Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ríoghan Tíre na n-Óg.

Title
Ríoghan Tíre na n-Óg.
Author(s)
O Donnabháin, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Ríoghan Tíre na n-Óg.
Seaghan O Donnabháin do sgríobh.



Maidin bhreágh aoibhinn d'ar
éirigheas go moch chum dul
de thaisdeal ag fiosrughadh
mo charad go hiar-dheisceart
Éireann — do bhí an ghrian
ag taisbeánadh a soilbh-ghnúise deall-
raidhhce ós na sléibhtibh oirthearacha, agus ag
sgeith gaethe tais-séimh ar bheann-mhullaighibh
na sliabh ngrian-loisgthe. Bhí éanlaith
iolda ag caoin-bhinn-cheileabhar ar ghéagaibh
árda leathana glasa. D'imthigheas rómham
tré mhaghaibh leathana aoibhinn-ghlasa, tré
mhóinfhéaraibh bláthmhara i n-ar fhás luibhe-
anna milis-chumhra ós a raibh mil-bheacha ag
foluamain agus ag luighe ortha ag deól súgha
fíor-mheala as a gcocánaibh.



Thaisdealas tar sléibhtibh garbh-chrai-
geacha árd-bheannacha grian-dearg-loisgthe,
ar a raibh críon-aiteann agus cas-fhraoch ag
fás go meachta; tar gleanntaibh aoibhne
glas-fhéarmhara i n-a raibh ard-chrainn ghlas-
duilleabhar-leathan-ghéagacha ag fás i motha-
raibh sgáthmhara; an lon agus an smólach ag
binn-bhog-chantain a nótaidhe go taitnea-
mhach ar a mbárr; tré a raibh srotha binn-
tsiubhlacha gáróideacha gliogaracha ag rith,
agus ar a mbruach sion do bhí cocáin chumhra ag
bláthughadh.



Is iomdha magh aoibhinn, móinfhéar bláth-
mhar, agus coill ghlas tiugh árd-chrannach
leathan-duilleabhrach dhubh-sgáthmhar éin-
cheileabhrach, tré ar shiubhlas le grinn-
shólás, ag breathnughadh deise na nádúra.
Is iomdha gleann doimhin fada leathan agus
sliabh árd-stuagh-cheannach tar ar thais-
dealach. Rángas fá dheoidh radharc na
fairrge móire, agus ag an am sin d'aistrigh
ciúineas na gorm-spéire comh-chruinne i
néalaibh dubha dorcha tiugha, agus do foiligheadh
gnúis séimh-lonnrach na gréine.



Ins an am gcéadna do thionnsgain gaoth
ard-gharbh-shéideógach ar éirghe. Bhí mé am'
sheasamh ar árd-bhinn-stuaic carraige acht
fá fhosgadh mór-thuir sgeiche. As sin do chon-
nairc mé tréan-árd-gharbh-thonna na
fairrge dhá luasgadh le mór-neart na
gaoithe agus dhá gcaitheadh i n-aghaidh sleasa
sgeir-chairrgeach; loingeas ag éirghe ar a
mbarr.



Mar so d'fhanas go ndeachaidh an stoirm
thar mo cheann. Mhín-chiúinigh an ghaoth.
Shocruigh garbh-thonna na fairrge. Thais-
beain an ghrian a haghaidh dheallrach, agus le
n-a gaethibh mór-theó sgaip sí na néala
dubh-dhorcha. Bhí sí anois iar ndul tar lár
a sreibhe, ag féachain chum an iarthair.



Thriallas rómham ar mhullach ard-shléibhe
do bhí os cionn na fairrge iartharaighe. Acht
anois do bhí an ghrian ag bagar ar luighe
'san muir. Uime sin, mheas mé go mbudh
chóir dam deithneas do dhéanamh chum an
bhaile ba neasa dham, agus mar do shaoil mé
gur ar bhruach na fairrge budh dhóchaidhe


L. 116


dhamh teagmháil leis an chéad bhaile, chongbhas
mo réim le hais na trágha glégile gainimh-
mhíne.



Chonnaic mé mórán éanlaith ag árd-
eiteall os mo chionn. “Is baoghlach,” ar
mé liom féin, “go leigfidh siad aon tslio-
gán do thuitim orm, mar do rinneadh leis
an bhfeallsamh nGréagach i n-allód, tré ar
marbhadh é!”



Thaisdealas rómham go bhfaca mé an
ghrian ar tí í féin do thomadh 'san bhfairrge.
Chonnaic mé go soiléir a leath faoi uisge.
Ar mé am' smuaineadh: “Nach iongantach
a mheallann ar gcéadfadha sinn! Nach
saoilim go bhfeicim go soiléir an ghrian agus
an fhairrge ag baint le n-a chéile? Agus
nach iongantach nach múchtar an ghrian, má
's teine í!”



Feadh bhí mé ag buaidhradh m'aignidh leis
an smuaineadh sin, sluigeadh an ghrian 'san
mín-mhuir. D'fhéach an fhairrge chomh dearg
le sgárlóidh. Thriallas rómham, acht ní
fhacas baile ná tigh, acht tráigh fhada dhíreach,
agus an taoide ag líonadh go mear, na tonna
ag tóirneach i n-aghaidh na gcarraigeach.
Níor fheadas siubhal níos sia ar an tráigh.
Thugas aghaidh do na sléibhtibh arís. Ní raibh
súil agam le rigsin go dtí aon bhaile an
oidhche sin — is gearr i n-aghaidh na sléibhte
bhíos abalta ar siubhal. Rángas go bun
árd-chairraige ó a raibh sruth binn crios-
dalach ag tréan-bhuinniughadh agus ag rith go
gáróideach ar thaobh an tsléibhe amach 'san
bhfairrge. Le hais an tsrotha so chonnaic
mé cuas i dtaobh na carraige. Iar mbai-
liughadh caindigheacht' maith' de chríon-chánach
agus féar, agus shocruigh mé sort ionaid suain ins
an gcuas sin. Air sin do shín mé mo bhoill
thréith-thuirseacha, ní nár bh'iongnadh ó fhad
m'aistre agus ó theas an lae, agus ba ghear gur
(cheannsuigh?) lámha dil-drúchtmhara an
tsuain mo chéadfadha. Foirimeall-tháinig
ceo-néala taithneamhacha os cionn mo shúl,
agus thuit mór-throm-shámh-chodladh orm.



(Tuilleadh).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services