Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath na mBan.

Title
Cath na mBan.
Author(s)
Stiubhairt MacAlasdair, R. A.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 100


Cath na mBan.



Bíonn greann agus gleó ann go
minic i mbaile Droichid an
Chaim, acht ní cuimhin le
duine ar bith ann greann
chomh mór leis a ngreann do bhí ann ar an
chéad lá fichead de Bhealtaine i mbliadhna.



Is é so adhbhar an ghleó sin, mar leanas.
Atá árdsgoil an-aosda ann. Do cuireadh
ar bun í le haghaidh fear óg 'san naomhadh
céad bliadhan d'aois Chríosd. Ba mhaith le
comhairle na hárdsgoile so, tamall gearr
ó shoin, an rún so do chur i dtairgsin .i. ar
chóir mná do leigean isteach i gcomhaltas na
hárdsgoile? B'olc leis an sgoláiríbh an
rún so, agus bhíodar ag athchuingidh go láidir i
n-a aghaidh.



Do bhí dhá chúis ag na sgoláiribh do'n
easaontaidh so. An chéad chúis .i. ceart
oidhreachta do bheith aca féin, óir ba hárd-
sgoil le haghaidh fear í ar feadh míle
bliadhan. An dara cúis .i. na cinn-bhearta
móra is gnáth leis na mnáibh do chur orra
féin; óir bíd eití nó blátha gléasta go
hárd ar na cinn-bheartaibh sin, do dhruid-
feadh idir shúilibh na sgoláirí agus an clár dubh
le linn na léigheacht, rud do chuirfeadh
searg agus mí-fhonn ar na fearaibh.



'Nuair bhí an chonspóid ar an rún ullamh
aca, b'éigean a chur le toilidheacht. Caith-
fear a innsint ar dtús caidé an gnás
toilidheachta cleachdtar i árdsgoil Droi-
chid an Chaim. Ní bhíonn acht aon toil
amháin ag gach duine de'n chomhairle, agus ní
ceaduighthear dó a thoil do thabhairt muna
mbídh sé féin do láthair i dtigh na comhairle.
Sgríobhann gach toilidhe “aontuighim” nó
”diúltuighim” ar cháirtín agus tugann sé an
cáirtín do'n uachdarán toilidheachta : d'á
dhruim sin ráidhtear “aontuightheach” nó
“díultuightheach” le gach toilidhe. Bíonn
gach maighistir ealadhan 'san árdsgoil i n-a
chomhairleach, agus ó bhíd go léir sgartha i n-a
gcomhnuidhe ar fuaid na tíre, is éigean
dóibh teacht i gceann a chéile 'san árdsgoil,
as gach áit i n-a mbíd.



Bhí an baile mór go ciúin ar feadh na
maidne. Bhí na sgoláirí i gcionn na léi-
gheacht nó cibé obair eile ba ghnáth leó.
Níor thosuigh an greann go dtí go dtáinig
an traen speisialta, agus mór-chuid de na
toilidhthibh innti. Bhí sé timcheall a haon a
chlog an uair sin. Is beag nach raibh car-
baid an bhaile go léir ar tuarasdal ag na
sgoláiríbh, agus thugadar leo go port an
bhóthair iarainn iad. 'Nuair thigeadh toilidhe
amach as an bport d'fhiafruigheadh an tio-
mánach dhe caidé an chaoi 'n-a raibh sé ar tí
a thoil do thabhairt. Dá bhfreagradh sé “Is
fear diúltuightheach mé,” deireadh an tio-
mánach leis, “Isteach leat, agus gheobha tú
marcaigheacht go háit na toilidheacht i
n-aisge.” Acht dá bhfreagradh an toilidhe
“Is fearr aontuightheach mé,” deireadh an
tiománach leis, “Amach leat agus siubhail ar
do dhá chois.”



Cheap fear de na sgoláiríbh cóisde mór
do ghabháil ar tuarasdal, agus clár do chur
ins na fuinneogaibh agus na focail so air
“Le haghaidh lucht aontuighthe”. Annsin
'nuair do bheidheadh an cóisde lán de lucht
aontuighthe, do shaoil sé a dtiomáint go
hAth na Sleagán, .i. baile beag atá a
ceathair nó a cúig de mhíltibh ó Dhroichead
an Chaim. Gidheadh ní dheárna sé sin, óir bhí
a eagla air go n-imreóchthaidhe díoghaltas
air ar a shon.



Is iad na sgoláirí féin do thiomáin cuid
mhaith de na carbadaibh. Do bhí fear aca


L. 101


ag tiomáint charbaid agus an srian 'n-a láimh
chlí aige, piostol 'n-a láimh dheis agus é d'a
bheartughadh i n-a thimcheall. Chuala mé
sgéal ar fhear diúltuighthe éigin do bhí ar
chóisde agus é d'á thiomáint ag beirt sgoláire;
greim ag fear aca ar an leath-shriain, agus
adharc thiománaigh gléasta aige; greim ag
an dara fear ar an leath-shrian eile, agus
buabhall gléasta aige-sean.



