Cath na mBan.
Bíonn greann agus gleó ann go 
minic i mbaile Droichid an 
Chaim, acht ní cuimhin le 
duine ar bith ann greann 
chomh mór leis a ngreann do bhí ann ar an 
chéad lá fichead de Bhealtaine i mbliadhna.
Is é so adhbhar an ghleó sin, mar leanas.  
Atá árdsgoil an-aosda ann.  Do cuireadh 
ar bun í le haghaidh fear óg 'san naomhadh 
céad bliadhan d'aois Chríosd.  Ba mhaith le 
comhairle na hárdsgoile so, tamall gearr 
ó shoin, an rún so do chur i dtairgsin .i. ar 
chóir mná do leigean isteach i gcomhaltas na 
hárdsgoile?  B'olc leis an sgoláiríbh an 
rún so, agus bhíodar ag athchuingidh go láidir i 
n-a aghaidh.
Do bhí dhá chúis ag na sgoláiribh do'n 
easaontaidh so.  An chéad chúis .i. ceart 
oidhreachta do bheith aca féin, óir ba hárd-
sgoil le haghaidh fear í ar feadh míle 
bliadhan.  An dara cúis .i. na cinn-bhearta 
móra is gnáth leis na mnáibh do chur orra 
féin; óir bíd eití nó blátha gléasta go 
hárd ar na cinn-bheartaibh sin, do dhruid-
feadh idir shúilibh na sgoláirí agus an clár dubh 
le linn na léigheacht, rud do chuirfeadh 
searg agus mí-fhonn ar na fearaibh.
'Nuair bhí an chonspóid ar an rún ullamh 
aca, b'éigean a chur le toilidheacht.  Caith-
fear a innsint ar dtús caidé an gnás 
toilidheachta cleachdtar i árdsgoil Droi-
chid an Chaim.  Ní bhíonn acht aon toil 
amháin ag gach duine de'n chomhairle, agus ní 
ceaduighthear dó a thoil do thabhairt muna 
mbídh sé féin do láthair i dtigh na comhairle.  
Sgríobhann gach toilidhe “aontuighim” nó 
”diúltuighim” ar cháirtín agus tugann sé an 
cáirtín do'n uachdarán toilidheachta : d'á 
dhruim sin ráidhtear “aontuightheach” nó
“díultuightheach” le gach toilidhe.  Bíonn 
gach maighistir ealadhan 'san árdsgoil i n-a 
chomhairleach, agus ó bhíd go léir sgartha i n-a 
gcomhnuidhe ar fuaid na tíre, is éigean 
dóibh teacht i gceann a chéile 'san árdsgoil,
as gach áit i n-a mbíd.
Bhí an baile mór go ciúin ar feadh na 
maidne.  Bhí na sgoláirí i gcionn na léi-
gheacht nó cibé obair eile ba ghnáth leó.  
Níor thosuigh an greann go dtí go dtáinig 
an traen speisialta, agus mór-chuid de na 
toilidhthibh innti.  Bhí sé timcheall a haon a 
chlog an uair sin.  Is beag nach raibh car-
baid an bhaile go léir ar tuarasdal ag na 
sgoláiríbh, agus thugadar leo go port an 
bhóthair iarainn iad.  'Nuair thigeadh toilidhe 
amach as an bport d'fhiafruigheadh an tio-
mánach dhe caidé an chaoi 'n-a raibh sé ar tí 
a thoil do thabhairt.  Dá bhfreagradh sé “Is
fear diúltuightheach mé,” deireadh an tio-
mánach leis,  “Isteach leat, agus gheobha tú 
marcaigheacht go háit na toilidheacht i 
n-aisge.”  Acht dá bhfreagradh an toilidhe 
“Is fearr aontuightheach mé,” deireadh an 
tiománach leis, “Amach leat agus siubhail ar 
do dhá chois.”
Cheap fear de na sgoláiríbh cóisde mór 
do ghabháil ar tuarasdal, agus clár do chur 
ins na fuinneogaibh agus na focail so air 
“Le haghaidh lucht aontuighthe”.  Annsin 
'nuair do bheidheadh an cóisde lán de lucht 
aontuighthe, do shaoil sé a dtiomáint go 
hAth na Sleagán, .i. baile beag atá a 
ceathair nó a cúig de mhíltibh ó Dhroichead 
an Chaim.  Gidheadh ní dheárna sé sin, óir bhí 
a eagla air go n-imreóchthaidhe díoghaltas 
air ar a shon.  
Is iad na sgoláirí féin do thiomáin cuid 
mhaith de na carbadaibh.  Do bhí fear aca
ag tiomáint charbaid agus an srian 'n-a láimh 
chlí aige, piostol 'n-a láimh dheis agus é d'a 
bheartughadh i n-a thimcheall.  Chuala mé 
sgéal ar fhear diúltuighthe éigin do bhí ar 
chóisde agus é d'á thiomáint ag beirt sgoláire;
greim ag fear aca ar an leath-shriain, agus 
adharc thiománaigh gléasta aige; greim ag 
an dara fear ar an leath-shrian eile, agus 
buabhall gléasta aige-sean.
