Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Iarraidh Gliomach.

Title
Ag Iarraidh Gliomach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 267


AG IARRAIDH GLIOMACH.



1. Is iomdha sibhte atá ag an duine
le slighe bheathadh 'bhaint amach,
thar a bheith ag dréim le talamh
nó le heallach, mar atá a lán de
mhuintir na hÉireann. Gidh go
raibh sglábhaidheacht ar an talamhaidhe agus ar
fhear an eallaigh, bhí gach aon duine aca ag
cur airgid ina phóca as a shibhte féin, agus 'na
luighe go mín cineálta ar a leabaidh 'san
oidhche, an uair a bhíodh iasgairí na sgadán 's
na ngliomach gach oidhche 's gach lá ar cheann
maide rámha, agus iomramh i n-aghaidh fairrge
's i n-aghaidh gála, ag iarraidh sgillinge
shaothrughadh. An muintir a bhí ar an ealadhain
sin, dá mhéad an sglábhaidheacht dá mbeadh
ortha, is amhlaidh is lugha bheadh suim aca i
sgilling a chaitheadh. Chaithfidís sgilling 'san
áit nach gcaithfeadh fear tíre pinginn, agus
ól nó ag imirt nó ag déanamh siamsa. Sin
í an tsibhte d'fhéacfadh an fear ó thús go
deireadh.



Caiptín an Bháid agus a Fhoireann.



2. Comh luath agus thiocfadh an geimhreadh,
bheadh caiptín an bháid ag piocadh foirne
maithe amach dó féin, triúr fear eile agus é
féin. Nuair a bheadh foireann réidhtighthe
aige, ghabhfaidís ag baint slat — slata
saighealánach. Nó mar (=muna) bhfuigheadh
siad an saighealanch go réidh, rachadh
siad faoi thom aitinne, dá ghearradh 's dá
ghlanadh; gidh go mbudh deacair é ghlanadh
le a raibh de dheilg ann. Nuair a bhéaraidís
ualach de'n aitinn sin a-bhaile, théidhidís ag
déanamh na bpotaidhe, 's ní stopaidís go
mbeadh lán an bháid de na potaidhe déanta
aca.



3. Budh gheall le ceird é i n-áiteachaibh,
bheith i n-ann pota gliomach a dhéanamh, gídh
go ndéanadh gach aon duine ar an gClochán
a chuid féin aca.



Déanamh na bPotaidhe.



4. Ma bhíonn ort choidhche dul ag iarraidh
gliomach, 's go mbeidh súil agat leanamhaint
dó, agus do bheatha bhaint as an tsibhte sin, ní
mór dhuit fios a bheith agat le pota gliomach
a dhéanamh. Agus dá mbeinn-se ag cur
comhairle ort, bhéarfainn an chomhairle
chéadna dhuit a thug fear ó Connamara dhom
féin — Pádraig Ó Luideáin, a bhí ar an
gClochán.



5. Tabhair leat do bheart slat amach ar
an talamh bán, agus fagha áit a mbeidh craiceann
roighin air. Pioc amach na slata is dirighe
a bheas agat, agus cuir sgoth ortha. Ann sin
sáith a seacht nó a hocht de na slataibh sin
thart timcheall ar spota beag. Cuir síos
díreach iad go bhfuighidh siad greim ar an
bhfód. Bíodh sé 'na mongla chruinn agat, agus
tuairim a ceathair nó a cúig d'orlaighibh ar
leithead ann. Sin iad na sáiteáin, nó
easnachaidhe an phota.



6. Déanfaidh tú figheachán annsin le do
chuid slat idir na heasnachaidhe, mar bheitheá


L. 238


ag déanamh cléibhín, nó go mbeidh sé a seacht
nó a hocht d'orlighibh i n-airde — nó mar
déarthá fad do chúig méar ó bhárr t'ordóige
go bárr do ladhraicín. Sin í an pháirt de'n
phota a dtugann siad an “bearach” air.



7. Nuair a bheas an méid sin déanta
agad, sáithfidh tú slat eile síos le taoibh
gach aon chinn de na heasnachaibh, agus beidh tú
ag figheachán arís mar rinne tú cheanna, agus
dúblughadh na n-easnachaidhe. Annsin lúb-
faidh tú na heasnachaidhe anuas agus amach ó
'n mbearnaigh, agus fighfidh tú amach idir na
heasnachaidhe troigh go leith, nó mar dearthá
fad cnámha t'uilleann, agus fágfaidh sin builg
amach air. 'S an t-ainm atá ar an bpáirt
sin de'n phota, an “bhathais.”



