Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Poems in Irish on 18th Century Priests
Title
Poems in Irish on 18th Century Priests
Compiler/Editor
Moore, Séamus P.
Composition Date
1744
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair, 1955)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I. AR AN ATHAIR IS CLIUTAIGHE CAIL. Ar an Athair is cliútaighe cáil mo chuairt i gcéin 'na chómhdháil, sagart siansúil go neineach, suilbhir, ciallúil, carthannach. Lorg Pheadair, carraic na gcliar, leanfaidh Séamus, an fírfhial, tré bhuidheacht chrábhaidh gan cheas i numhlacht bháidhigh 's i gceannas. Séamus Ó Dubhthaigh diadha dil, searc-ghrádh suadh a's gach ughduir, amhail eala ar ghile 'na measg, 's is binne teanga dá dteagasg. Caora dá thréad i nard na bhfán ní léigeann uaidh ar seachrán An tAthair grianach, glan, grinn, dá bhfiadhach ó phianaibh ifrinn. Géag gheanmnaidhe ós altóir Dé Séamus feasach an fíréan, beochrann foirbhthe a's feasach, lóchrann nach dorcha do'n ainbhfeasach.
II. AR AN ATHAIR PHILIP. Ar an Athair Philip sclag tart, sruithfhear suairc agus sagart, saoi do chrú Colla-dá-chrigh, 'Se i nurradh a's cliú gan fáirbrigh. 'S do chrú Mathghamhna d'on fhial, Pilip Mac Árdghail go móirmhiadh, dar cheart féile a's eineach, ceap na fréimhe dob' onórach. Luan do charraic na cléire Pilip Mac Árdghail na deighmhéine; ar teasgrádh Dé go díochra dil is líomhtha ag riar a phobail. Cogús cráibhtheach nach gloine an ghrian ghaibhteach ruithnidhe, a's searc-ghrádh Dé a's duine 'sé a ghnáth ag Pilip aingle.
Chuaidh do chlú, thoir a's thiar, i bhfogus díbh a's i neidirchian tré h'fhéile, h'eineach a's h'aoibh, a ghéag geineadh ó'n órchraoibh. Dreach is áille ós altóir Dé Pilip Mac Árdghail go nglanghné, gnúis ghrianach nach anbhfann meas ag riaghladh anmann ó aimhleas. Ní dúthcha do'n fhaolchoin feadh ná díbhse eineach a's léigheann, 'chrú na nairge nár thuill guth 'g a chuing an fhéile chumhduch. Ar aba sin, a Chóirnigh Chaoin, mo chuairt chugat ná machtnuigh, crú Clann Árdghail na stéad seang gan bhréag d' ar-fhuil na hEireann.
III MARBHNAOI AN ATHAR PHILIP UI GHAIRTNEAL. Is claoidhte tharla an tráth so déarach Fir a's mná a' gárthach, ag éagnach; Gach tulaigh 'na dtarla alt no léanmhágh 'na nuaillibh táisg fá bhás an naoimhse, Gach duine, gé cráidhte, ag ráidhtigh téama. Mo chreach, mo chrádh go bráth id' dhiaidhse Mo chogús i gcúl, mo rún, mo théagar, Mo theagasóir dlúth go hiúl an tSléibhe, Do thriall i núir 's gan dúil le h'éirghe Mar lonnradh nua le múchadh spéirí d'fhág rosga mo shúl gan lúth, gan léirs i'n, Mo chluasa ar dhíth stuama le héisteacht Fá mo chuaillidhe, mo ghuaillidhe, mo chéad-shearc, M' fhaoisdine gan aoinfhios dh' aon neach, Mo chosgadh bhróin, mo chómhairle thréitheach, Mo mhaoin, mo stór, mo lón déidheanach, Béidh go bráth, a's ní ráidhte bréige, Mo mhíle grádhsa i lár do chléibh 'se, Gé tá tú sparrtha i gclárthaí faeidhte. 