Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóir do rinne an t-Athair Aindrias Mac Niallghuid, Sagart Pobuil Gartáin.

Title
Seanmóir do rinne an t-Athair Aindrias Mac Niallghuid, Sagart Pobuil Gartáin.
Author(s)
Mac Niallghuis, An tAthair Aindrias,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seanmóir do rinne an t-athair
Aindrias Mac Niallghuis, sa-
gart pobuil Gartáin.



“Feuch! d'fhágamar gach uile nídh agus leanamar thusa.
Caidé an luach saothair atámuid ag dul d'fhaghail ar
a shon sin?” Agus dubhairt Iosa leó, “Go deimhin
deimhin adeirim libh, ar an lá dhéidheanach nuair thiocfas
Mac an Duine i n-árd-chéim, go suidhfidh sibh do lean é
ar dhá chathaoir dhéag, chum breitheamhnais do thabhairt ar
dhá theaghlach déag Israel; agus gach uile dhuine fhágas a
bhaile, a athair agus a mháthair, a dheirbhshiúr agus a dhearbhra-
thair, a bhean agus a pháisde, agus a thalamh, ar mo shon-sa,
bhéarfaidh mé dhó céad lán ar an tsaoghal so, agus an
bheatha shuthain ins an tsaoghal atá le teacht.” -(1dh
caibidil déag de Naomh Matha, rann 28, 29 agus 30.)



'Sé seo an soisgéal do léigheadh indiu agus
léightear i gcomhnuidhe ar fhéile na n-abadh;
agus tuigeann sinn ó fhoclaibh an tsoisgéil
seo go raibh caibhidil eidir Críost agus naomh
Peadar fá'n luach saothar do bhí ag Críost
le tabhairt dóibh ar son an tsaoghail do
thréigean agus Eisean do leanamhain. Thug
Críost dhá gheallamhain do Pheadar air.
Dubhairt Críost leis: “Ar m'fhocal, bhéar-
faidh mé dhaoibh mar onóir bhéith 'bhur gcomh-
bhreitheamhnaibh liom féin ar an lá dhéidheanach
le breitheamhnas do thabhairt ar an chineadh
dhaonda.” An dara geallamhain thug Críost
dóibh, go gcumhdóchadh sé iad le sólás a
ghrása i n-a gcéad lán ar an tsaoghal so,
agus an bheatha shíorruidhe d'éis a mbáis.



Tá geallamhna Chríost chomh fíor indiu agus
bhí siad an lá sin; mairfidh siad fíor i
gcomhnuidhe, de bhrígh nach do Pheadar amháin
agus do na hAbstolaibh thug Críost na geal-
lamhna so, acht do gach uile dhuine eile do
ghní mar an gcéadna; 'sé sin le radh, do
gach duine thréigeas an saoghal, shéanas é
féin, thógas suas a chroch agus leanas Críost.
Agus 'sé seo mar rinne naomh Colum Cille,
naomh mór Tíre Conaill, ar bpadrún, ar
gcara, agus ar nduine muinteardha féin.



“D'fhág sé gach uile, acht fuair sé gach
uile.”



Tá sé trí chéad déag, trí scór, agus trí
bliadhna déag ó rugadh Colum Cille ar an
leic sin thíos, ar ar hofráileadh suas indiu
iodhbairt ro-adhramhail an Aifrinn. Trí
scór agus trí bliadhna déag fad a bheatha ar
an tsaoghal so. Caidé mar chaith sé na
bliadhna so? Caidé an cineál duine bhí
ann? Caidé an eisiomláir thug sé dhúinn
le leanamhain? Caidé an eisiomláir thug sé dhúinn
le leanamhain? Agus caidé an rún atá-
muid ag dul do dhéanamh indiu, ar lá mór
a fhéile, le haithris do dhéanamh air, ionnus
go mbeimid ar dhóig éigin cosmhail leis i
n-a bheathaidh?



Rugadh é i nGartán de dheoin,
'S do hoileadh e i gCill MhicNeoin,
'S do baisdeadh mac na maise
I dTulaigh na Dubh-ghlaise.