8. 'Na dhiaidh sin, sáithfidh tú easna eile
isteach le taoibh gach easna thart timcheall,
dá ndúblughadh ar ais arís. An uair a bheas
sin déanta agad, tarraing an bhearach as
an talamh, agus gearr na sáiteáin de amach ó'n
gcéad bhuinne. Ionntuigh baithis an phota ar
an talamh, agus tosuigh leat suas ag figheachán
idir na heasnachaidhe, go mbídh sé chomh hárd
le do ghlúin. Annsin lúbfaidh tú leath na
n-easnachaidhe, mar bheitheá ag cur tóna i
gcliabh, agus fighfidh tú an leath eile de na
heasnachaibh eatorra sin. Fágfaidh sin
builg amach ar a thóin.



Sin é déanamh an phota ghliomach.



Deunamh na dTéadraidhe.



9. An uair a bheas do chuid potaidhe
déanta agad agus iad bailighthe i dteannta
a chéile, 'sé an céad rud a bheas ag tasdáil
uait téadraidhe n-a bpotaidhe. Cuirfidh tú
do chuid muiríleach ar bogadh i n-uisge bog
go ceann uaire nó dhó. Annsin beidh sí mín
roighin le leigean. Tá an mhuiríleach cruaidh
briosg, mar tá sí baint ó anuraidh, acht an
uair a curtar ar bogadh í, ní'l moill ar bith
rópa dhéanamh aisti.



10. Is furas téadraidhe dhéanamh. Ní
bheidh ort acht dual a chur thart ar dhual, mar
bheitheá ag déanamh rópa ar bith. Caithfear
an téad a bheith fiche feadh ar fad agad, agus
gan a bheith tí is(=ní is, níos) tiuighe ná
leath-orlach, agus corca bheith ar gach aon dara
feadh ó bhun go barr. Bíodh gach aon chorca
ceangailte ar an téid, i riocht nach sgiorr-
faidh sé síos nó suas, agus bíodh blocán bán
péine 'na bhuaidh agad ar cheann gach téide.
Annsin ceangail bun na téide ar bhathais an
phota, agus bíodh sé go dluth le béal na bear-
aighe. Tá leat anois. Tá na téadraidhe
déanta, agus sin é an pota gliomach iomlán
agad.



Cur na bPotaidhe.



11. Sin é an uair a bhíodh an rup-rap ag
muintir an chladaigh ag cur an earraigh, ag
cuimhling le chéile ag iarraidh túis an
tséasúir a bheith aca. Ní luaithe bhíodh ias-
gairí na ngliomach réidh leis an earrach, na
fataidhe curtha agus an gráinne sa' talamh, ná
chuireadh siad na potaidhe sa' mbád, agus
cuireadh siad isteach lón agus uisge a mhairfeadh
sé la na seachtaine. Bhíodh sin aca, i
dteannta an lóin, doisín nó dhó d'iasg ar
bith le baoití potaidhe dhéanamh. Ghearraidís
an t-iasg 'na ghiotaidhibh chomh leathan le do
ghlaic, agus chuiridís ar bhior iad. Cuiridís na
biorannaidhe isteach sa' bpota. Bhíodh baoite
ar chean gach aon bheara, agus an ceann eile
de'n bhior sáithte suas thríd an taoibh istigh de
bhathais an phota, agus bhíodh an bior i bhfastódh
faoi bhuinne nó faoi easna, i riocht go
mbeadh greim maith air. Dhéanaidís bioran-
naidhe as slata saighealánach, nó as cineál
eile bhíodh ag fás ar an tráigh, a dtugaidís
an “buacal” air.



12. Nuair a bhíodh sin déanta ag na
hiasgairíbh, agus gach aon tsórt ina áit féin 'sa
mbád, chrochaidís suas a gcuid seólta go
dtéidís dhá fhichid míle ó 'n mbaile, amach
faoi na hoileáin, 'san áit i stríocfadh siad
seól agus i gcuirfeadh siad na potaidhe. Bhíodh
gach aon fhear ina áit féin, beirt ag iomramh,
fear ag baoiteáil, 's fear eile ag cur na


L. 239


bpotaidhe. Bhíodh na potaidhe curtha le
taoibh na talmhan isteach ins na fuaghachaibh,
's gach aon phota fad na téide ó chéile.



Déanamh teallta.



13. An uair a bheadh na potaidhe curtha i
gceart ag na fir(=fearaibh), rachaidís ar
anacaire fá chomhair na hoidhche i n-éadan na
h-aibhéisge agus ar fasgadh aille nó carraige
go maidin. Annsin ghléasfadh siad suipéar
dhóibh féin, agus a léis(tar éis) an tsuipéir,
dhéanfadh siad an teallta.