'Athair Philip is cráidhte ráidhte an scéil 'si Do scaramhuint do chách 's ní 'bhárr h'aosa Acht toil an Choimdhidh an róimh do réiteach Amhail na slógh id' lóistín déidheanach. Taréis na Páise ar scáth Shíol Éabha d' fhoilsigh an tÁrdrí cáin an tréada Do Pheadar amháin 'na dháil dá éis sin I nagallamh gráidh ar thráigh Thibérias, An Sípéir árd so d'fhág 'na dhiaigh 'san An chuing a b' áille i ndáil mo thréinfhir B' uaisle cráibhtheacht, bláth a's béasa. Mo chian, monuar, 'bheith i nuaighe an ré 'si Teagasóir stuamdha, buadhach, réidhghlic Dhearbhuigh dhúinn'e nuadhas na gcréachta A rinne na tairngí i lár A ghéagaibh, Fulaing na Páise i lár na naedhanna. An taodhaire sáimh seo thug bárr ar chéadaibh I neagna na nEabhrach, i meabhrughadh an léighinn, Le teagasg do chách go gnáth i néinfheacht ar thuras an ghabhaidh Pharathais néamhdha,
An sípéir ba caoimhe a's ba ghéire, Ba siúlach, ba chúngantach, a's ba saothrach Tré chúram na humhlacht 's an tréada A's fá'n uan beag ba lugh' a's ba déidheanach. Do thriall ar luing faoi'n chuing da'r ghéill sé Go críochaibh Ghaillia a dh' árdughadh léighinn 'S an iomad ina dháil do bhláth Mhilésius, A dhearbh san tan gach árdughadh céime. I dtír na bhFrannc b'é ceann na cléire Ag teagasg an fhuinn gach aimsear féile. Iar dteacht tar tuinn go fonn finnFhéidhlim Chuir dlús i gcáil le crábhadh a's tréadhanas; Amhail Naomh Pádraig, patrún Gaedhealaibh, Ar thuras Locha Deirg do dhearbhuigh 'thréithe Le míniughadh na nughdar, a' scrúdughadh an tSoisgéil; An Prióir gan smúid gur umhlaigh féin dó, Amhail ba ghnáth gach áird dá néistfeadh; I noireachtas tuaithe nó i mbuan-chruinniughadh cléire. Is eisean do luaidhfidhe le buaidh an lae sin Gé sínte i nuaigh, monuar, an ré 'si. xxxx xxxx A dhaoine má's mian libh bheith déarach Bíghidh 'smuaineadh ar shiansóir na laeighice, Ar a mhiantaibh le míniughadh na dtréathra Le ar naomhadh na mílte mar léightear An taodhaire ba caoimhe d'á thréadaibh Ag síolchur go líonmhar na gcéadfaidh Ar phianbhruid na hAoine 's an chéasaidh ag cur síothchaimh an Ríogh Néamhdha i gcéill dóibh. Ba mhian dó mar Mhaoisi ins na sléibhtibh Na dlighthe do mhíniughadh 's do léigheamh, Ag cur miantaith na ndaoinibh i néifeacht, Ag claochlódh gach daoir-mheoin i mbéasaibh. Crann cumhra do luibhghort na féile Na sluaighte dá ngluaiseadh mar a mbéadh sé Gheobhadh ualach do'n chnuasach ba saidhbhre Ba lón dóibh chun Ló lasta an tSléibhe. Ba deoin dó 'bheith 'gcomhnaidhe go saothrach I ngleann a' smóil a's go leor ann d'á éisteacht
Amhail Eóin a bhí ag treórughadh chun réitigh Do'n choimdhe chum comhnaigh' mar a mbéidis Crann dob' áille agus béasa, 'Sa thoradh le faghail 'e gnáth gan daoirse Chun leighis san cháin a sháruigh Éabha Le measa na ngrás ó Pharathas néamhdha. Níorbh' iongnadh cáil a's gnás an té seo Fuair tiodhlaictheadh árd 'e bharr ar chéadaibh, Tuigse sháruigh a's árdughadh léighinn, Gach teanga d'á dtarla i ndáil Mhic Fénius, An psalmuire sáimh ag árdughadh céime a' siansaibh Dháibhi, an tÁrdri naomhtha, As sgríbhinn na bhfáidh go gnáth mar léightear. Gníomhartha Phóil, gach nós d'á thréathraibh, Dá míniughadh doibh a's a chló go déarach, Na daoine fós 'sa nós go déidheanach An tréan a's an bocht gan tocht ag adhradh Ag maothughadh na rosg a's a mbos' ag réabadh. Cluinim a lán gós árd im' éisteacht, Sagairt a's bráithre a's gáir na cléire, An uaisle amháin a's a lán ag éagcaoin Fán fhírfhear gráidh bheith ar lár i gcré-luighe. Ó d' imthigh, mo chrádh, a's gan dáil dá fhéachaint, A's