Ag a bhaisteadh fuair sé Criomhthann mar


L. 41


ainm ó'n tsagart uasal Cruithneachán, agus
d'éis a bhaistidh tugadh mac na maise so go
Cill Mhic Neoin, an áit i ndearnadh é oilea-
mhain i measg prionnsaidhe óg Tíre Conaill
do bhí ar sgoil leis, agus do bhaisd air “Colum
na Cille,” mar bhí sé le fagháil i gcomhnuidhe
aca ag urnaighe roimh an altóir.



Annso fuair sé a chéad fhoghluim i mbéa-
saibh Dé, agus leag sé go domhain adhbhar na
beathadh iongantaighe do bhí leagtha amach ag
Dia dhó. “Foghluim an óige i mbéasaibh
Dé, agus nuair atá siad sean, ní thréigeann
siad é” (Probh, 22c., 6 rann). Agus anois
de bhrígh go raibh a athair agus a mháthair de
shíol na ríogh agus prionnsaidhe fíor-uasal
Éireann, Alban, agus Dála Araidhe, budh le
n-a mac Colum go cinnte, agus i gceart,
coróin na hÉireann d'fhagháil, dá gcomh-
nuigheadh sé le n-a chuid prionnsaidhe féin i
dTír Chonaill. Acht b'fhearr le Colum
bheith bocht le Críost ná saidhbhir gan é.
“Is beannuighthe na boicht i spioraid, óir is
leó ríoghacht neimhe” (Matha, 5 caib., 3
rann). Ag fagáil sláin ag a mhuinntir, agus
ag glacadh Dé mar a oighreacht, d'fhág sé
iad le “hocras agus tart d'éis na córa,” agus
chuaidh sé do chuartughadh foghluma i measg
na naomh agus na sgoláirí ba mhó i nÉirinn, ag
fágáil eisiompláire an pháisde Íosa i n-a
dhiaidh i gCill Mhic Neoin: 'sé sin le rádh —
“Do réir mar d'fhás sé i n-aois, d'fhás sé
fós i n-eolas agus i ngrása i láthair Dé agus i
láthair an duine” (Lúcás, 2 caib., 52 rann).
Ar feadh an ama so bhí sé ag cuartughadh
foghluma tré Éireann, ó mhainistir go
mainistir, ó naomh go naomh, ó sgoláire go
sgoláire, agus ó bhárd go bárd, 'sé adéarfaidh
mé fá dtaobh de, go raibh sé oidhche agus lá
amuigh de'n am do bhí sé ar urnaighe,
adhlaicthe i gcomhnaidhe i n-a chuid leabhra, i
gcuideachda aingeal a bhflaitheas do bhí ag
coingeáil soluis leis go minic i ndoimh-
neacht na hoidhche ag aithsgríobhadh na leabhar
diadha, agus shoillsigh sé comh fada os cionn na
sgoláirí eile agus tá an ghrian os cionn na
réalt.



Ag cúig bliadhnaibh agus fiche d'aois, rinneadh
sagart de, agus tháinic sé 'na bhaile go Tír
Chonaill, i measg a gcuid prionnsaidhe
féin, agus é lán de gach uile shubháilce agus fogh-
luim d'á dtéidheann leis an chríostaighe agus
an t-eaglaiseach do dhéanamh iomlán. D'fhág
se a bhaile tré ocras agus tart na córa.
Tháinic sé 'na bhaile lán agus sásta. “Is
beannuigthe an dream ar a bhfuil ocras agus
tart na córa, óir sásóchthar iad” (Matha,
5 caibh., 6 rann).