Thángadar na toilidhthe 'n-a nduine 's 'n-a
nduine, agus thionóladar ar fhaithche an tighe
comhairle. Tá an fhaithche so ar an taobh
deas de'n tigh, agus tá an tsráid 'n-a
teorainn do'n fhaithche. Thionóladar na
sgoláirí 'san tsráid. Bhí fuagartha agus
bratacha thuas ar na tighthibh i n-a dtimcheall,
agus bhí duine bréige fíor-ghránda crochta ar
fhuinneóig thighe 'san gcomhursanacht. Is í
an dealbh bhí air so, dealbh mhná agus í 'n-a
suidhe ar rothar agus culaidh “chéillidhe” uirri.



Níor bh'fhada gur thosuigheadar na sgo-
lairí ag caitheadh blúiríní de pháipéar
dathta, agus i gceann tamaill bhig bhí féar na
faithche lán de na blúiríníbh so. Acht ní
raibh greann a ndóthain ag na sgoláiríbh
ionnta sin. Seal gearr 'n-a dhiaidh so,
thosuigh cineál eile urchor ag teacht uatha
.i. “pléasgadóirí” agus oibreacha teineadh nach
iad, oráisdí fós agus uibheacha. Bhí mórán
cainte ann mar gheall ar uibheachaibh lobhtha
roimh lá na toilidheachta, acht níor caitheadh
mórán díobh. Bhí sgéal d'á innsint 'san
mbaile go ndeachaidh fear de na sgoláiríbh
isteach i siopa agus go ndubhairt sé, “Teas-
tuigheann uibheacha uaim.” “An uibheacha
diúltuighthe atá uait, a dhuine uasail?”
arsa fear an tsiopa.



Bhí gnó eile de na huibheachaibh. Bhí
duine díchéillidhe éigin ag féachaint amach
ar fhuinneóig uachdair thighe os cionn an
chruinnighthe, agus é ag dórtadh uisge anuas ar
na daoinibh. Ar an nóimint bhí na sgoláirí
ag caitheadh na n-ubh leis an tigh, agus i gceann
tamaill bhig, bhí cuid fuinneóg an tighe sin
go léir briste.

Ar a trí a chlog cuireadh stad ar an
toilidheacht, agus tháinig an t-uachdarán
amach as an tigh chomhairle do nochtadh na
breithe. 'Nuair chuala cách gur diúltuigheadh
do'n rún, chuir an cruinniughadh uile tréan-
gháir ós árd, agus annsin do sgaradar le
chéile go ciúin. Acht dobhain fir éigin an
bhean bhréige anuas, bhain siad a ceann di,
cuir siad ar mhuin charbaid í, rugadar ar
an srian, sguireadar an capall, agus tharrain-
geadar féin an carbad fá'n mbaile, agus an
íomháigh so ar rothar ann agus í gan ceann.



Bhí an baile go socair 'n-a dhiaidh sin go
dtí an tráthnóna. Ar a hocht a chlog,
thosuigh daoine ag cruinniughadh i n-áit an
mhargaidh. Bhailigheadar adhmad i lár na
háite agus chuireadar tré theinidh é, agus ba ghearr
go raibh teine chnámh bhreágh aca. Ba dheas
an t-amharc é, óir oidhche dhorcha bhí ann, gan
rae gan reult, agus bhí an teine ag deallradh
go hiongantach ar an sean-teampoll agus ar
na foirgeantaibh eile i mór-thimcheall áite
an mhargaidh. Bhí na daoine ag caitheadh
mion-oibreacha teineadh i n-áirde, agus bhí na
splanncacha ag fearthainn ar gach taoibh.



Chuaidh na sgoláirí ar fuaid an bhaile ag
iarraidh adhmaid do'n teinidh. 'Nuair chídís
foirgneamh úr ar bith nach raibh críochnuighthe,
agus fál cláir 'n-a thimcheall, shracaidís anuas
na cláir, agus bheiridís fá dhéin na teineadh
iad. Tá sráid ann i n-a bhfuil fál mór
fada cláir ar leathtaoibh dhi, agus tearra ar
adhmad an fháil. Bhí lóchrann gal-sholuis
ar an bhfál so. Bhris na sgoláirí an fál agus
an lóchrann leis. Rith an ghal as an bpíopa
briste amach, agus cuireadh cipín lasda léi, go
raibh lasair mhór agus solas breágh aca. Chui-
readar adhmad an fháil ar chárr, agus tharraing-
eadar go háit an mhargaidh é, agus chuireadar
an t-adhmad go léir ar an teinidh, agus an
cárr 'n-a theannta.



Is é dlighe na hárdsgoile gan aon
sgoláire bheith amuigh tar éis an mheadhóin
oidhche, agus 'nuair tháinig an t-am sin, do rith
siad ar fad go dian as an margadh, agus


L. 102


d'fhág siad an áit folamh. Annsin tháinig
bhuidhean na múchadóirí agus a ngléas múchta
leó, agus choisgeadar an teine. Do thuit suan
agus sámh-chodladh ar an mbaile d'á éis
sin.



R.A. Stiubhairt MacAlasdair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services