Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Poems in Irish on 18th Century Priests

Title
Poems in Irish on 18th Century Priests
Compiler/Editor
Moore, Séamus P.
Composition Date
1744
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I.
AR AN ATHAIR IS CLIUTAIGHE CAIL.



Ar an Athair is cliútaighe cáil
mo chuairt i gcéin 'na chómhdháil,
sagart siansúil go neineach,
suilbhir, ciallúil, carthannach.



Lorg Pheadair, carraic na gcliar,
leanfaidh Séamus, an fírfhial,
tré bhuidheacht chrábhaidh gan cheas
i numhlacht bháidhigh 's i gceannas.



Séamus Ó Dubhthaigh diadha dil,
searc-ghrádh suadh a's gach ughduir,
amhail eala ar ghile 'na measg,
's is binne teanga dá dteagasg.



Caora dá thréad i nard na bhfán
ní léigeann uaidh ar seachrán
An tAthair grianach, glan, grinn,
dá bhfiadhach ó phianaibh ifrinn.



Géag gheanmnaidhe ós altóir Dé
Séamus feasach an fíréan,
beochrann foirbhthe a's feasach,
lóchrann nach dorcha do'n ainbhfeasach.


L. 58


II.
AR AN ATHAIR PHILIP.



Ar an Athair Philip sclag tart,
sruithfhear suairc agus sagart,
saoi do chrú Colla-dá-chrigh,
'Se i nurradh a's cliú gan fáirbrigh.



'S do chrú Mathghamhna d'on fhial,
Pilip Mac Árdghail go móirmhiadh,
dar cheart féile a's eineach,
ceap na fréimhe dob' onórach.



Luan do charraic na cléire
Pilip Mac Árdghail na deighmhéine;
ar teasgrádh Dé go díochra dil
is líomhtha ag riar a phobail.



Cogús cráibhtheach nach gloine
an ghrian ghaibhteach ruithnidhe,
a's searc-ghrádh Dé a's duine
'sé a ghnáth ag Pilip aingle.


L. 59


Chuaidh do chlú, thoir a's thiar,
i bhfogus díbh a's i neidirchian
tré h'fhéile, h'eineach a's h'aoibh,
a ghéag geineadh ó'n órchraoibh.



Dreach is áille ós altóir Dé
Pilip Mac Árdghail go nglanghné,
gnúis ghrianach nach anbhfann meas
ag riaghladh anmann ó aimhleas.



Ní dúthcha do'n fhaolchoin feadh
ná díbhse eineach a's léigheann,
'chrú na nairge nár thuill guth
'g a chuing an fhéile chumhduch.



Ar aba sin, a Chóirnigh Chaoin,
mo chuairt chugat ná machtnuigh,
crú Clann Árdghail na stéad seang
gan bhréag d' ar-fhuil na hEireann.


L. 60


B 1739c 18L
III
MARBHNAOI AN ATHAR PHILIP UI GHAIRTNEAL.



Is claoidhte tharla an tráth so déarach
Fir a's mná a' gárthach, ag éagnach;
Gach tulaigh 'na dtarla alt no léanmhágh
'na nuaillibh táisg fá bhás an naoimhse,
Gach duine, gé cráidhte, ag ráidhtigh téama.
Mo chreach, mo chrádh go bráth id' dhiaidhse
Mo chogús i gcúl, mo rún, mo théagar,
Mo theagasóir dlúth go hiúl an tSléibhe,
Do thriall i núir 's gan dúil le h'éirghe
Mar lonnradh nua le múchadh spéirí
d'fhág rosga mo shúl gan lúth, gan léirs i'n,
Mo chluasa ar dhíth stuama le héisteacht
Fá mo chuaillidhe, mo ghuaillidhe, mo chéad-shearc,
M' fhaoisdine gan aoinfhios dh' aon neach,
Mo chosgadh bhróin, mo chómhairle thréitheach,
Mo mhaoin, mo stór, mo lón déidheanach,
Béidh go bráth, a's ní ráidhte bréige,
Mo mhíle grádhsa i lár do chléibh 'se,
Gé tá tú sparrtha i gclárthaí faeidhte.
'Athair Philip is cráidhte ráidhte an scéil 'si
Do scaramhuint do chách 's ní 'bhárr h'aosa
Acht toil an Choimdhidh an róimh do réiteach
Amhail na slógh id' lóistín déidheanach.
Taréis na Páise ar scáth Shíol Éabha
d' fhoilsigh an tÁrdrí cáin an tréada
Do Pheadar amháin 'na dháil dá éis sin
I nagallamh gráidh ar thráigh Thibérias,
An Sípéir árd so d'fhág 'na dhiaigh 'san
An chuing a b' áille i ndáil mo thréinfhir
B' uaisle cráibhtheacht, bláth a's béasa.
Mo chian, monuar, 'bheith i nuaighe an ré 'si
Teagasóir stuamdha, buadhach, réidhghlic
Dhearbhuigh dhúinn'e nuadhas na gcréachta
A rinne na tairngí i lár A ghéagaibh,
Fulaing na Páise i lár na naedhanna.
An taodhaire sáimh seo thug bárr ar chéadaibh
I neagna na nEabhrach, i meabhrughadh an léighinn,
Le teagasg do chách go gnáth i néinfheacht
ar thuras an ghabhaidh Pharathais néamhdha,