Leag sé adhbhar a chéad mhainistreach i
nDoire, agus bhí sé féin i n-a abaidh os a cionn
ar feadh cúig mbliadhan déag. A! b'iad
so na cúig bliadhna déag glórmhara d'
Éirinn agus d'Uladh. De bhrígh go raibh sé
de shíol ro-uasal na ríogh, bhí cumhachda eas-
coimsighthe aige i measg na bprionnsaidhe do
ghráidh é le cion a gcroidhe. Ní raibh aon
nídh doidhéanta aige, de bhrígh nach raibh aon
nídh diúlttha dó d'ár iarr sé. Acht rinne
sé úsáid de na hocáidibh so uile go léir, i
gcuideachda an mhéid fhoghluma agus eagna
thug Dia dhó, ag méadughadh a chuid mainis-
treach, ag lán-tsíolrughadh an chreidimh, agus ag
tabhairt glóire do Dhia. 'Sé seo mar
rinne naomh Pól fós. Deir sé féin linn
ar feadh an ama so go raibh sé ag snámh i
n-aoibhneas Dé agus na n-aingeal, do bhí ag
congbháil cuideachda leis i gcomhnuidhe. Acht
i n-a dhiaidh sin agus uile, ní raibh sólás le
fagháil aige oidhche nó lá. Cad fá so? De
bhrígh go raibh aon nídh amháin do bhí ag cognadh
a chroidhe i gcomhnuidhe, agus ní raibh suaimhneas
le fagháil aige go gcríochnuigheadh sé obair
bheannuighthe naomh Phádraic, agus go n-iomcha-
radh sé trillseán an chreidimh fad le muinn-
tir na hÉireann do bhí sgartha ó Éirinn
in n-am naomh Phádraic, agus do bhí go fóill
“'na suidhe i ndorchadas agus i gceó an bháis.”
'Sé seo an nídh amháin do bhí ag cur géar-
phian ar a chroidhe, agus cosmhail leis an tréa-


L. 42


daidhe mhaith, d'fhág sé an céad acht caora i
n-a dhiaidh, agus chuaidh sé i ndiaidh na caorach
do bhí caillte, agus an chaora sin fós d'á
mhuinntir féin. Bhí brón agus croidhe-bhrúghadh
i measg na cléire, na bprionnsaidhe, agus
sgoláirí Éireann. Bhí na báird ag gul go
dubrónach. Dubhairt Dallán ag seinnm a
chláirsighe:



“A! támaoid cosmhail le habhrán na
cláirsighe gan guth,
Sgartha ó ar n-árd-cheann uasal indiu.”



Sgartha ó ar n-árd-cheann uasal indiu.”



Ní hiongantas so: bhí siad ag cailleadh
a gcarad, acht bhí sé 'na charaid i gcomhnuidhe
aca, óir níor thréig sé iad ar lá a gcruadh-
tain. Acht bhí a theas-ghrádh ar Dhia agus ar
anmannaibh na bpágánach mbocht as Éirinn
níos mó 'ná a ghrádh nádúrtha, mór agus mar bhí
sin ar Éirinn, agus ag tógáil suas a lámh agus ag
tabhairt a bheannachta dhóibh, thionntuigh sé a
chúl ar a oileán glas díleas féin, agus dubhairt
sé le n-a dhá dheisgiobal déag do bhí leis,
na focla so is fiu a gcuimhne: “I n-ainm
Dé cuirimis chum fairrge anois, agus cia ar
bith áit i mbuailfimid cuan, bíodh sin ar na
cairrgeachaibh fiadhanta fairrge nó ar
oileán deas mín, annsin déanamuis comh-
nuidhe, agus bainimis fúinn, ag déanamh ur-
naighthe agus aithrighe ar feadh ar saoghail.”
Sheolsad leó i measg ceól agus seannma ain-
geal na bhflaitheas, gur chuir siad isteach
ar Phort an Churaigh i n-oileán Í — oileán
go fiadhanta, gan aon neach 'na chomhnuidhe
air acht éanacha na fairrge. A! nach iad
do bhí cosmhail le Mac an Duine: “Tá a
gcuid brocaigh ag na sionnachaibh, a gcuid
neadracha ag éanachaibh beaga na gcnoc,
acht ní'l sin ag Mac an Duine aon áit le
a cheann do leagadh” (Lúcás, 9 caib., 58
rann). A! cia an mhéad do thiocfadh a rádh
fá'n bheathaidh iongantaigh do chaith sé ar an
oileán so, ar feadh ceithre mbliadhan déag
agus fiche — beatha lán de'n uile iongantas,
lán de míorbhailtibh, lán de fháidheacht, go
minic ag caint go soiléir le hainglibh na
bhFlaitheas ar Chnoc na nAingeal, agus go
minic agus go ro-mhinic, i lár an dubh-gheimhridh,
ar uaigneas na hoidhche, 'na sheasamh i lochán
uisge suas go dtí an guailne, agus le'lámhaibh
sínte amach ag iarraidh athchuingidhe ó Dhia i
leith a mhuinntire féin agus Éireann. Go leór
agam le rádh annso gur chríochnuigh sé an
obair bheannuighthe 'ar fhág sé Éire fá
choinne a dhéanta; óir bhí trillseán an
chreidimh ag soillsiughadh anois go bláthrach,
ní hé amháin i nÉirinn, acht fós i measg na
ndeóraidhe as Éirinn i nAlbain agus i nDáil
Riada thall. Bhí sé ar an adhbhar so 'na
chomhabstol i n-obair bheannuighthe Naomh
Phádraic.



