Litir an Athar Seumas 
MacPháidín,
Sagart Pobail Gaoith Dobhair.
Cathair Naomh Phroinsís,
California,
An fichead lá Bealtaine, 1897.
A athair dhílis mhic Niallghuis
Bheir sé dhamh lúthgháir do-labhartha a 
chloisdin go bhfuil sibh ag dul do
chuimhniughadh na tríomhadh céad féile déag 
d'ár naomh oirdhearc, Colum Cille, ar an 
mball talmhan céadna i rughadh é agus 
do bheannuigh agus do choisrig sé le 
soineanntacht agus naomhthacht a óige, le 
mórán de shollamhnacht agus de chráibhtheacht.
Beannuighim le mo chroidhe go hiomlán 
an té do smuain ar dtús onóir do 
thabhairt d'ár naomh ghlórmhar, agus do'n áit 
i n-ar tógadh é, le sollamhnughadh oireamh-
nach críostamhail mar so.
Budh chóir do mhuintir Thíre Conaill 
fáilte chur roimh an lá so le holl-
gháirdeachas mhóir agus le cruinniughadh na 
mílte ar bhruach locha Gartáin le n-a 
choimhéad.
Briseann sé mo chroidhe nach féidir liom 
bheith i láthair ins-an gcolainn.  Acht san
spiorad béidh mé ann.
Nach ághamhail go dtárla an fhéile an 
t-am i bhfuil suidheachán naoimh Adhamhnáin 
líonta le hEasbog de phór ríoghamhail Uí 
Dhálaigh.
Tá an tEasbog Ó Domhnaill 'na 
leantóir fiúntach do “Cholum na Cille” i 
n-a theas-ghrádh le teampoll Dé do 
thógbháil suas.
Do thóg suas ar sinsir i laethibh sean-
ghlóire Tíre Conaill Ráith Bhoth d'
Adhamhnán agus do Cholum Chille.  Tá sinne, 
thárla ann i n-a dhiaigh, ag árdughadh áird-
teampuill i Leitir Cheanainn do'n té 
iomchuireas go measamhail bachall ar 
bhfairche ársaidhe Rátha Bhoth.
Níor fhág siad-san ar naoimh ghlórmhara 
gan maoin; agus is cóir dhúinne cabhair do 
thabhairt d'ár nEasbog uasal mar an 
gcéadna.
Tá dóchas agam go ndéanfaidh an 
naomhadh lá de Mheitheamh adhbhar ath-chruinn-
ighthe mhóir d'fhearaibh Tíre Conaill, le 
honóir do dhéanamh do'n naomh ba mhó 
d'ár gCondae, agus a ndílseacht do thais-
beanadh go soiléir do'n Easbog atá indiu 
againn i dTír Chonaill.
Tá mé seacht míle míle as baile, 
i gcathair Naoimh Phroinsís, ag déanamh mo 
dhíchill, im' mhodh umhal féin, le cúis Coluim 
Chille do chur ar aghaidh.  Milsigheann sé 
so, i modh éigin, an searbhas mhothuighim nach 
mbéidh sé im'chumas bheith in bhur láthair ar 
lá na féile.
Beannacht Dé ar bhur n-obair.  Tá 
dóchas agam go mbéidh séan agus sonas oraibh 
go léir.
Fanaim go deo' deo' 
im charaid fíor dhuit,
Seumas MacPháidín.