Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath na mBan.
Title
Cath na mBan.
Author(s)
Stiubhairt MacAlasdair, R. A.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cath na mBan. Bíonn greann agus gleó ann go minic i mbaile Droichid an Chaim, acht ní cuimhin le duine ar bith ann greann chomh mór leis a ngreann do bhí ann ar an chéad lá fichead de Bhealtaine i mbliadhna. Is é so adhbhar an ghleó sin, mar leanas. Atá árdsgoil an-aosda ann. Do cuireadh ar bun í le haghaidh fear óg 'san naomhadh céad bliadhan d'aois Chríosd. Ba mhaith le comhairle na hárdsgoile so, tamall gearr ó shoin, an rún so do chur i dtairgsin .i. ar chóir mná do leigean isteach i gcomhaltas na hárdsgoile? B'olc leis an sgoláiríbh an rún so, agus bhíodar ag athchuingidh go láidir i n-a aghaidh. Do bhí dhá chúis ag na sgoláiribh do'n easaontaidh so. An chéad chúis .i. ceart oidhreachta do bheith aca féin, óir ba hárd- sgoil le haghaidh fear í ar feadh míle bliadhan. An dara cúis .i. na cinn-bhearta móra is gnáth leis na mnáibh do chur orra féin; óir bíd eití nó blátha gléasta go hárd ar na cinn-bheartaibh sin, do dhruid- feadh idir shúilibh na sgoláirí agus an clár dubh le linn na léigheacht, rud do chuirfeadh searg agus mí-fhonn ar na fearaibh. 'Nuair bhí an chonspóid ar an rún ullamh aca, b'éigean a chur le toilidheacht. Caith- fear a innsint ar dtús caidé an gnás toilidheachta cleachdtar i árdsgoil Droi- chid an Chaim. Ní bhíonn acht aon toil amháin ag gach duine de'n chomhairle, agus ní ceaduighthear dó a thoil do thabhairt muna mbídh sé féin do láthair i dtigh na comhairle. Sgríobhann gach toilidhe “aontuighim” nó ”diúltuighim” ar cháirtín agus tugann sé an cáirtín do'n uachdarán toilidheachta : d'á dhruim sin ráidhtear “aontuightheach” nó “díultuightheach” le gach toilidhe. Bíonn gach maighistir ealadhan 'san árdsgoil i n-a chomhairleach, agus ó bhíd go léir sgartha i n-a gcomhnuidhe ar fuaid na tíre, is éigean dóibh teacht i gceann a chéile 'san árdsgoil, as gach áit i n-a mbíd. Bhí an baile mór go ciúin ar feadh na maidne. Bhí na sgoláirí i gcionn na léi- gheacht nó cibé obair eile ba ghnáth leó. Níor thosuigh an greann go dtí go dtáinig an traen speisialta, agus mór-chuid de na toilidhthibh innti. Bhí sé timcheall a haon a chlog an uair sin. Is beag nach raibh car- baid an bhaile go léir ar tuarasdal ag na sgoláiríbh, agus thugadar leo go port an bhóthair iarainn iad. 'Nuair thigeadh toilidhe amach as an bport d'fhiafruigheadh an tio- mánach dhe caidé an chaoi 'n-a raibh sé ar tí a thoil do thabhairt. Dá bhfreagradh sé “Is fear diúltuightheach mé,” deireadh an tio- mánach leis, “Isteach leat, agus gheobha tú marcaigheacht go háit na toilidheacht i n-aisge.” Acht dá bhfreagradh an toilidhe “Is fearr aontuightheach mé,” deireadh an tiománach leis, “Amach leat agus siubhail ar do dhá chois.” Cheap fear de na sgoláiríbh cóisde mór do ghabháil ar tuarasdal, agus clár do chur ins na fuinneogaibh agus na focail so air “Le haghaidh lucht aontuighthe”. Annsin 'nuair do bheidheadh an cóisde lán de lucht aontuighthe, do shaoil sé a dtiomáint go hAth na Sleagán, .i. baile beag atá a ceathair nó a cúig de mhíltibh ó Dhroichead an Chaim. Gidheadh ní dheárna sé sin, óir bhí a eagla air go n-imreóchthaidhe díoghaltas air ar a shon. Is iad na sgoláirí féin do thiomáin cuid mhaith de na carbadaibh. Do bhí fear aca
