Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seaghán Ó Sirirean. Sgéal Fíor.
Title
Seaghán Ó Sirirean. Sgéal Fíor.
Author(s)
Mac-A'-Bháird, Seaghán - Na Cealla Beaga.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seaghán a Sirirean. Sgéal Fíor. Fá thuairim céad agus deich m-bli- adhna agus dá fhichid ó shoin, bhí beirt dhearbhráthar 'na gcómh- nuidhe ins-an cheann thoir de'n Bhaile Dhubh, i bparáisde Chill- Chartha, i gcondae Dhúin-na- nGall, d'ar bh'anmanna dóibh Seaghán agus Séamus Ó Sirirean. Ní rabh siad chomh géar-chúiseach le daoinibh eile, acht bhí siad 'na n-oibridhthibh maithe. Phós Seaghán agus dar le Séamus go rachadh sé féin soir 'unn a' Lagain aig iarraidh seirbhíse, agus d'imthigh leis agus d'fhastuigh le feilmeóir go ceann bliadhna. Nuair a bhí a aimsir aistigh, budh mhian leis a theacht a-bhaile, acht ní leigfeadh an maighistir dó, agus chongbhuigh sé Séamus air bhiseach tuarasdail. I gceann na dara bliadhna, thug Séamus iarraidh imtheachta acht ní rabh gar dó ann. “Caithfidh mise dul a-bhaile go bh-feicidh mé mo dhearbhráthair,” arsa Séamus. “Má fhanann tusa agam-sa cuirfead fá choinne do dhearbhráthar,” ars'an maighistir. Fá dheireadh, chomhairlíg Séamus fanacht, agus cuireadh buachaill aimsire eile a bhí aig an fheilmeóir ar siubhal fá choinne Sheagháin.
Nuair a thainic an teachtaire 'unn a' Bhaile Dhuibh, chuir sé fáisnéis fá Sheaghán Ó Sirirean ar fhear a casadh dhó. Thais- bean an fear teach Sheagháin dó, agus dubhairt leis go rabh sé féin ag buaint féir ar an taoibh eile de'n abhainn. Chuaidh an teach- taire ionns 'air Sheagháin agus d'innis dó caidé mar bhí. “Maiseadh,” arsa Seaghán, “is dona fuaras mise, nuair nach dtig liom dul leat, mar tá easbhaidh éadaigh orm agus bhéidheadh náire orm an baile a fhágáil, acht tá ádhbhar culaidhe agam i dtigh an táilliúra, agus má fhanann tú go rabh sé déanta, béidhead leat.” “Is fada liom fanacht,” ars' an teach- taire, “acht innseóchad duit caidé dhéan- faidh mé leat. Cuir thusa mo chulaidh-se ort agus fanfaidh mise in d'áit-se go dtigidh tú ar ais, acht ná bí i bhfad ar siubhal.” D'atharruigh siad a g-cuid culaidh agus d'iarr Seaghán ar an fhear óg dul anonn agus a bhrios-throsgadh a dhéanadh. Dubhairt an fear óg go dearn' sé sin agus go mbéidheadh sé ag buaint leis go dtí am dínnéire. D'imthigh Seaghán, agus ní dhearn' stad ná fad-chomhnuidhe go rabh sé air an Lagan, agus ar ndóigh bhí fáilte an tsaoghail ag a dhearbhráthair roimhe. D'fhan an teachtaire ag buaint féir go rabh am dínnéire ann, agus shaoil an uile dhuine gur bh' é Seaghán a bhí ann, siocair an éadaigh. Caidé tharla acht go dtainic tuile mhór 'san abhainn i ndéidh Sheagháin 'imtheacht, agus nuair a bhí an fear óg ag dul trasna uirri, thuit sé isteach agus báthadh é, agus d'éirigh an gháir amach go rabh Seaghán Ó Sirirean báidhte. Cuireadh cuartughadh air, nuair do thuit an tuile, agus fuaras corp ag taoibh Theampoill Bhuin na dTrí Sruthán, agus rinneadh faire agus tórradh air, agus cuireadh é. Bliadhain 'na dhéidh sin, phós bean Sheagháin, mar nach rabh aon duine aici a dhéanfadh obair dhi. D'fhan Seaghán corradh le bliadhain ar an Lagan, agus thainic sé a-bhaile oidhche amháin. Bhuail sé ag dorus a thighe, agus d'fhiafruigh an bunadh istigh cia bhí ann sin. “Tá mise, Seaghán Ó Sirirean,” ars' eisean. Chuir so criothnughadh ar na daoinibh istigh, agus thosuigh siad aig cárnadh an uile rud a