Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litir an Athar Seumas MacPháidín.
Title
Litir an Athar Seumas MacPháidín.
Author(s)
Mac Pháidín, An tAthair Séamus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Litir an Athar Seumas MacPháidín, Sagart Pobail Gaoith Dobhair. Cathair Naomh Phroinsís, California, An fichead lá Bealtaine, 1897. A athair dhílis mhic Niallghuis Bheir sé dhamh lúthgháir do-labhartha a chloisdin go bhfuil sibh ag dul do chuimhniughadh na tríomhadh céad féile déag d'ár naomh oirdhearc, Colum Cille, ar an mball talmhan céadna i rughadh é agus do bheannuigh agus do choisrig sé le soineanntacht agus naomhthacht a óige, le mórán de shollamhnacht agus de chráibhtheacht. Beannuighim le mo chroidhe go hiomlán an té do smuain ar dtús onóir do thabhairt d'ár naomh ghlórmhar, agus do'n áit i n-ar tógadh é, le sollamhnughadh oireamh- nach críostamhail mar so. Budh chóir do mhuintir Thíre Conaill fáilte chur roimh an lá so le holl- gháirdeachas mhóir agus le cruinniughadh na mílte ar bhruach locha Gartáin le n-a choimhéad. Briseann sé mo chroidhe nach féidir liom bheith i láthair ins-an gcolainn. Acht san spiorad béidh mé ann. Nach ághamhail go dtárla an fhéile an t-am i bhfuil suidheachán naoimh Adhamhnáin líonta le hEasbog de phór ríoghamhail Uí Dhálaigh. Tá an tEasbog Ó Domhnaill 'na leantóir fiúntach do “Cholum na Cille” i n-a theas-ghrádh le teampoll Dé do thógbháil suas. Do thóg suas ar sinsir i laethibh sean- ghlóire Tíre Conaill Ráith Bhoth d' Adhamhnán agus do Cholum Chille. Tá sinne, thárla ann i n-a dhiaigh, ag árdughadh áird- teampuill i Leitir Cheanainn do'n té iomchuireas go measamhail bachall ar bhfairche ársaidhe Rátha Bhoth. Níor fhág siad-san ar naoimh ghlórmhara gan maoin; agus is cóir dhúinne cabhair do thabhairt d'ár nEasbog uasal mar an gcéadna. Tá dóchas agam go ndéanfaidh an naomhadh lá de Mheitheamh adhbhar ath-chruinn- ighthe mhóir d'fhearaibh Tíre Conaill, le honóir do dhéanamh do'n naomh ba mhó d'ár gCondae, agus a ndílseacht do thais- beanadh go soiléir do'n Easbog atá indiu againn i dTír Chonaill. Tá mé seacht míle míle as baile, i gcathair Naoimh Phroinsís, ag déanamh mo dhíchill, im' mhodh umhal féin, le cúis Coluim Chille do chur ar aghaidh. Milsigheann sé so, i modh éigin, an searbhas mhothuighim nach mbéidh sé im'chumas bheith in bhur láthair ar lá na féile. Beannacht Dé ar bhur n-obair. Tá dóchas agam go mbéidh séan agus sonas oraibh go léir. Fanaim go deo' deo' im charaid fíor dhuit, Seumas MacPháidín.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services