L. 61


An sípéir ba caoimhe a's ba ghéire,
Ba siúlach, ba chúngantach, a's ba saothrach
Tré chúram na humhlacht 's an tréada
A's fá'n uan beag ba lugh' a's ba déidheanach.
Do thriall ar luing faoi'n chuing da'r ghéill sé
Go críochaibh Ghaillia a dh' árdughadh léighinn
'S an iomad ina dháil do bhláth Mhilésius,
A dhearbh san tan gach árdughadh céime.
I dtír na bhFrannc b'é ceann na cléire
Ag teagasg an fhuinn gach aimsear féile.
Iar dteacht tar tuinn go fonn finnFhéidhlim
Chuir dlús i gcáil le crábhadh a's tréadhanas;
Amhail Naomh Pádraig, patrún Gaedhealaibh,
Ar thuras Locha Deirg do dhearbhuigh 'thréithe
Le míniughadh na nughdar, a' scrúdughadh an tSoisgéil;
An Prióir gan smúid gur umhlaigh féin dó,
Amhail ba ghnáth gach áird dá néistfeadh;
I noireachtas tuaithe nó i mbuan-chruinniughadh cléire.
Is eisean do luaidhfidhe le buaidh an lae sin
Gé sínte i nuaigh, monuar, an ré 'si.
xxxx
xxxx
A dhaoine má's mian libh bheith déarach
Bíghidh 'smuaineadh ar shiansóir na laeighice,
Ar a mhiantaibh le míniughadh na dtréathra
Le ar naomhadh na mílte mar léightear
An taodhaire ba caoimhe d'á thréadaibh
Ag síolchur go líonmhar na gcéadfaidh
Ar phianbhruid na hAoine 's an chéasaidh
ag cur síothchaimh an Ríogh Néamhdha i gcéill dóibh.
Ba mhian dó mar Mhaoisi ins na sléibhtibh
Na dlighthe do mhíniughadh 's do léigheamh,
Ag cur miantaith na ndaoinibh i néifeacht,
Ag claochlódh gach daoir-mheoin i mbéasaibh.
Crann cumhra do luibhghort na féile
Na sluaighte dá ngluaiseadh mar a mbéadh sé
Gheobhadh ualach do'n chnuasach ba saidhbhre
Ba lón dóibh chun Ló lasta an tSléibhe.
Ba deoin dó 'bheith 'gcomhnaidhe go saothrach
I ngleann a' smóil a's go leor ann d'á éisteacht


L. 62


Amhail Eóin a bhí ag treórughadh chun réitigh
Do'n choimdhe chum comhnaigh' mar a mbéidis
Crann dob' áille agus béasa,
'Sa thoradh le faghail 'e gnáth gan daoirse
Chun leighis san cháin a sháruigh Éabha
Le measa na ngrás ó Pharathas néamhdha.
Níorbh' iongnadh cáil a's gnás an té seo
Fuair tiodhlaictheadh árd 'e bharr ar chéadaibh,
Tuigse sháruigh a's árdughadh léighinn,
Gach teanga d'á dtarla i ndáil Mhic Fénius,
An psalmuire sáimh ag árdughadh céime
a' siansaibh Dháibhi, an tÁrdri naomhtha,
As sgríbhinn na bhfáidh go gnáth mar léightear.
Gníomhartha Phóil, gach nós d'á thréathraibh,
Dá míniughadh doibh a's a chló go déarach,
Na daoine fós 'sa nós go déidheanach
An tréan a's an bocht gan tocht ag adhradh
Ag maothughadh na rosg a's a mbos' ag réabadh.
Cluinim a lán gós árd im' éisteacht,
Sagairt a's bráithre a's gáir na cléire,
An uaisle amháin a's a lán ag éagcaoin
Fán fhírfhear gráidh bheith ar lár i gcré-luighe.
Ó d' imthigh, mo chrádh, a's gan dáil dá fhéachaint,
A's é i ndeirbhfhios cháich, a cháil 'sa bhéasa,
Is mian liom trácht ar a fhás ó ghéagaibh,
An Ruire ba sáimh do bhláth na bhfréamh so,
Philip mac Bhriain mhic Eóin, a' déagh-mhac,
mhic Phádraig Mhic Bhriain, an fial-churadh béasach,
Mhic Giolla Dhuibh, an leomhan i gcomhrac Féinne,
Mhic Eóin Mhic Cartain 'teacht i gcéin dó;
A chine do luadh ba ghuais a dhéanamh
'San tír ó'r dhual a luadh a's a léigheann.
Dá náirfinn suas ó'r ghluais go déidheanach
Go Saran uaibhreach, cnuasmhar, tréitheach.
O'r fhás mic Artain, ceap a's fréamha,
Go hÉachach árd ó ráidhtear Ibh Éachach
Go Fiach Araidhe, athair na Féinne,
O'r ghabh Dál nAraidhe, ráidhte céime,
Go Conall na mbuadh le luaidhtear Céarnach,
A's go Ruaidhrí na gclann 's a gceann féadhna,


