Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar leagadh an teach.
Title
Mar leagadh an teach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mar Leagadh an Teach. San mbliadhain 1876, an méad is féidir liom cuimhniughadh air, thárla an gníomh ait so atáim ar tí d'aithris anois. Is iom- chubhaidh a rádh libh go gcuirinn i gcomhnuidhe suim agus spéis mhór i gcéimean- naibh maiseacha deacra na rinnceadh nÉireannach, agus go háirithe 'san sige fhada, 'san righil, agus 'san raighil fhada (nó damhsa suidhte nó corn-phíopa). Acht do bíodh síor- dhúil go sonnradhach agam de ghnáth ar chéimeannaibh nua d'fhoghlaim. Do bhí 'san
am úd i mBaile-Átha-Cliath fear darbh' ainm S., do bhí na dheagh-shompla ar shean- sgoil teagaisg na rinnce, agus 'na theagasgóir an-ghasda sár-chliste. Ó bheith i n-a ógánach shaidhbhir dhó, do bhí sé 'san am úd 'na shean- fhear bhocht. Do bhíodh sé fá'n tráth sin ag teagasg an damhsa agus na pionnsóireachta (nó na gcleas bata) ar an gcéad urlár de shean-tigh ag ceann thiar sráidín Greg, áit ar a bhfuil Sráidín Findlater mar ath-ainm fó láthair, i ngar do'n áit i bhfuilmid anois. Teach breágh mór do bhí ann, fad' ó, dála formhóir na dtighthe mór measamhail i n-allód, an cruth nach bhfuil orra, dar go deimhin, ar an uair so. Do bhí pláta simné ann, agus é gléasta as glan- mharmor, ceann tighe luaidhe, agus doirse mathóghanaigh, acht do bhí an teach fá'n am sin ar críonadh agus ar feóchadh agus beag nach i riocht a leagtha. 'Sé duine bhí ag éileamh seilbhe ar an tigh mór so, giolla guail do bhí 'n-a chomhnuidhe thíos ar an sráidín chéadna, do bhíodh d'á mhaoidheamh féin mar shealbhadóir dlisteanach do'n tigh, dá mbadh toil libh a chreideamhaint uaidh. Dá chéim déag ar fhichid na raighle fada, is iad do chleachtainn-se fá smacht an mhaighistir sin go cúramach friochnamhach fuireachair, go ndubhairt agus gur dhearbhuigh sé go raibh an oiread eolais agus clisteachta agam-sa ar an damhsa sin agus do bhí ag aon cheardaidhe damhsa puiblidhe. Bhí go maith agus ní raibh go holc, gurab é rud do rinneas-sa, aon lá amháin, dul go caladh na habhann agus culaidh éadaigh mair- néalaigh do chur d'á déanamh, mar aon le brógaibh éadtroma agus búclaidhe geal chruaidhe ar dhath an airgid orra, chum go ndéanfainn an damhsa ar nós mair- néalaigh go díreach ceart mar ba dhual. Do bhíos am' chomhnuidhe an uair sin ar an taobh thuaidh de Dhruim Chonnrátha. Do bhí ceardcha ghabhann am' aice. Do bhí an gabha i n-a fhear mhór mhuinnteardha lághach. Séamus a Murchudha dob' ainm dhó. Cailleadh ó shoin é — go raibh Dia le n-a anam! Do chuireadh sé seo dúil díchéillidhe sa' rinnce agus 'san uile shúgradh ar bith. Nuair do chuala sé go raibh a bhara fúm-sa an raighil fhda do dhamhsughadh agus mé gléasta i n-éadach gorm mairnéalaigh, d'iarr sé d'athchuingidh orm a leigean dó teacht liom go bhfeiceadh sé an damhsa, agus beirt charad do thabhairt leis. D'aontui- gheas-sa leis, nídh nárbh' iongnadh. Maidin Domhnaigh do cinneadh do'n damhsa, óir ba ghnáthach lem' mhaighistir teagasg rinnce do thabhairt do bhuachaillibh na dtighthe tábhairne ar an Domhnach, már nach raibh uain ar bith eile aca ar é d'fhoghlaim. Mar sin de, do chuireas-sa mo chulaidh mhairnéalaigh agus mo bhróga éadtroma i mála stráille, agus do ghabhas ag bualadh an bhóthair ó Dhruim Chonnrátha