14. B'fhurusa leóbhtha (=leó) teallta
dhéanamh. Chrochaidis suas dhá mhaide rámh,
's chuiridís glac gach maide faoi 'n teile
tosaigh, 's d'fhágfadh sin an lona ar an seas
croinn agus bos an mhaide rámha níor airde ná
mullach fir. Cuireadh an chleith idir an dá
mhaide rámha, a ceann ar an seas croinn, agus
an ceann eile crochta as an lainnéir píoca.
Chuir sin druim agus díon sa' teallta. Annsin
líon gach aon fhear a phíopa agus thosuigh sé ag
caitheadh tobac. An té nach raibh píopa
aige, thosuigh sé ag gabháil abhráin nó ag
casadh puirt. 'Na dhiaidh sin, shín gach fear
ar bhalasta an bháid, le néal a chodladh, dá
mb'fhéidir leis é.



15. Tús an tséasúir a bhí ann an uair sin,
agus míle uair i n-imtheacht an tséasúir
d'athruigheadh gaoth sa' meadhón oidhche nó as
sin go maidin ar na fir bhochta sin, go mbudh
mhór an díol tuaighe iad; agus go dtiubhradh
fear talmhan, a bheadh amuigh annsin, a bhfaca
sé riamh, agus leithead a dhá chois a bheith aige
ar an talamh glas, leis an réabadh bhí ar an
bhfairrge isteach ó'n tuinn mhóir, agus i ag
pléasgadh i n-aghaidh na talmhan, agus ag éirghe
suas ar an bhféar glas.



16. Budh í sin an sglábhaidheacht dá ríre.
Ara! féacha na fir bhochta sin ag iarraidh
a gcuid potaidhe thógáil i lár na hoidhche
duibhe, agus ag iarraidh iad féin a shábháil ó dhul
isteach ins na fuaghachaibh, 's go ndúinfeá
do shúile, sul dá bhfeicfeá iad dá múchadh
nó dá mbáthadh 'sna bruthannaibh móra
sin a bhí ag pléasgadh na dtimcheall.



17. Budh mhinic le hiasgairibh na ngliomach
dhá oidhche 's dá lá chaitheadh ar fasgadh
carraige, ag leigean 's ag tabhairt, ag
fanach(=fanamhain) go dtagadh stánadh
ar bith ar an ngála, cé gur minic a chaithidís
rith ar thalamh eicín(=éigin) eile, idir a
mbeó nó a marbh, ag iarraidh iad féin a
shábháil. Agus 'na dhiaidh sin agus uilig(=uile),
an uair a thiocfadh siad a-bhaile, ní bheadh
leisge ar bith ortha sgilling nó coróin a
chaitheadh le comharsain nó le duine muin-
tireach, chomhfhad is bheadh pinginn ina
bpócaidhe.



Tógáil na bPotaidhe.



18. Ní'l moill ar bith na potaidhe thógáil
má bhíonn an aimsir ciúin. Acht mar
(=muna) mbídh, tá a dtrioblóid féin
leóbhtha. Is gnáthach leis na gliomadóiríbh
na potaidhe thógáil ceithre huaire sa' lá
acht má bhíonn na gliomaigh fairsing, tógfaidh
siad na potaidhe i n-éadan na huaire.
Curtar na potaidhe ar fad isteach sa'
mbád, agus annsin, pota ar bith a mbeidh
gliomach ann, cuirfidh fear a lámh isteach
ann, agus bhéarfaidh sé an gliomach amach ar
ghreim droma, agus cuirfidh sé sa' bpota taisge
é. Curtar baoití úra isteach gach uile uair
a bhíos na potaidhe dá gcur, agus caithtear
amach na sean-bhaoití.



19. Léir(=réir) mar bhaineas duine na
gliomaigh as na potaidhe, cuireann sé faoi
bhannaidhe iad. Cuireann sé gach aon
ghliomach faoi bhannaidhe nach mbainfidh se
le haon ghliomach eile dá mbeidh sa bpota
taisge i n-éinfheacht leis. Bíonn na ban-
naidhthe déanta roimh ré, agus ar láimh ag
máighistir an bháid, le n-a gcur i ngníomh ar
ordógaibh an ghliomaigh. Tá an bannaidhe
déanta as blocáin péine, agus é mar bheadh
geing, agus mead ann dé réir toirt an
ghliomaigh. Rug máighistir an bháid ar an


L. 240


ngliomach, agus chuir sé idir a dhá ghlúin é, agus
bhuail sé an bannaidhe isteach le láimh na
sgine idir méar bheag gach aon ordóige
móire. Níor leig sin do'n ordóig a fos-
gladh ní ba mhó. Mar dá mbéarfaidh an
gliomach greim ort-sa nó orm-sa nó ar
aon duine eile, gheárrfadh sé an fheóil isteach
go cnáimh mar gheárrrfadh rásúr.



Díol Gliomach.



