Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóir do rinne an t-Athair Aindrias Mac Niallghuid, Sagart Pobuil Gartáin.
Title
Seanmóir do rinne an t-Athair Aindrias Mac Niallghuid, Sagart Pobuil Gartáin.
Author(s)
Mac Niallghuis, An tAthair Aindrias,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanmóir do rinne an t-athair Aindrias Mac Niallghuis, sa- gart pobuil Gartáin. “Feuch! d'fhágamar gach uile nídh agus leanamar thusa. Caidé an luach saothair atámuid ag dul d'fhaghail ar a shon sin?” Agus dubhairt Iosa leó, “Go deimhin deimhin adeirim libh, ar an lá dhéidheanach nuair thiocfas Mac an Duine i n-árd-chéim, go suidhfidh sibh do lean é ar dhá chathaoir dhéag, chum breitheamhnais do thabhairt ar dhá theaghlach déag Israel; agus gach uile dhuine fhágas a bhaile, a athair agus a mháthair, a dheirbhshiúr agus a dhearbhra- thair, a bhean agus a pháisde, agus a thalamh, ar mo shon-sa, bhéarfaidh mé dhó céad lán ar an tsaoghal so, agus an bheatha shuthain ins an tsaoghal atá le teacht.” -(1dh caibidil déag de Naomh Matha, rann 28, 29 agus 30.) 'Sé seo an soisgéal do léigheadh indiu agus léightear i gcomhnuidhe ar fhéile na n-abadh; agus tuigeann sinn ó fhoclaibh an tsoisgéil seo go raibh caibhidil eidir Críost agus naomh Peadar fá'n luach saothar do bhí ag Críost le tabhairt dóibh ar son an tsaoghail do thréigean agus Eisean do leanamhain. Thug Críost dhá gheallamhain do Pheadar air. Dubhairt Críost leis: “Ar m'fhocal, bhéar- faidh mé dhaoibh mar onóir bhéith 'bhur gcomh- bhreitheamhnaibh liom féin ar an lá dhéidheanach le breitheamhnas do thabhairt ar an chineadh dhaonda.” An dara geallamhain thug Críost dóibh, go gcumhdóchadh sé iad le sólás a ghrása i n-a gcéad lán ar an tsaoghal so, agus an bheatha shíorruidhe d'éis a mbáis. Tá geallamhna Chríost chomh fíor indiu agus bhí siad an lá sin; mairfidh siad fíor i gcomhnuidhe, de bhrígh nach do Pheadar amháin agus do na hAbstolaibh thug Críost na geal- lamhna so, acht do gach uile dhuine eile do ghní mar an gcéadna; 'sé sin le radh, do gach duine thréigeas an saoghal, shéanas é féin, thógas suas a chroch agus leanas Críost. Agus 'sé seo mar rinne naomh Colum Cille, naomh mór Tíre Conaill, ar bpadrún, ar gcara, agus ar nduine muinteardha féin. “D'fhág sé gach uile, acht fuair sé gach uile.” Tá sé trí chéad déag, trí scór, agus trí bliadhna déag ó rugadh Colum Cille ar an leic sin thíos, ar ar hofráileadh suas indiu iodhbairt ro-adhramhail an Aifrinn. Trí scór agus trí bliadhna déag fad a bheatha ar an tsaoghal so. Caidé mar chaith sé na bliadhna so? Caidé an cineál duine bhí ann? Caidé an eisiomláir thug sé dhúinn le leanamhain? Caidé an eisiomláir thug sé dhúinn le leanamhain? Agus caidé an rún atá- muid ag dul do dhéanamh indiu, ar lá mór a fhéile, le haithris do dhéanamh air, ionnus go mbeimid ar dhóig éigin cosmhail leis i n-a bheathaidh? Rugadh é i nGartán de dheoin, 'S do hoileadh e i gCill MhicNeoin, 'S do baisdeadh mac na maise I dTulaigh na Dubh-ghlaise. Ag a bhaisteadh fuair sé Criomhthann mar