D'fhág sé an t-oileán fiadhanta so i n-a
dhiaidh lán de naomhaibh agus de sgoláiríbh do bhí
ag moladh Dé ar feadh sé céad bliadhan
d'éis a bháis. Molta go raibh ar naomh mór
féin fós, do bhí 'na chéad-abaidh ar an
oileán.



Mar tháinic sé ar an tsaoghal, d'fhág sé
an saoghal mar an gcéadna. Rugadh é ar
an leic sin thíos, fuair sé bás i gcuimhne an
lae indiu, trí céad déag bliadhna anois, ar
leic eile, 'sé sin le rádh, leac na cille,
roimh an altóir i n-oileán Í. 'Sí an leac
do bhí 'na leabaidh aige ar feadh a bheathadh, le
cloich faoi n-a cheann; agus an t-éideadh garbh
do chaith sé ins-an lá bhí dh'á chumhdach ins-an
oidhche. A! ní hiongantas na leacacha, na
clocha, agus na tobair so bheith beannuighthe: bhí
cion agus grádh aige orra chum smachda a cholna.
Tá siad annso i n-ar measg, an leac sin
thíos, na láithreacha, an tobar, agus an turas
so thuas, úir Ghartáin iomchuireas na deor-
aidhe bochta leó, le hiad do shábháil ó theinidh
agus ó bháthadh; Tobar an Dúin, beannuighthe ó
n-a dhuine mhuinteardha féin, an léightheoir
Ó Firghil do ghuidhe go dúthrachtach a phatrún
féin ins-na Flaitheasaibh, ar feadh na n-ocht
lá do chaith sé ag urnuighthe ag an tobar,
le brígh agus neart agus cumhachda thabhairt do'n
uisge, a shláinte do thabhairt do'n easslán:


L. 43


agus tá fios againn uile agus ag an domhan go
bhfuil an bhrígh bheannuighthe so i n-uisge
Thobair an Dúin, — ar ndóigh-ne agus ar ndóigh-
ne, tá tobar Gartáin mar an gcéadna.
Molta go raibh ainm ar naoimh bheannuighthe,
annso i n-a pharáisde féin, i dTulaigh
Dubhghlaise, i gCill Mhac nEanain, i
nGleann Choluim Chille, i n-oileán Toraigh,
i Ráith Bhoth, i nDoire, i nÍ, agus ins-na céad-
taibh céad d'áitibh eile i n-a bhfuil sé i
gcomhnuidhe beo i n-a chuid láithreach, atá
indiu agus bheidheas go deó, ag déanamh sean-
móire do'n té bhíos ag dul a bhealach -



Tá na clocha atá liath ins-na láithreach'
gan ceann
Ag déanamh seanmóire i gcomhnuidhe
do'n mhuinntir tá ann.



Ar feadh céad bliadhan chodail cnámha
beannuighthe ar naoimh ar oileán Í, nuair do
hiomcharadh iad go hÉirinn, an áit i bhfuil
siad adhlaicthe i n-uaigh amháin le naomh
Pádraic agus Bríghid, i gcondae an Dúin.



Tuigeann sibh anois an beagán agus an ro-
bheagán, i dtaoibh an mhéid budh chóir do rádh
fá 'n bheathaidh iongantaigh do chaith ar naomh
mór agus ar bpatrún ar feadh na dtrí scór
agus trí bliadhna déag do bhí sé ar an tsaoghal
so. Chongnuigh Dia é le n-a chéad lán
grása, agus tá sé indiu trí céad déag bliadhna
'na chomhnuidhe i n-ochras Dé, agus ní'l a bheatha
acht i n-a tús go fóill. A! 'sí seo an
bheatha is fiú a buaint, agus 'sé seo an t-adhbhar
go solamhnuigheann an Eaglais féile a cuid
naomh ar lá a mbáis i n-áit lae a ngein-
eamhna, de bhrígh nach fiú an bheatha shaoghalta
a cur i gcomórtas leis an bheatha shuthain
mhaireas ar feadh saoghal na saoghal.



