Seaghán a Sirirean.  Sgéal Fíor.
Fá thuairim céad agus deich m-bli-
adhna agus dá fhichid ó shoin, bhí 
beirt dhearbhráthar 'na gcómh-
nuidhe ins-an cheann thoir de'n 
Bhaile Dhubh, i bparáisde Chill-
Chartha, i gcondae Dhúin-na-
nGall, d'ar bh'anmanna dóibh Seaghán agus 
Séamus Ó Sirirean.  Ní rabh siad chomh 
géar-chúiseach le daoinibh eile, acht bhí siad 
'na n-oibridhthibh maithe.  Phós Seaghán agus 
dar le Séamus go rachadh sé féin soir 
'unn a' Lagain aig iarraidh seirbhíse, agus 
d'imthigh leis agus d'fhastuigh le feilmeóir go 
ceann bliadhna.
Nuair a bhí a aimsir aistigh, budh mhian 
leis a theacht a-bhaile, acht ní leigfeadh an 
maighistir dó, agus chongbhuigh sé Séamus 
air bhiseach tuarasdail. 
I gceann na dara bliadhna, thug Séamus 
iarraidh imtheachta acht ní rabh gar dó ann.
“Caithfidh mise dul a-bhaile go bh-feicidh 
mé mo dhearbhráthair,” arsa Séamus.
“Má fhanann tusa agam-sa cuirfead 
fá choinne do dhearbhráthar,”  ars'an 
maighistir.
Fá dheireadh, chomhairlíg Séamus fanacht, 
agus cuireadh buachaill aimsire eile a bhí aig 
an fheilmeóir ar siubhal fá choinne 
Sheagháin.
 
Nuair a thainic an teachtaire 'unn a' 
Bhaile Dhuibh, chuir sé fáisnéis fá Sheaghán 
Ó Sirirean ar fhear a casadh dhó.  Thais-
bean an fear teach Sheagháin dó, agus dubhairt 
leis go rabh sé féin ag buaint féir ar an 
taoibh eile de'n abhainn.  Chuaidh an teach-
taire ionns 'air Sheagháin agus d'innis dó 
caidé mar bhí.
“Maiseadh,” arsa Seaghán, “is dona 
fuaras mise, nuair nach dtig liom dul
leat, mar tá easbhaidh éadaigh orm agus 
bhéidheadh náire orm an baile a fhágáil, acht 
tá ádhbhar culaidhe agam i dtigh an táilliúra, 
agus má fhanann tú go rabh sé déanta, 
béidhead leat.”
“Is fada liom fanacht,” ars' an teach-
taire, “acht innseóchad duit caidé dhéan-
faidh mé leat.  Cuir thusa mo chulaidh-se ort 
agus fanfaidh mise in d'áit-se go dtigidh 
tú ar ais, acht ná bí i bhfad ar siubhal.”
D'atharruigh siad a g-cuid culaidh agus 
d'iarr Seaghán ar an fhear óg dul anonn agus 
a bhrios-throsgadh a dhéanadh.  Dubhairt an 
fear óg go dearn' sé sin agus go mbéidheadh 
sé ag buaint leis go dtí am dínnéire.
D'imthigh Seaghán, agus ní dhearn' stad 
ná fad-chomhnuidhe go rabh sé air an Lagan, 
agus ar ndóigh bhí fáilte an tsaoghail ag a 
dhearbhráthair roimhe.  D'fhan an teachtaire 
ag buaint féir go rabh am dínnéire ann, agus 
shaoil an uile dhuine gur bh' é Seaghán a 
bhí ann, siocair an éadaigh.
Caidé tharla acht go dtainic tuile mhór 
'san abhainn i ndéidh Sheagháin 'imtheacht, agus 
nuair a bhí an fear óg ag dul trasna 
uirri, thuit sé isteach agus báthadh é, agus d'éirigh 
an gháir amach go rabh Seaghán Ó Sirirean 
báidhte.  Cuireadh cuartughadh air, nuair do 
thuit an tuile, agus fuaras corp ag taoibh 
Theampoill Bhuin na dTrí Sruthán, agus 
rinneadh faire agus tórradh air, agus cuireadh 
é.  Bliadhain 'na dhéidh sin, phós bean 
Sheagháin, mar nach rabh aon duine aici a 
dhéanfadh obair dhi. 
D'fhan Seaghán corradh le bliadhain ar 
an Lagan, agus thainic sé a-bhaile oidhche amháin.  
Bhuail sé ag dorus a thighe, agus d'fhiafruigh an 
bunadh istigh cia bhí ann sin.
“Tá mise, Seaghán Ó Sirirean,” ars' 
eisean.