Thángadar na toilidhthe 'n-a nduine 's 'n-a 
nduine, agus thionóladar ar fhaithche an tighe 
comhairle.  Tá an fhaithche so ar an taobh 
deas de'n tigh, agus tá an tsráid 'n-a 
teorainn do'n fhaithche.  Thionóladar na 
sgoláirí 'san tsráid.  Bhí fuagartha agus 
bratacha thuas ar na tighthibh i n-a dtimcheall, 
agus bhí duine bréige fíor-ghránda crochta ar 
fhuinneóig thighe 'san gcomhursanacht.  Is í 
an dealbh bhí air so, dealbh mhná agus í 'n-a 
suidhe ar rothar agus culaidh “chéillidhe” uirri. 
Níor bh'fhada gur thosuigheadar na sgo-
lairí ag caitheadh blúiríní de pháipéar 
dathta, agus i gceann tamaill bhig bhí féar na 
faithche lán de na blúiríníbh so.  Acht ní 
raibh greann a ndóthain ag na sgoláiríbh 
ionnta sin.  Seal gearr 'n-a dhiaidh so, 
thosuigh cineál eile urchor ag teacht uatha
.i. “pléasgadóirí” agus oibreacha teineadh nach 
iad, oráisdí fós agus uibheacha.  Bhí mórán 
cainte ann mar gheall ar uibheachaibh lobhtha 
roimh lá na toilidheachta, acht níor caitheadh 
mórán díobh.  Bhí sgéal d'á innsint 'san 
mbaile go ndeachaidh fear de na sgoláiríbh 
isteach i siopa agus go ndubhairt sé, “Teas-
tuigheann uibheacha uaim.”  “An uibheacha 
diúltuighthe atá uait, a dhuine uasail?” 
arsa fear an tsiopa.
Bhí gnó eile de na huibheachaibh.  Bhí 
duine díchéillidhe éigin ag féachaint amach 
ar fhuinneóig uachdair thighe os cionn an 
chruinnighthe, agus é ag dórtadh uisge anuas ar 
na daoinibh.  Ar an nóimint bhí na sgoláirí 
ag caitheadh na n-ubh leis an tigh, agus i gceann 
tamaill bhig, bhí cuid fuinneóg an tighe sin 
go léir briste.  
                                                            
Ar a trí a chlog cuireadh stad ar an 
toilidheacht, agus tháinig an t-uachdarán 
amach as an tigh chomhairle do nochtadh na 
breithe.  'Nuair chuala cách gur diúltuigheadh 
do'n rún, chuir an cruinniughadh uile tréan-
gháir ós árd, agus annsin do sgaradar le 
chéile go ciúin.  Acht dobhain fir éigin an 
bhean bhréige anuas, bhain siad a ceann di, 
cuir siad ar mhuin charbaid í, rugadar ar 
an srian, sguireadar an capall, agus tharrain-
geadar féin an carbad fá'n mbaile, agus an 
íomháigh so ar rothar ann agus í gan ceann.
Bhí an baile go socair 'n-a dhiaidh sin go 
dtí an tráthnóna.  Ar a hocht a chlog, 
thosuigh daoine ag cruinniughadh i n-áit an 
mhargaidh.  Bhailigheadar adhmad i lár na 
háite agus chuireadar tré theinidh é, agus ba ghearr 
go raibh teine chnámh bhreágh aca.  Ba dheas 
an t-amharc é, óir oidhche dhorcha bhí ann, gan 
rae gan reult, agus bhí an teine ag deallradh 
go hiongantach ar an sean-teampoll agus ar 
na foirgeantaibh eile i mór-thimcheall áite 
an mhargaidh.  Bhí na daoine ag caitheadh 
mion-oibreacha teineadh i n-áirde, agus bhí na 
splanncacha ag fearthainn ar gach taoibh.
Chuaidh na sgoláirí ar fuaid an bhaile ag 
iarraidh adhmaid do'n teinidh.  'Nuair chídís 
foirgneamh úr ar bith nach raibh críochnuighthe, 
agus fál cláir 'n-a thimcheall, shracaidís anuas 
na cláir, agus bheiridís fá dhéin na teineadh 
iad.  Tá sráid ann i n-a bhfuil fál mór 
fada cláir ar leathtaoibh dhi, agus tearra ar 
adhmad an fháil.  Bhí lóchrann gal-sholuis 
ar an bhfál so.  Bhris na sgoláirí an fál agus 
an lóchrann leis.  Rith an ghal as an bpíopa 
briste amach, agus cuireadh cipín lasda léi, go 
raibh lasair mhór agus solas breágh aca.  Chui-
readar adhmad an fháil ar chárr, agus tharraing-
eadar go háit an mhargaidh é, agus chuireadar 
an t-adhmad go léir ar an teinidh, agus an 
cárr 'n-a theannta.
Is é dlighe na hárdsgoile gan aon 
sgoláire bheith amuigh tar éis an mheadhóin 
oidhche, agus 'nuair tháinig an t-am sin, do rith 
siad ar fad go dian as an margadh, agus