20. Má's ag trácht ar sgábhaidheacht nó
ar an anró é, bhí a seacht sáith dhe sin ag na
fir a bhí ag dréim le fairrge, go speisialta
na gliomadóirí a bheadh sé lá na seachtaine
imthighthe ó bhaile, agus luighe agus ag éirghe ina
gcuid éadaigh, cebé fliuch nó fuar iad, agus
iarraidh na ngliomach i bhfad ó bhaile, agus gan
eatorra agus an bás acht cláirín péine. Agus
féach cé an croidhe bhí aca 'na dhiaidh sin. Bhí
siad chomh croidheamhail le páisde bheadh ag
dul ar sgoil. Nuair a thiocfadh siad
a-bhaile agus dhíolfadh siad na gliomaigh, bheadh
ithe agus ól aca, greann agus spórt.



21. Dhíolfadh siad na gliomaigh sa' mbaile
mór a budh ghoire dhóibh, le ceannaidhe gliomach.
De réir an doisín a díolfaidhe iad, agus bheadh
trí cinn deag sa' doisín. Chaitheadh na
gliomach bheith sé horlaigh ar fad ó ghob na
súile go básta.



Cuma an Ghliomaigh.



22. Gidh gur iasg duine uasail é an
gliomach ní'l aon iasg fa' bhfairrge níos
aistighe 'ná é. Bíonn sé ag siubhal ar
íochdar na fairrge le n-a chrúbaidhe fada
caola, mar d'fheicfeá beathadhach ar talamh.
Agus an cineál snámha atá aige, ní'l sé ag
iasg ar bith eile sa' bhfairrge. Nuair a
bhíonn sé ag snámh, i leabaidh dhul ar aghaidh,
'sé an chaoi i mbíonn sé ag imtheach, i
dtaoibh a thóna.



23. Tá súile an ghliomaigh taobh amuigh dá
cheann, mar tá dhá bhior, ceann ar gach aon
taoibh dá chloigeann, ag fás amach as a
inchinn, agus tá súil ar cheann gach aon bheara.
Lúbann na biorannaidhe síos agus suas, siar agus
aniar. Sin é an fáth go bhfeicfidh an
gliomach gach aon taobh de, faoi agus thairis,
roimh agus 'na dhiaidh. Tá na biorrannaidhe sin
faoi n-a smacht mar tá do chúig méara faoi
do smacht-sa.



24. Is náimhdeach an rud an gliomach.
Má bhíonn dá sdail — “sdail” atá ar an
ngliomach fireann — nó dhá ghliomach bhoine
anna sa' bpota i gcuideachta, ní thiocfaidh
siad le chéile. Troidfidh siad le chéile nó
go ngearraidh siad na crúbaidhe dá chéile.



25. Agus nach aisteach leat é, má bain-
tear crúa de ghliomach, go bhfásfaidh an
chrúba arís go mbídh sí chomh maith agus bhí sí
riamh? Ma baintear géag de, tiocfaidh an
ghéag arís, agus beidh sí chomh maith agus bhí sí cheana.
Ní'l aon chal dochtúireacht' ar an ngliomach.



26. Mar dubhramar cheana, is aisteach an
breac an gliomach. Ní feóil 's ní hiasg é.
Tá a chuid éisg fighte fuaighte 'na thrillseán,
's tá a chonablach cnámhach agus lán de'n chineál
sin éisg. Má's mian lead an t-iasg a
ghlanadh agus na cnámha bhaint as, tabhair leath-
bhruith dhó agus craith a chonablach agus tuitfidh an
t-iasg as. Agus má 's maith leat an
gliomach a bhruith i gceart, fagha piona
maide agus cuir sa' bpoll é atá i n-íochdar a
iarbaill, agus stopfaidh sé sin an séasúr atá
sa' ngliomach ó dhul thríd. Caithfidh tú an
gliomach, chomhfhad 's tá sé beó, chur síos i
bpota uisge fiochaidh, i riocht nach mbeidh
spás aige le milleadh.



Sin é gliomach glas an duine uasail.



An Gliomach Muire.



27. Tá cineál eile gliomach ann a dtug-
ann siad an gliomach Muire air. Tá sé
níos mó ná an gliomach glas, agus dath dearg
air. Ní'l aon ordóg mór air, mar tá ar
an ngliomach eile. Ní'l aon mhian ag an
uaisle air, cé go bhfuil a chuid éisg chomh
maith leis an ngliomach glas. Agus dá
n-iththeá béile bídh dhe ar maidin, ní iarrfá


L. 241


blas eile ar feadh dhá oidhche 's dá lá.
Bheitheá chomh líonta 's chomh sásta 's go
sílfeá go mbeitheá chomh láidir le tarbh. Ní
raibh aon mheas ag an uaisle ar an iasg sin,
mar nach raibh a fhios aca cé an neart agus an
gníomh a bhí ann. Bhí sé gann. Ní bhfuightheá
gliomach Muire i n-áit i bhfuightheá chúig céad
gliomach glas.



Oisín.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services