ainm ó'n tsagart uasal Cruithneachán, agus d'éis a bhaistidh tugadh mac na maise so go Cill Mhic Neoin, an áit i ndearnadh é oilea- mhain i measg prionnsaidhe óg Tíre Conaill do bhí ar sgoil leis, agus do bhaisd air “Colum na Cille,” mar bhí sé le fagháil i gcomhnuidhe aca ag urnaighe roimh an altóir. Annso fuair sé a chéad fhoghluim i mbéa- saibh Dé, agus leag sé go domhain adhbhar na beathadh iongantaighe do bhí leagtha amach ag Dia dhó. “Foghluim an óige i mbéasaibh Dé, agus nuair atá siad sean, ní thréigeann siad é” (Probh, 22c., 6 rann). Agus anois de bhrígh go raibh a athair agus a mháthair de shíol na ríogh agus prionnsaidhe fíor-uasal Éireann, Alban, agus Dála Araidhe, budh le n-a mac Colum go cinnte, agus i gceart, coróin na hÉireann d'fhagháil, dá gcomh- nuigheadh sé le n-a chuid prionnsaidhe féin i dTír Chonaill. Acht b'fhearr le Colum bheith bocht le Críost ná saidhbhir gan é. “Is beannuighthe na boicht i spioraid, óir is leó ríoghacht neimhe” (Matha, 5 caib., 3 rann). Ag fagáil sláin ag a mhuinntir, agus ag glacadh Dé mar a oighreacht, d'fhág sé iad le “hocras agus tart d'éis na córa,” agus chuaidh sé do chuartughadh foghluma i measg na naomh agus na sgoláirí ba mhó i nÉirinn, ag fágáil eisiompláire an pháisde Íosa i n-a dhiaidh i gCill Mhic Neoin: 'sé sin le rádh — “Do réir mar d'fhás sé i n-aois, d'fhás sé fós i n-eolas agus i ngrása i láthair Dé agus i láthair an duine” (Lúcás, 2 caib., 52 rann). Ar feadh an ama so bhí sé ag cuartughadh foghluma tré Éireann, ó mhainistir go mainistir, ó naomh go naomh, ó sgoláire go sgoláire, agus ó bhárd go bárd, 'sé adéarfaidh mé fá dtaobh de, go raibh sé oidhche agus lá amuigh de'n am do bhí sé ar urnaighe, adhlaicthe i gcomhnaidhe i n-a chuid leabhra, i gcuideachda aingeal a bhflaitheas do bhí ag coingeáil soluis leis go minic i ndoimh- neacht na hoidhche ag aithsgríobhadh na leabhar diadha, agus shoillsigh sé comh fada os cionn na sgoláirí eile agus tá an ghrian os cionn na réalt. Ag cúig bliadhnaibh agus fiche d'aois, rinneadh sagart de, agus tháinic sé 'na bhaile go Tír Chonaill, i measg a gcuid prionnsaidhe féin, agus é lán de gach uile shubháilce agus fogh- luim d'á dtéidheann leis an chríostaighe agus an t-eaglaiseach do dhéanamh iomlán. D'fhág se a bhaile tré ocras agus tart na córa. Tháinic sé 'na bhaile lán agus sásta. “Is beannuigthe an dream ar a bhfuil ocras agus tart na córa, óir sásóchthar iad” (Matha, 5 caibh., 6 rann). Leag sé adhbhar a chéad mhainistreach i nDoire, agus bhí sé féin i n-a abaidh os a cionn ar feadh cúig mbliadhan déag. A! b'iad so na cúig bliadhna déag glórmhara d' Éirinn agus d'Uladh. De bhrígh go raibh sé de shíol ro-uasal na ríogh, bhí cumhachda eas- coimsighthe aige i measg na bprionnsaidhe do ghráidh é le cion a gcroidhe. Ní raibh aon nídh doidhéanta aige, de bhrígh nach raibh aon nídh diúlttha dó d'ár iarr sé. Acht rinne sé úsáid de na hocáidibh so uile go léir, i gcuideachda an mhéid fhoghluma agus eagna thug Dia dhó, ag méadughadh a chuid mainis- treach, ag lán-tsíolrughadh an chreidimh, agus ag tabhairt glóire do Dhia. 