ag tiomáint charbaid agus an srian 'n-a láimh chlí aige, piostol 'n-a láimh dheis agus é d'a bheartughadh i n-a thimcheall. Chuala mé sgéal ar fhear diúltuighthe éigin do bhí ar chóisde agus é d'á thiomáint ag beirt sgoláire; greim ag fear aca ar an leath-shriain, agus adharc thiománaigh gléasta aige; greim ag an dara fear ar an leath-shrian eile, agus buabhall gléasta aige-sean. Thángadar na toilidhthe 'n-a nduine 's 'n-a nduine, agus thionóladar ar fhaithche an tighe comhairle. Tá an fhaithche so ar an taobh deas de'n tigh, agus tá an tsráid 'n-a teorainn do'n fhaithche. Thionóladar na sgoláirí 'san tsráid. Bhí fuagartha agus bratacha thuas ar na tighthibh i n-a dtimcheall, agus bhí duine bréige fíor-ghránda crochta ar fhuinneóig thighe 'san gcomhursanacht. Is í an dealbh bhí air so, dealbh mhná agus í 'n-a suidhe ar rothar agus culaidh “chéillidhe” uirri. Níor bh'fhada gur thosuigheadar na sgo- lairí ag caitheadh blúiríní de pháipéar dathta, agus i gceann tamaill bhig bhí féar na faithche lán de na blúiríníbh so. Acht ní raibh greann a ndóthain ag na sgoláiríbh ionnta sin. Seal gearr 'n-a dhiaidh so, thosuigh cineál eile urchor ag teacht uatha .i. “pléasgadóirí” agus oibreacha teineadh nach iad, oráisdí fós agus uibheacha. Bhí mórán cainte ann mar gheall ar uibheachaibh lobhtha roimh lá na toilidheachta, acht níor caitheadh mórán díobh. Bhí sgéal d'á innsint 'san mbaile go ndeachaidh fear de na sgoláiríbh isteach i siopa agus go ndubhairt sé, “Teas- tuigheann uibheacha uaim.” “An uibheacha diúltuighthe atá uait, a dhuine uasail?” arsa fear an tsiopa. Bhí gnó eile de na huibheachaibh. Bhí duine díchéillidhe éigin ag féachaint amach ar fhuinneóig uachdair thighe os cionn an chruinnighthe, agus é ag dórtadh uisge anuas ar na daoinibh. Ar an nóimint bhí na sgoláirí ag caitheadh na n-ubh leis an tigh, agus i gceann tamaill bhig, bhí cuid fuinneóg an tighe sin go léir briste. Ar a trí a chlog cuireadh stad ar an toilidheacht, agus tháinig an t-uachdarán amach as an tigh chomhairle do nochtadh na breithe. 'Nuair chuala cách gur diúltuigheadh do'n rún, chuir an cruinniughadh uile tréan- gháir ós árd, agus annsin do sgaradar le chéile go ciúin. Acht dobhain fir éigin an bhean bhréige anuas, bhain siad a ceann di, cuir siad ar mhuin charbaid í, rugadar ar an srian, sguireadar an capall, agus tharrain- geadar féin an carbad fá'n mbaile, agus an íomháigh so ar rothar ann agus í gan ceann. Bhí an baile go socair 'n-a dhiaidh sin go dtí an tráthnóna. Ar a hocht a chlog, thosuigh daoine ag cruinniughadh i n-áit an mhargaidh. Bhailigheadar adhmad i lár na háite agus chuireadar tré theinidh é, agus ba ghearr go raibh teine chnámh bhreágh aca. Ba dheas an t-amharc é, óir oidhche dhorcha bhí ann, gan rae gan reult, agus bhí an teine ag deallradh go hiongantach ar an sean-teampoll agus ar na foirgeantaibh eile i mór-thimcheall áite an mhargaidh. Bhí na daoine ag caitheadh mion-oibreacha teineadh i n-áirde, agus bhí na splanncacha ag fearthainn ar gach taoibh. Chuaidh na sgoláirí ar fuaid an bhaile ag iarraidh adhmaid do'n teinidh. 'Nuair chídís foirgneamh úr ar bith nach raibh críochnuighthe, agus fál cláir 'n-a thimcheall, shracaidís anuas na cláir, agus bheiridís fá dhéin na teineadh iad. Tá sráid ann i n-a bhfuil fál mór fada cláir ar leathtaoibh dhi, agus tearra ar adhmad an fháil. Bhí lóchrann gal-sholuis ar an bhfál so. Bhris na sgoláirí an fál agus an lóchrann leis. Rith an ghal as an bpíopa briste amach, agus cuireadh cipín lasda léi, go raibh lasair mhór agus solas breágh aca. Chui- readar adhmad an fháil ar chárr, agus tharraing- eadar go háit an mhargaidh é, agus chuireadar an t-adhmad go léir ar an teinidh, agus an cárr 'n-a theannta. Is é dlighe na hárdsgoile gan aon sgoláire bheith amuigh tar éis an mheadhóin oidhche, agus 'nuair tháinig an t-am sin, do rith siad ar fad go dian as an margadh, agus
d'fhág siad an áit folamh. Annsin tháinig bhuidhean na múchadóirí agus a ngléas múchta leó, agus choisgeadar an teine. Do thuit suan agus sámh-chodladh ar an mbaile d'á éis sin. R.A. Stiubhairt MacAlasdair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services