomach greim ort-sa nó orm-sa nó ar aon duine eile, gheárrfadh sé an fheóil isteach go cnáimh mar gheárrrfadh rásúr. Díol Gliomach. 20. Má's ag trácht ar sgábhaidheacht nó ar an anró é, bhí a seacht sáith dhe sin ag na fir a bhí ag dréim le fairrge, go speisialta na gliomadóirí a bheadh sé lá na seachtaine imthighthe ó bhaile, agus luighe agus ag éirghe ina gcuid éadaigh, cebé fliuch nó fuar iad, agus iarraidh na ngliomach i bhfad ó bhaile, agus gan eatorra agus an bás acht cláirín péine. Agus féach cé an croidhe bhí aca 'na dhiaidh sin. Bhí siad chomh croidheamhail le páisde bheadh ag dul ar sgoil. Nuair a thiocfadh siad a-bhaile agus dhíolfadh siad na gliomaigh, bheadh ithe agus ól aca, greann agus spórt. 21. Dhíolfadh siad na gliomaigh sa' mbaile mór a budh ghoire dhóibh, le ceannaidhe gliomach. De réir an doisín a díolfaidhe iad, agus bheadh trí cinn deag sa' doisín. Chaitheadh na gliomach bheith sé horlaigh ar fad ó ghob na súile go básta. Cuma an Ghliomaigh. 22. Gidh gur iasg duine uasail é an gliomach ní'l aon iasg fa' bhfairrge níos aistighe 'ná é. Bíonn sé ag siubhal ar íochdar na fairrge le n-a chrúbaidhe fada caola, mar d'fheicfeá beathadhach ar talamh. Agus an cineál snámha atá aige, ní'l sé ag iasg ar bith eile sa' bhfairrge. Nuair a bhíonn sé ag snámh, i leabaidh dhul ar aghaidh, 'sé an chaoi i mbíonn sé ag imtheach, i dtaoibh a thóna. 23. Tá súile an ghliomaigh taobh amuigh dá cheann, mar tá dhá bhior, ceann ar gach aon taoibh dá chloigeann, ag fás amach as a inchinn, agus tá súil ar cheann gach aon bheara. Lúbann na biorannaidhe síos agus suas, siar agus aniar. Sin é an fáth go bhfeicfidh an gliomach gach aon taobh de, faoi agus thairis, roimh agus 'na dhiaidh. Tá na biorrannaidhe sin faoi n-a smacht mar tá do chúig méara faoi do smacht-sa. 24. Is náimhdeach an rud an gliomach. Má bhíonn dá sdail — “sdail” atá ar an ngliomach fireann — nó dhá ghliomach bhoine anna sa' bpota i gcuideachta, ní thiocfaidh siad le chéile. Troidfidh siad le chéile nó go ngearraidh siad na crúbaidhe dá chéile. 25. Agus nach aisteach leat é, má bain- tear crúa de ghliomach, go bhfásfaidh an chrúba arís go mbídh sí chomh maith agus bhí sí riamh? Ma baintear géag de, tiocfaidh an ghéag arís, agus beidh sí chomh maith agus bhí sí cheana. Ní'l aon chal dochtúireacht' ar an ngliomach. 26. Mar dubhramar cheana, is aisteach an breac an gliomach. Ní feóil 's ní hiasg é. Tá a chuid éisg fighte fuaighte 'na thrillseán, 's tá a chonablach cnámhach agus lán de'n chineál sin éisg. Má's mian lead an t-iasg a ghlanadh agus na cnámha bhaint as, tabhair leath- bhruith dhó agus craith a chonablach agus tuitfidh an t-iasg as. Agus má 's maith leat an gliomach a bhruith i gceart, fagha piona maide agus cuir sa' bpoll é atá i n-íochdar a iarbaill, agus stopfaidh sé sin an séasúr atá sa' ngliomach ó dhul thríd. Caithfidh tú an gliomach, chomhfhad 's tá sé beó, chur síos i bpota uisge fiochaidh, i riocht nach mbeidh spás aige le milleadh. Sin é gliomach glas an duine uasail. An Gliomach Muire. 27. Tá cineál eile gliomach ann a dtug- ann siad an gliomach Muire air. Tá sé níos mó ná an gliomach glas, agus dath dearg air. Ní'l aon ordóg mór air, mar tá ar an ngliomach eile. Ní'l aon mhian ag an uaisle air, cé go bhfuil a chuid éisg chomh maith leis an ngliomach glas. Agus dá n-iththeá béile bídh dhe ar maidin, ní iarrfá
blas eile ar feadh dhá oidhche 's dá lá. Bheitheá chomh líonta 's chomh sásta 's go sílfeá go mbeitheá chomh láidir le tarbh. Ní raibh aon mheas ag an uaisle ar an iasg sin, mar nach raibh a fhios aca cé an neart agus an gníomh a bhí ann. Bhí sé gann. Ní bhfuightheá gliomach Muire i n-áit i bhfuightheá chúig céad gliomach glas. Oisín.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services