'Sé seo mar rinne naomh Pól fós. Deir sé féin linn ar feadh an ama so go raibh sé ag snámh i n-aoibhneas Dé agus na n-aingeal, do bhí ag congbháil cuideachda leis i gcomhnuidhe. Acht i n-a dhiaidh sin agus uile, ní raibh sólás le fagháil aige oidhche nó lá. Cad fá so? De bhrígh go raibh aon nídh amháin do bhí ag cognadh a chroidhe i gcomhnuidhe, agus ní raibh suaimhneas le fagháil aige go gcríochnuigheadh sé obair bheannuighthe naomh Phádraic, agus go n-iomcha- radh sé trillseán an chreidimh fad le muinn- tir na hÉireann do bhí sgartha ó Éirinn in n-am naomh Phádraic, agus do bhí go fóill “'na suidhe i ndorchadas agus i gceó an bháis.” 'Sé seo an nídh amháin do bhí ag cur géar- phian ar a chroidhe, agus cosmhail leis an tréa-
daidhe mhaith, d'fhág sé an céad acht caora i n-a dhiaidh, agus chuaidh sé i ndiaidh na caorach do bhí caillte, agus an chaora sin fós d'á mhuinntir féin. Bhí brón agus croidhe-bhrúghadh i measg na cléire, na bprionnsaidhe, agus sgoláirí Éireann. Bhí na báird ag gul go dubrónach. Dubhairt Dallán ag seinnm a chláirsighe: “A! támaoid cosmhail le habhrán na cláirsighe gan guth, Sgartha ó ar n-árd-cheann uasal indiu.” Sgartha ó ar n-árd-cheann uasal indiu.” Ní hiongantas so: bhí siad ag cailleadh a gcarad, acht bhí sé 'na charaid i gcomhnuidhe aca, óir níor thréig sé iad ar lá a gcruadh- tain. Acht bhí a theas-ghrádh ar Dhia agus ar anmannaibh na bpágánach mbocht as Éirinn níos mó 'ná a ghrádh nádúrtha, mór agus mar bhí sin ar Éirinn, agus ag tógáil suas a lámh agus ag tabhairt a bheannachta dhóibh, thionntuigh sé a chúl ar a oileán glas díleas féin, agus dubhairt sé le n-a dhá dheisgiobal déag do bhí leis, na focla so is fiu a gcuimhne: “I n-ainm Dé cuirimis chum fairrge anois, agus cia ar bith áit i mbuailfimid cuan, bíodh sin ar na cairrgeachaibh fiadhanta fairrge nó ar oileán deas mín, annsin déanamuis comh- nuidhe, agus bainimis fúinn, ag déanamh ur- naighthe agus aithrighe ar feadh ar saoghail.” Sheolsad leó i measg ceól agus seannma ain- geal na bhflaitheas, gur chuir siad isteach ar Phort an Churaigh i n-oileán Í — oileán go fiadhanta, gan aon neach 'na chomhnuidhe air acht éanacha na fairrge. A! nach iad do bhí cosmhail le Mac an Duine: “Tá a gcuid brocaigh ag na sionnachaibh, a gcuid neadracha ag éanachaibh beaga na gcnoc, acht ní'l sin ag Mac an Duine aon áit le a cheann do leagadh” (Lúcás, 9 caib., 58 rann). A! cia an mhéad do thiocfadh a rádh fá'n bheathaidh iongantaigh do chaith sé ar an oileán so, ar feadh ceithre mbliadhan déag agus fiche — beatha lán de'n uile iongantas, lán de míorbhailtibh, lán de fháidheacht, go minic ag caint go soiléir le hainglibh na bhFlaitheas ar Chnoc na nAingeal, agus go minic agus go ro-mhinic, i lár an dubh-gheimhridh, ar uaigneas na hoidhche, 'na sheasamh i lochán uisge suas go dtí an guailne, agus le'lámhaibh sínte amach ag iarraidh athchuingidhe ó Dhia i leith a mhuinntire féin agus Éireann. Go leór agam le rádh annso gur chríochnuigh sé an obair bheannuighthe 'ar fhág sé Éire fá choinne a dhéanta; óir bhí trillseán an chreidimh ag soillsiughadh anois