Is fíor é, tá sé sgartha uainn indiu, acht
is fíor é fós go bhfuil sé i gcomhnuidhe agus i
gcomhnuidhe i láthair na Tríonóide ro-
naomhtha, ag déanamh eadarghuidhe ar ar son.
Agus mar tá a fhios againn go dtugann
Dia onóir agus éisdeachd do gach uile naomh ar
neamh, do réir agus mar thug an naomh céadna
sin onóir agus éisdeachd do Dhia ar talamh, cia
an naomh is mó thug onóir agus glóir do Dhia
ar talamh 'na thug ar naomh mór féin? Ar
an adhbhar sin, bímís cinnte go bhfuighmid
toradh ar nguidhe indiu.



Agus mo thruaighe agus mo thruaighe nach
smuainimid níos mionca ar ar gcuid naomh
mór as Éirinn, agus nach gcoimhcheanglamuid
ar h-urnuighthe ar talamh le n-a nguidhe ar
neamh ar ár son féin agus ar son ar dtíre
boichte. Tá a fhios againn go raibh níos mó
bríghe agus tádhbhachta agus nirt i n-urnuighthe
Mhaoise ar bharr an chnuic ag caint le Dia
'na bhí i n-iomlán an phobail do bhí ag troid
i n-aghaidh a námhad ins-an ghleann faoi.
Mar an gcéadna, tá níos mó bríghe agus nirt
agus tádhbhachta i n-urnuighthe naomh Phádraic,
Bríghde, agus Coluim, agus na naomh eile as
Éirinn, 'ná tá i n-iomlán ar ndícheall bocht
féin, ag troid i n-aghaidh ar námhad i
ngleann bhocht so na ndeór.



Déanfamaoid rún indiu, agus le cuidiughadh
grásta Dé cuirfimíd an rún so i gcrích ó
'n lá indiu amach — 'sé sin le rádh, nach
leigfimíd aon oidhche amháin thart gan an
urnuighthe bheag so do rádh d'éis ar bpaidrín
páirtuigh: “A Naomh Phádraic, a Bhríghid, agus a
Choluim, agus a naomha na hÉireann go huilidhe
guidhidh orainn, congnuíghidh agus cuidighidh linn
anois agus ar uair ar mbáis.” An dara rún
is cóir dhúinn do dhéanamh ar an lá mhór
bheannuighthe so, ionnus go mbeimid cosmhail
ar dhóigh éigin le ar bpatrún i n-a bheathaidh,
go ndeunfamuid an cholann do smachdadh,
do réir ar n-acmhainne, in gach uile nídh
acht go ro-mhór speisialta i nídh agus i bpeacadh
amháin do bheir náire agus brón agus sgrios
orainn féin agus ar ar dtír, 'sé sin peacadh
na meisge. D'fhág ar naomh féin eisiom-
pláir mhór againn annso, óir adeir sgríobh-
nóirí a bheathadh linn nár bhlais sé riamh aon
ndeor dighe i n-a raibh meisge ann. Déan-
famaoid uile go léir dícheall mór, muintir
an tréidheanais iomláin do leathnughadh agus


L. 44


do mhéadughadh agus do neartughadh ins-an
chathathá siad do throid go fearamhail ins-an
díoghóise so i n-aghaidh an sgriosadóra
so. Tugamuis deagh-shompla uainn ins-an
nídh so, óir is é ar ndeagh-shompla amháin
an cloidheamh is géire i n-aghaidh an námhad
so. Guidhmis ar bpatrún indiu, ar lá mhór
a fhéile go n-ofráilidh sé suas 'ionnsaighe
ar Dhia an urnuighthe atá mé ag dul do rádh
anois, urnuighthe atá againn uile ar ar
dteangaidh, urnuighthe do chum ar nEasbog
féin agus atá againn ar chárda na geallamhna-



“A Choluim Chille! a phadrúin lucht an
tréidheanais iomláin in do bhaile agus in do
dhíbearthachd, guidh ar Dhia, cia ar bith áit i
dtuitfidh ar gcrann, go mbeimid buan-
tseasmhach d'ár ngeallamhain, agus nach dtuga-
muid mí-chlú go bráth, le haon mheisge
amháin, ar an talamh do ghráidh tú go díleas.
Amén.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services