casadh leó leis an dorus, agus d'iarr air i n-ainm Dé imtheacht leis, agus gan a bheith ag cur buaidheartha ortha-san i ndéidh an chomóraidh dhóigheamhla a fuair a chorp sul ar cuireadh é. D'imthigh Seaghán bocht gan a fhios aige cá rachadh sé. “Tá táilliúir beag lághach thoir i gCróibh,” ars' eisean leis féin, “ar fhágas culaidh éadaigh aige le déanamh dhamh, tá bliadhain go leith ó shoin, agus rachad chuige go bhfeicidh mé an bhfuil sé déanta aige dhamh.” Chuaidh soir go Cróibh agus bhuail ag dorus tighe an táilliúra. “Cia tá ann sin?” ars an táilliúir. “Tá mise, Seaghán Ó Sirirean.” “Bí ar siubhal leat,” ars' an táilliúir, “ní'l dadaidh de d' chuid agam-sa acht taobh beag amháin bheisde, agus cuirfeadh gréasán iomlán amach chugat faoi bhun an doruis, agus ná tar do mo bhuaidhreadh-sa feasda.” Thug Seaghán an gréasán leis faoi n' oscaill agus shuidh síos ag bun claidhe go dearna sé a sgíth. “Cá rachad anois?” ars' eisean leis féin. “Tá figheadóir thíos annsin ar fhágas ádhbhar gréasáin bháinín aige, agus is dóigh liom go bhfuil sé réidh aige faoi seo dhamh, agus rachad do chur tuaraisg' fá dtaobh de.” Chuaidh sé go tigh an fhigheadóra agus bhuail ag an dorus. “Cia tá ann sin?” ars' an figheadóir. “Tá mise, Seaghán Ó Sirirean,” ars' an fear amuigh. Chuir so criothnughadh ar an fhigheadóir,
agus chomh luath agus thainic leis labhairt, sgairt sé amach nach rabh dadaidh d'á chuid aige-sean acht ceirtlín bheag amháin agus go gcuirfeadh sé amach chuige é thríd an fhuinneóig. Thug Seaghán an cheirtlín leis in-a láimh agus d'imthigh. “Chím,” ars' eisean leis féin, “nach bhfuil mórán fáilte rómham i n-aon ait, acht dá mbéidheadh a fhios aca go bhfuil neart airgid liomas an Lagan, 's í mo bharamhail nach mbéidheadh siad chomh doicheallach rómham.” Thárla go rabh fáinne an lae ann fá'n am so, agus bhí Seaghán tuirseach, sáruighthe, agus dar leis féin go ndéanfadh sé a sgíth. Níor luaithe 'n-a shuidhe ná 'na chodladh é. Nuair a mhúsgail sé, chonnaic sé daoine ag dul siar an bealach mór. Thug so i n-a chuimhne gur bh'é an Domhnach a bhí ann, agus go mbéidheadh sé mall ag an Aifreann, agus d'imthigh leis chomh luath gasda agus thainic leis, go teampoll Bhuin na dTrí Sruthán. Bhí 'n sagart aig léigheadh urnuighthe na maidne, agus na daoine ar a nglú- naibh, acht chomh luath agus chuaidh Seaghán 'unn tosuigh, d'éirigh siad agus d'fhág an bealach aige chomh tapaidh agus thainic leó, agus ní rabh sé i bhfhad go rabh teach an phobail beag nach folamh. D'amhairc an sagart síos agus chonnaic sé Seaghán ag tabhairt aighthe suas ar an altóir, agus sgairt sé amach leis. “Caidé an buaidhreadh so atá ort, nó caidé bheir ar ais 'unn a' tsaoghail so thú? Nár cuireadh thú go glan dóigheamhail, agus nár léigh mé féin urnuighthe na marbh ós do cheann, agus nár phós mé do bhean, tá seachtmhain ó shoin, ar fhear eile?” “M'anam, maiseadh,” arsa Seaghán, “ma phós tú mo bhean-sa ar fhear eile go gcaithfidh tú í a sgaoileadh ar ais, agus má 's airgead atá 'dhíth ort, tá lán mo phóca de liom-sa as an Lagan, acht caithfidh mé mo bhean a fhagháil ar aon chaoi.” D'innis Seaghán do'n tsagart an uile rud d'ar tharla dhó ó thús go deireadh. Dubhairt an sagart go gcaithfeadh sé a bhean d'fhagháil, agus chuaidh Seaghán a-bhaile, agus fuar beatha shona shéanmhar shásda, agus gur mar sin dúinne é. Seaghán Mac a' Bháird.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services