Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ríoghan Tíre na n-Óg.
Title
Ríoghan Tíre na n-Óg.
Author(s)
O Donnabháin, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ríoghan Tíre na n-Óg. Seaghan O Donnabháin do sgríobh. Maidin bhreágh aoibhinn d'ar éirigheas go moch chum dul de thaisdeal ag fiosrughadh mo charad go hiar-dheisceart Éireann — do bhí an ghrian ag taisbeánadh a soilbh-ghnúise deall- raidhhce ós na sléibhtibh oirthearacha, agus ag sgeith gaethe tais-séimh ar bheann-mhullaighibh na sliabh ngrian-loisgthe. Bhí éanlaith iolda ag caoin-bhinn-cheileabhar ar ghéagaibh árda leathana glasa. D'imthigheas rómham tré mhaghaibh leathana aoibhinn-ghlasa, tré mhóinfhéaraibh bláthmhara i n-ar fhás luibhe- anna milis-chumhra ós a raibh mil-bheacha ag foluamain agus ag luighe ortha ag deól súgha fíor-mheala as a gcocánaibh. Thaisdealas tar sléibhtibh garbh-chrai- geacha árd-bheannacha grian-dearg-loisgthe, ar a raibh críon-aiteann agus cas-fhraoch ag fás go meachta; tar gleanntaibh aoibhne glas-fhéarmhara i n-a raibh ard-chrainn ghlas- duilleabhar-leathan-ghéagacha ag fás i motha- raibh sgáthmhara; an lon agus an smólach ag binn-bhog-chantain a nótaidhe go taitnea- mhach ar a mbárr; tré a raibh srotha binn- tsiubhlacha gáróideacha gliogaracha ag rith, agus ar a mbruach sion do bhí cocáin chumhra ag bláthughadh. Is iomdha magh aoibhinn, móinfhéar bláth- mhar, agus coill ghlas tiugh árd-chrannach leathan-duilleabhrach dhubh-sgáthmhar éin- cheileabhrach, tré ar shiubhlas le grinn- shólás, ag breathnughadh deise na nádúra. Is iomdha gleann doimhin fada leathan agus sliabh árd-stuagh-cheannach tar ar thais- dealach. Rángas fá dheoidh radharc na fairrge móire, agus ag an am sin d'aistrigh ciúineas na gorm-spéire comh-chruinne i néalaibh dubha dorcha tiugha, agus do foiligheadh gnúis séimh-lonnrach na gréine. Ins an am gcéadna do thionnsgain gaoth ard-gharbh-shéideógach ar éirghe. Bhí mé am' sheasamh ar árd-bhinn-stuaic carraige acht fá fhosgadh mór-thuir sgeiche. As sin do chon- nairc mé tréan-árd-gharbh-thonna na fairrge dhá luasgadh le mór-neart na gaoithe agus dhá gcaitheadh i n-aghaidh sleasa sgeir-chairrgeach; loingeas ag éirghe ar a mbarr. Mar so d'fhanas go ndeachaidh an stoirm thar mo cheann. Mhín-chiúinigh an ghaoth. Shocruigh garbh-thonna na fairrge. Thais- beain an ghrian a haghaidh dheallrach, agus le n-a gaethibh mór-theó sgaip sí na néala dubh-dhorcha. Bhí sí anois iar ndul tar lár a sreibhe, ag féachain chum an iarthair. Thriallas rómham ar mhullach ard-shléibhe do bhí os cionn na fairrge iartharaighe. Acht anois do bhí an ghrian ag bagar ar luighe 'san muir. Uime sin, mheas mé go mbudh chóir dam deithneas do dhéanamh chum an bhaile ba neasa dham, agus mar do shaoil mé gur ar bhruach na fairrge budh dhóchaidhe
dhamh teagmháil leis an chéad bhaile, chongbhas mo réim le hais na trágha glégile gainimh- mhíne. Chonnaic mé mórán éanlaith ag árd- eiteall os mo chionn. “Is baoghlach,” ar mé liom féin, “go leigfidh siad aon tslio- gán do thuitim orm, mar do rinneadh leis an bhfeallsamh nGréagach i n-allód, tré ar marbhadh é!” Thaisdealas rómham go bhfaca mé an ghrian ar tí í féin do thomadh 'san bhfairrge. Chonnaic mé go soiléir a leath faoi uisge. Ar mé am' smuaineadh: “Nach iongantach a mheallann ar gcéadfadha sinn! Nach saoilim go bhfeicim go soiléir an ghrian agus an fhairrge ag baint le n-a chéile? Agus nach iongantach nach múchtar an ghrian, má 's teine í!” Feadh bhí mé ag buaidhradh m'aignidh leis an smuaineadh sin, sluigeadh an ghrian 'san mín-mhuir. D'fhéach an fhairrge chomh dearg le sgárlóidh. Thriallas rómham, acht ní fhacas baile ná tigh, acht tráigh fhada dhíreach, agus an taoide ag líonadh go mear, na tonna ag tóirneach i n-aghaidh na gcarraigeach. Níor fheadas siubhal níos sia ar an tráigh. Thugas aghaidh do na sléibhtibh arís. Ní raibh súil agam le rigsin go dtí aon bhaile an oidhche sin — is gearr i n-aghaidh na sléibhte bhíos abalta ar siubhal. Rángas go bun árd-chairraige ó a raibh sruth binn crios- dalach ag tréan-bhuinniughadh agus ag rith go gáróideach ar thaobh an tsléibhe amach 'san bhfairrge. Le hais an tsrotha so chonnaic mé cuas i dtaobh na carraige. Iar mbai- liughadh caindigheacht' maith' de chríon-chánach agus féar, agus shocruigh mé sort ionaid suain ins an gcuas sin. Air sin do shín mé mo bhoill thréith-thuirseacha, ní nár bh'iongnadh ó fhad m'aistre agus ó theas an lae, agus ba ghear gur (cheannsuigh?) lámha dil-drúchtmhara an tsuain mo chéadfadha. Foirimeall-tháinig ceo-néala taithneamhacha os cionn mo shúl, agus thuit mór-throm-shámh-chodladh orm. (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services