Chuir so criothnughadh ar na daoinibh 
istigh, agus thosuigh siad aig cárnadh an uile 
rud a casadh leó leis an dorus, agus d'iarr 
air i n-ainm Dé imtheacht leis, agus gan a 
bheith ag cur buaidheartha ortha-san i ndéidh
an chomóraidh dhóigheamhla a fuair a chorp 
sul ar cuireadh é.  D'imthigh Seaghán bocht 
gan a fhios aige cá rachadh sé.
“Tá táilliúir beag lághach thoir i gCróibh,” 
ars' eisean leis féin, “ar fhágas culaidh 
éadaigh aige le déanamh dhamh, tá bliadhain 
go leith ó shoin, agus rachad chuige go bhfeicidh 
mé an bhfuil sé déanta aige dhamh.”
Chuaidh soir go Cróibh agus bhuail ag dorus 
tighe an táilliúra.
“Cia tá ann sin?” ars an táilliúir.
“Tá mise, Seaghán Ó Sirirean.”
“Bí ar siubhal leat,” ars' an táilliúir, 
“ní'l dadaidh de d' chuid agam-sa acht 
taobh beag amháin bheisde, agus cuirfeadh 
gréasán iomlán amach chugat faoi bhun an 
doruis, agus ná tar do mo bhuaidhreadh-sa 
feasda.”
Thug Seaghán an gréasán leis faoi n'
oscaill agus shuidh síos ag bun claidhe go 
dearna sé a sgíth.
“Cá rachad anois?” ars' eisean leis 
féin.  “Tá figheadóir thíos annsin ar 
fhágas ádhbhar gréasáin bháinín aige, agus is 
dóigh liom go bhfuil sé réidh aige faoi seo 
dhamh, agus rachad do chur tuaraisg' fá dtaobh 
de.”
Chuaidh sé go tigh an fhigheadóra agus bhuail 
ag an dorus.
“Cia tá ann sin?” ars' an figheadóir.
“Tá mise, Seaghán Ó Sirirean,” ars' an 
fear amuigh.
Chuir so criothnughadh ar an fhigheadóir,
 
agus chomh luath agus thainic leis labhairt, 
sgairt sé amach nach rabh dadaidh d'á chuid 
aige-sean acht ceirtlín bheag amháin agus 
go gcuirfeadh sé amach chuige é thríd an 
fhuinneóig.  Thug Seaghán an cheirtlín leis 
in-a láimh agus d'imthigh.
“Chím,” ars' eisean leis féin, “nach bhfuil 
mórán fáilte rómham i n-aon ait, acht dá 
mbéidheadh a fhios aca go bhfuil neart 
airgid liomas an Lagan, 's í mo bharamhail 
nach mbéidheadh siad chomh doicheallach 
rómham.”
Thárla go rabh fáinne an lae ann fá'n am 
so, agus bhí Seaghán tuirseach, sáruighthe, agus 
dar leis féin go ndéanfadh sé a sgíth.  
Níor luaithe 'n-a shuidhe ná 'na chodladh é.
Nuair a mhúsgail sé, chonnaic sé daoine 
ag dul siar an bealach mór.  Thug so i 
n-a chuimhne gur bh'é an Domhnach a bhí ann, 
agus go mbéidheadh sé mall ag an Aifreann, 
agus d'imthigh leis chomh luath gasda agus 
thainic leis, go teampoll Bhuin na dTrí 
Sruthán.
Bhí 'n sagart aig léigheadh urnuighthe 
na maidne, agus na daoine ar a nglú-
naibh, acht chomh luath agus chuaidh Seaghán 'unn 
tosuigh, d'éirigh siad agus d'fhág an 
bealach aige chomh tapaidh agus thainic leó, 
agus ní rabh sé i bhfhad go rabh teach an 
phobail beag nach folamh.  D'amhairc an 
sagart síos agus chonnaic sé Seaghán ag 
tabhairt aighthe suas ar an altóir, agus 
sgairt sé amach leis.
“Caidé an buaidhreadh so atá ort, nó 
caidé bheir ar ais 'unn a' tsaoghail so thú?  
Nár cuireadh thú go glan dóigheamhail, agus 
nár léigh mé féin urnuighthe na marbh ós do 
cheann, agus nár phós mé do bhean, tá 
seachtmhain ó shoin, ar fhear eile?”
“M'anam, maiseadh,” arsa Seaghán, 
“ma phós tú mo bhean-sa ar fhear eile go 
gcaithfidh tú í a sgaoileadh ar ais, agus 
má 's airgead atá 'dhíth ort, tá lán mo 
phóca de liom-sa as an Lagan, acht caithfidh 
mé mo bhean a fhagháil ar aon chaoi.”
D'innis Seaghán do'n tsagart an uile 
rud d'ar tharla dhó ó thús go deireadh.  
Dubhairt an sagart go gcaithfeadh sé a 
bhean d'fhagháil, agus chuaidh Seaghán 
a-bhaile, agus fuar beatha shona shéanmhar 
shásda, agus gur mar sin dúinne é.
Seaghán Mac a' Bháird.