go Baile Átha Cliath i gcuideachta le Séamus Ó Murchudha agus le n-a bheirt charad. Bhí an maighistir istigh rómhainn agus é ullamh réidh fá n-ar gcomhair agus a bheidhlinn aige. Do bhí cuireadh ceanamhail cuirthi agam roimhe sin ar fhear darbh' ainm Pádraig Mac Giolla Aindriais, fear ar a raibh árd-chlú mar gheall ar chlisteacht agus ar chleasaibh lútha. Tuilleadh fós, do bhí rogha an eolais aige ar gach uile chineál damhsa. Is amhlaidh thugas cuireadh dhó ag tnúth le go mbéarfadh sé breith agus léir-mheas ar mo chuid rinnce, agus go dtiubhradh sé comhairle thábhachtach fhoghainteach dham d'á leith. Saor cóistí do bhí ann, agus bhí teach oibre le haghaidh na ceirde do bhí ag á athair, acht lena chois sin do bhíodh gnó aige féin go minic sa' tigh aisde. Do bhíomar ag feitheamh air seo am ár sáith agus feárr as bárr, agus sinn féin ullamh feisdighthe, agus ó bhí sé fós gan teacht, do bhris ar an bhfoidhidin againn fá dheireadh. Is annsin do labhair S. agus adubhairt gur mhithid dam tosughadh ar an raighil fhada.
Tar éis tamaill eile dham ag fuireach, do chuadhas isteach i seomra beag do bhí le hais halla an damhsa agus do chuireas mo chuid éadaigh mhairnéalaigh umam. Is é áit do bhí san seoimrín, áit le haghaidh na lúth-chleas d'fhoghlaim, do chleachtadh, agus do lán-chleachtadh, agus ní'l aon chineal uirleise do'n inneall agus do'n ordughadh sin nach raibh ann. Bhí an seomra againn féin, ó nach raibh macradh na dtighthe n-óil ann chomh luath sin. Nuair tháinig mé amach, agus ní gan mire orm ná gan mo bhrostughadh ó na cáirdibh do bhí ann, do ghabhas ag cur dá chéim déag ar fhichid na raighle fada dhíom go díreach beachtuighthe. Ní bréag a rádh gur saothrach tuirseach an gníomh é sin, agus cuireadh an t-allus agus an anál asam ghá dhéanamh. Go deimhin ní misde a rádh dham go rabhas trom tuirseach teasaidhe d'á bhárr. Acht d'eagla go bhfuighinn slaghdán agus an t-éadach caol fuar do bhí orm, tar 'éis dam mo sgíth do leigean ar feadh tamaillín, do chuadhas thríd an damhsa céadna an ath-uair. Acht do bhíos níos óige an uair úd 'ná táim anois. Ní huair ba luaithe ná an t-am sin tháinig an t-Aindriasach isteach. “Thugad leat, a dhuine antráthaigh,” arsa mise. “Cia an fáth fá' dtagann tú chomh deirean- nach so, agus sinn-ne ag fanamhaint ort chomh fada sin?” “Go dearbhtha, ní fhéadfainn teacht ní budh luaithe,” ar se', “acht budh chóir dhuit an raighil fhada do dhamhsadh anois, mar is mór an dúil agam i n-a fheicsint.” Tar éis beagáin cainte agus tagartha dhúinn ar an gcuma sin, d'aontuigheas-sa an damhsa do dhéanamh uair eile. Do bhí seisean ag dearcadh go cruinn ar na chéimeannaibh. Bhí go maith mar sin, agus d'éirigh an gníomh go ráthamhail linn a chomhfhad sin, acht mo mhóide dhaoibh go rabhas tuirseach corrtha dá éis. Bhí an t-allus ag rith síos liom agus le MacGiolla Aindriais mar an gcéadna, óir bhí seisean ag déanamh an rinnce liom, agus sul ar chríochnuigh sé é, do chuir sé a dhá láimh ar an urlár agus do sheas ar a chloigeann bun os cionn. Annsin do cheap an Murchudhach teachdaire do chur i gceann dighe dhúinn, nídh nár thaithin liom-sa ar chor ar bith. Acht do lean sé dá chomhairle féin, i n-aindeóin go raibh na tighthe ósda dúinte an uair sin ar fad. Dubhairt S. go bhféadfadh sé deoch d' fhagháil agus chuir sé cailín beag i n-a ceann, agus