go bláthrach, ní hé amháin i nÉirinn, acht fós i measg na ndeóraidhe as Éirinn i nAlbain agus i nDáil Riada thall. Bhí sé ar an adhbhar so 'na chomhabstol i n-obair bheannuighthe Naomh Phádraic. D'fhág sé an t-oileán fiadhanta so i n-a dhiaidh lán de naomhaibh agus de sgoláiríbh do bhí ag moladh Dé ar feadh sé céad bliadhan d'éis a bháis. Molta go raibh ar naomh mór féin fós, do bhí 'na chéad-abaidh ar an oileán. Mar tháinic sé ar an tsaoghal, d'fhág sé an saoghal mar an gcéadna. Rugadh é ar an leic sin thíos, fuair sé bás i gcuimhne an lae indiu, trí céad déag bliadhna anois, ar leic eile, 'sé sin le rádh, leac na cille, roimh an altóir i n-oileán Í. 'Sí an leac do bhí 'na leabaidh aige ar feadh a bheathadh, le cloich faoi n-a cheann; agus an t-éideadh garbh do chaith sé ins-an lá bhí dh'á chumhdach ins-an oidhche. A! ní hiongantas na leacacha, na clocha, agus na tobair so bheith beannuighthe: bhí cion agus grádh aige orra chum smachda a cholna. Tá siad annso i n-ar measg, an leac sin thíos, na láithreacha, an tobar, agus an turas so thuas, úir Ghartáin iomchuireas na deor- aidhe bochta leó, le hiad do shábháil ó theinidh agus ó bháthadh; Tobar an Dúin, beannuighthe ó n-a dhuine mhuinteardha féin, an léightheoir Ó Firghil do ghuidhe go dúthrachtach a phatrún féin ins-na Flaitheasaibh, ar feadh na n-ocht lá do chaith sé ag urnuighthe ag an tobar, le brígh agus neart agus cumhachda thabhairt do'n uisge, a shláinte do thabhairt do'n easslán:
agus tá fios againn uile agus ag an domhan go bhfuil an bhrígh bheannuighthe so i n-uisge Thobair an Dúin, — ar ndóigh-ne agus ar ndóigh- ne, tá tobar Gartáin mar an gcéadna. Molta go raibh ainm ar naoimh bheannuighthe, annso i n-a pharáisde féin, i dTulaigh Dubhghlaise, i gCill Mhac nEanain, i nGleann Choluim Chille, i n-oileán Toraigh, i Ráith Bhoth, i nDoire, i nÍ, agus ins-na céad- taibh céad d'áitibh eile i n-a bhfuil sé i gcomhnuidhe beo i n-a chuid láithreach, atá indiu agus bheidheas go deó, ag déanamh sean- móire do'n té bhíos ag dul a bhealach - Tá na clocha atá liath ins-na láithreach' gan ceann Ag déanamh seanmóire i gcomhnuidhe do'n mhuinntir tá ann. Ar feadh céad bliadhan chodail cnámha beannuighthe ar naoimh ar oileán Í, nuair do hiomcharadh iad go hÉirinn, an áit i bhfuil siad adhlaicthe i n-uaigh amháin le naomh Pádraic agus Bríghid, i gcondae an Dúin. Tuigeann sibh anois an beagán agus an ro- bheagán, i dtaoibh an mhéid budh chóir do rádh fá 'n bheathaidh iongantaigh do chaith ar naomh mór agus ar bpatrún ar feadh na dtrí scór agus trí bliadhna déag do bhí sé ar an tsaoghal so. Chongnuigh Dia é le n-a chéad lán grása, agus tá sé indiu trí céad déag bliadhna 'na chomhnuidhe i n-ochras Dé, agus ní'l a bheatha acht i n-a tús go fóill. A! 