L. 63


Go Fearghus mac Róigh le leónthai laochraidh
Gé básadh go huathmhar i gCruachain Mhéadhbha,
Dá náirfinn suas an stuaigh sin réimhse
Gheabhuinn le luadh na sluaighte Gaedhealaibh
A threabhuigh anuas ó chuain na maighribh,
A thábuigh uachtar uaisle a's tréithe
Fá bhruach Banna a's ciumhais Eirne
Go bárr Bóinne a's bóchna baoghalach;
Is díomhaoineas gnáith 'bheith 'trácht ar éifeacht
Uaisle cháich, a gcáil a's a mbéasa;
Monuar, mo chrádh'sa ráidhte an scéil 'si,
Ruaig an bás uile áird go léir sinn,
Gach ríoghradh a b'aille i mbláth Mhilésius,
Gur leagadh ar lár a's gan dáil dá néirghe.
Theagaimh na ndáil, gidh cráidhte an scéal so,
Ruire gan tlás bhí lán do'n fhéile,
A ghníomh a's dhreach, sin searc na cléire,
An tAthair Philip Ó Gairtnéal, beart mo théama,
D' fhág faoi ghruaim an uair'si buaidheartha
Na céadta buan gan uain go déarach
Fa'n tréinfhear ealadhanta, shoineanta, bhéasach,
Uasal, leanbaidhe, geanmnaidhe, tréitheach,
Buadhach, dealbhach, meanmnach, méineamhail,
Furánach, fáilteach, cráibhtheach, céillidhe,
Bile san mbláth de'n árdfhuil Ghaedhealuigh.
Is claoidhte tharla an tráth so tréithlag
An saoi glan, ársaidh, Pádraig a' dhéaghchroidhe,
I nuaigneas gnáith gan spás ag déarchaoi;
Agus Aodh, monuar, faoi ghruaim i néinfheacht,
An tuigseoir stuamdha i gcruadhas gach léighinn,
An scafaire cúnghantach, lúthmhar, béasach,
Ghnidh cadad ? nó duan dá chruadhas a dhéarscnaoi.
Is tuirseach a tharla an tráth so buaidheartha
Róis a's Máire a' gárthach, ag éagcaoin,
Ag greadadh na lámh a's a mbánbhás gléaghla,
A nuaidhdhreach suibhe a's an lile dá réabadh
Imbruach a leacan a's a leabharfholt scaoilte
Mar cheatha na gcuach fá'n nuachar Gaedhealuibh,
Ag greadadh d'á ghrádh a's gan dáil dá fhéachaint.
Ní thuigfear go bráth an grádh le'r téagradh


L. 64


An taise tá ar lár 's an tAthair Pádraig méineamhail;
A thuirse do ghnáth do chách ní féidir
Gé follas a cháil i ngnás na cléire
Le guibhe san Íodhbairt do Aonmhac Dé Dhil.
Da bhfaicidh bhur líon gé taoi go déarach?.
Ó theagaimh é 'ndion faoi líg i gcreafóig
'S nach bhfeicfear a ghnúis go Luan an tSléibhe
Bhur mbeannacht fá thrí le dianchur déirce,
Beannacht na naomh araon a's na gcléireach,
Beannacht gach aoin d'ár dtír de Ghaedhealaibh
Dá chothughadh de shíor ag Rígh na nÉasca.
Míle bliadhuin a's seacht gcéad
Tríocha 'na dhiaidh go beacht a's a naoi,
An tAthair Philip ar ndul i gcré,
Aois Mhic Dé, dearbhuighim díbh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services