é i ndeirbhfhios cháich, a cháil 'sa bhéasa, Is mian liom trácht ar a fhás ó ghéagaibh, An Ruire ba sáimh do bhláth na bhfréamh so, Philip mac Bhriain mhic Eóin, a' déagh-mhac, mhic Phádraig Mhic Bhriain, an fial-churadh béasach, Mhic Giolla Dhuibh, an leomhan i gcomhrac Féinne, Mhic Eóin Mhic Cartain 'teacht i gcéin dó; A chine do luadh ba ghuais a dhéanamh 'San tír ó'r dhual a luadh a's a léigheann. Dá náirfinn suas ó'r ghluais go déidheanach Go Saran uaibhreach, cnuasmhar, tréitheach. O'r fhás mic Artain, ceap a's fréamha, Go hÉachach árd ó ráidhtear Ibh Éachach Go Fiach Araidhe, athair na Féinne, O'r ghabh Dál nAraidhe, ráidhte céime, Go Conall na mbuadh le luaidhtear Céarnach, A's go Ruaidhrí na gclann 's a gceann féadhna,
Go Fearghus mac Róigh le leónthai laochraidh Gé básadh go huathmhar i gCruachain Mhéadhbha, Dá náirfinn suas an stuaigh sin réimhse Gheabhuinn le luadh na sluaighte Gaedhealaibh A threabhuigh anuas ó chuain na maighribh, A thábuigh uachtar uaisle a's tréithe Fá bhruach Banna a's ciumhais Eirne Go bárr Bóinne a's bóchna baoghalach; Is díomhaoineas gnáith 'bheith 'trácht ar éifeacht Uaisle cháich, a gcáil a's a mbéasa; Monuar, mo chrádh'sa ráidhte an scéil 'si, Ruaig an bás uile áird go léir sinn, Gach ríoghradh a b'aille i mbláth Mhilésius, Gur leagadh ar lár a's gan dáil dá néirghe. Theagaimh na ndáil, gidh cráidhte an scéal so, Ruire gan tlás bhí lán do'n fhéile, A ghníomh a's dhreach, sin searc na cléire, An tAthair Philip Ó Gairtnéal, beart mo théama, D' fhág faoi ghruaim an uair'si buaidheartha Na céadta buan gan uain go déarach Fa'n tréinfhear ealadhanta, shoineanta, bhéasach, Uasal, leanbaidhe, geanmnaidhe, tréitheach, Buadhach, dealbhach, meanmnach, méineamhail, Furánach, fáilteach, cráibhtheach, céillidhe, Bile san mbláth de'n árdfhuil Ghaedhealuigh. Is claoidhte tharla an tráth so tréithlag An saoi glan, ársaidh, Pádraig a' dhéaghchroidhe, I nuaigneas gnáith gan spás ag déarchaoi; Agus Aodh, monuar, faoi ghruaim i néinfheacht, An tuigseoir stuamdha i gcruadhas gach léighinn, An scafaire cúnghantach, lúthmhar, béasach, Ghnidh cadad ? nó duan dá chruadhas a dhéarscnaoi. Is tuirseach a tharla an tráth so buaidheartha Róis a's Máire a' gárthach, ag éagcaoin, Ag greadadh na lámh a's a mbánbhás gléaghla, A nuaidhdhreach suibhe a's an lile dá réabadh Imbruach a leacan a's a leabharfholt scaoilte Mar cheatha na gcuach fá'n nuachar Gaedhealuibh, Ag greadadh d'á ghrádh a's gan dáil dá fhéachaint. Ní thuigfear go bráth an grádh le'r téagradh
An taise tá ar lár 's an tAthair Pádraig méineamhail; A thuirse do ghnáth do chách ní féidir Gé follas a cháil i ngnás na cléire Le guibhe san Íodhbairt do Aonmhac Dé Dhil. Da bhfaicidh bhur líon gé taoi go déarach?. Ó theagaimh é 'ndion faoi líg i gcreafóig 'S nach bhfeicfear a ghnúis go Luan an tSléibhe Bhur mbeannacht fá thrí le dianchur déirce, Beannacht na naomh araon a's na gcléireach, Beannacht gach aoin d'ár dtír de Ghaedhealaibh Dá chothughadh de shíor ag Rígh na nÉasca. Míle bliadhuin a's seacht gcéad Tríocha 'na dhiaidh go beacht a's a naoi, An tAthair Philip ar ndul i gcré, Aois Mhic Dé, dearbhuighim díbh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services