'sí seo an bheatha is fiú a buaint, agus 'sé seo an t-adhbhar go solamhnuigheann an Eaglais féile a cuid naomh ar lá a mbáis i n-áit lae a ngein- eamhna, de bhrígh nach fiú an bheatha shaoghalta a cur i gcomórtas leis an bheatha shuthain mhaireas ar feadh saoghal na saoghal. Is fíor é, tá sé sgartha uainn indiu, acht is fíor é fós go bhfuil sé i gcomhnuidhe agus i gcomhnuidhe i láthair na Tríonóide ro- naomhtha, ag déanamh eadarghuidhe ar ar son. Agus mar tá a fhios againn go dtugann Dia onóir agus éisdeachd do gach uile naomh ar neamh, do réir agus mar thug an naomh céadna sin onóir agus éisdeachd do Dhia ar talamh, cia an naomh is mó thug onóir agus glóir do Dhia ar talamh 'na thug ar naomh mór féin? Ar an adhbhar sin, bímís cinnte go bhfuighmid toradh ar nguidhe indiu. Agus mo thruaighe agus mo thruaighe nach smuainimid níos mionca ar ar gcuid naomh mór as Éirinn, agus nach gcoimhcheanglamuid ar h-urnuighthe ar talamh le n-a nguidhe ar neamh ar ár son féin agus ar son ar dtíre boichte. Tá a fhios againn go raibh níos mó bríghe agus tádhbhachta agus nirt i n-urnuighthe Mhaoise ar bharr an chnuic ag caint le Dia 'na bhí i n-iomlán an phobail do bhí ag troid i n-aghaidh a námhad ins-an ghleann faoi. Mar an gcéadna, tá níos mó bríghe agus nirt agus tádhbhachta i n-urnuighthe naomh Phádraic, Bríghde, agus Coluim, agus na naomh eile as Éirinn, 'ná tá i n-iomlán ar ndícheall bocht féin, ag troid i n-aghaidh ar námhad i ngleann bhocht so na ndeór. Déanfamaoid rún indiu, agus le cuidiughadh grásta Dé cuirfimíd an rún so i gcrích ó 'n lá indiu amach — 'sé sin le rádh, nach leigfimíd aon oidhche amháin thart gan an urnuighthe bheag so do rádh d'éis ar bpaidrín páirtuigh: “A Naomh Phádraic, a Bhríghid, agus a Choluim, agus a naomha na hÉireann go huilidhe guidhidh orainn, congnuíghidh agus cuidighidh linn anois agus ar uair ar mbáis.” An dara rún is cóir dhúinn do dhéanamh ar an lá mhór bheannuighthe so, ionnus go mbeimid cosmhail ar dhóigh éigin le ar bpatrún i n-a bheathaidh, go ndeunfamuid an cholann do smachdadh, do réir ar n-acmhainne, in gach uile nídh acht go ro-mhór speisialta i nídh agus i bpeacadh amháin do bheir náire agus brón agus sgrios orainn féin agus ar ar dtír, 'sé sin peacadh na meisge. D'fhág ar naomh féin eisiom- pláir mhór againn annso, óir adeir sgríobh- nóirí a bheathadh linn nár bhlais sé riamh aon ndeor dighe i n-a raibh meisge ann. Déan- famaoid uile go léir dícheall mór, muintir an tréidheanais iomláin do leathnughadh agus
do mhéadughadh agus do neartughadh ins-an chathathá siad do throid go fearamhail ins-an díoghóise so i n-aghaidh an sgriosadóra so. Tugamuis deagh-shompla uainn ins-an nídh so, óir is é ar ndeagh-shompla amháin an cloidheamh is géire i n-aghaidh an námhad so. Guidhmis ar bpatrún indiu, ar lá mhór a fhéile go n-ofráilidh sé suas 'ionnsaighe ar Dhia an urnuighthe atá mé ag dul do rádh anois, urnuighthe atá againn uile ar ar dteangaidh, urnuighthe do chum ar nEasbog féin agus atá againn ar chárda na geallamhna- “A Choluim Chille! a phadrúin lucht an tréidheanais iomláin in do bhaile agus in do dhíbearthachd, guidh ar Dhia, cia ar bith áit i dtuitfidh ar gcrann, go mbeimid buan- tseasmhach d'ár ngeallamhain, agus nach dtuga- muid mí-chlú go bráth, le haon mheisge amháin, ar an talamh do ghráidh tú go díleas. Amén.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services