fá cheann beagáin aimsire, d'fhill sí ar ais agus roinnt buidéal de chuirm dhuibh (pórtar) fo n-a práiscín. Tar 'éis dúinn bolgam d'ól, ba mhian linn ar mbóthar do chur dhínn agus imtheacht rómhainn. Ar mbeith dham féin ag teacht anuas an staighre, thugas dom' aire sail adhmaid díreach os mo chionn agus í dá cromadh fá ualach an tighe do bhí ar iomchur aici. “Maiseadh dar liom féin,” arsa mise, ag bualadh mo dhuirn ar an sail, “beidh an sean-teach so ag tuitim agus ní fada an mhoill dó é.” Do chuir an buille crioth thríd an tigh ó bhun go bárr. Tháinig sgannradh mór ar Sh. “Seachain!” ar seisean. “Go dearbhtha, is baoghlach corrach i gcoimhnuidhe atá na sean-tighthe.” ”Is fíor duit,” ar cách. “Níor bh'iongnadh é, a leitheid sin de thubaiste do theangmhail do'n tigh so ar an mball.” Leis sin, d'fhágamar an foirgneamh foirbhthe sin agus do ghluaiseamar rómhainn. Ar maidin lá ar n-a bhárach timcheall a hocht a chlog, do casadh orm an gabha agus gnúis imnidheach thromdha air, mar do bheidheadh duibh-néal roimh anfadh obann. “'Bhfuil a fhios agat,” ar sé, “cér'd do chuala mné anois díreach — sgéal iongantach do-chreidte?” “Ní'l aon fhios agam air,” arsa mise. Cé'r do chualais?” “Táthar d'á innsint,” ar seisean, “gur leagadh an tsean-fhoirgint úd aréir.” “An ag fonomhaid fúm atá tú, a Shéa-
muis?” arsa mise. “Ní féidir gur leagadh an teach 'n-ar rabhamar ar maidin indé!” “Go deimhin, sin é an sgéal atá amuigh dá thaobh,” ar seisean, “acht caithfidh mé dul ann go mbeidh a fhios agam an fíor é.” “Déan má's maith leat ar an uile ghléas,” arsa mise. D'imthigh sé leis. Go dearbhtha do b'fhíor é an sgéal. Taca an mheadhóin oidhche nó tamall gearr 'n-a dhiaidh do thuit an sean-teach mór i n-éinfheacht le fothrom adhbhal agus le fuaim uathbhásach, gur líonadh béal an tsráidín le carnán luaithridhe, le brícidhibh agus le clochaibh. Níor mhór nár leagadh an teach do bhí ar an taobh thall de'n tsráidín, teach reaca glas- raidhe agus toradh do bhí ag ban-cheannaidhe d'ar shloinneadh Ní Mhaoilchiaráin, agus cuireadh sgannradh mór agus critheagla uirri féin. Do bhí sí 'n-a codladh i seomra os cionna an tsiopa bhig. Muna mb'é gur imthigh an giolla-guail ar siubhal as an sean-tigh, díreach roimh thuitim do'n tigh, do bhí sé caillte. Acht le deónughadh Dé ní thárla dochar ná díoghbháil ar dhuine ar bith. D'á éis sin do chart lucht riaghalta na cathrach an brúsgar cloch agus salchair as an sráidín, agus do chuireadar fál thart timcheall ar an áit, acht níor éirigh leó sealbh d'fhagháil ar an ionad go ceann dá bhliadhain, mar nach raibh aon tuaraisg aca ar an sealbha dóir dleaghthach. 'Sé do rinneadar, nuair fuar- adar féin sealbh air, teach nua do thógbháil le hais siopa an ghréasaidhe, an áit i bhfuilmid anois. Is amhlaidh sin do rinneas-sa, agus ní dem' dheóin, an sean-teach do leagadh ag rinn- ceadh na raighle fada. Fairíor géar! na daoine fiala ceanamhla lághacha sin d' ainmnigheas thuas, Séamus Ó Murchudha, Pádraig MacGiolla Aindriais, agus an maighi- stir S., — fuaradar go léir bás ó shoin — go dtugaidh Dia suaimhneas agus síothcháin d'á n-anamnaibh. Acht deirim-se libh-se dá ríre nach bhfuil aon fhocal sa sgéal so acht an fhírinne ghlan gan cur leis ná baint uaidh ar aon mhodh. Clann Chonchobhair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services