Seanmóir do rinne an t-athair 
Aindrias Mac Niallghuis, sa-
gart pobuil Gartáin.
“Feuch! d'fhágamar gach uile nídh agus leanamar thusa.  
Caidé an luach saothair atámuid ag dul d'fhaghail ar 
a shon sin?”  Agus dubhairt Iosa leó, “Go deimhin 
deimhin adeirim libh, ar an lá dhéidheanach nuair thiocfas 
Mac an Duine i n-árd-chéim, go suidhfidh sibh do lean é 
ar dhá chathaoir dhéag, chum breitheamhnais do thabhairt ar 
dhá theaghlach déag Israel; agus gach uile dhuine fhágas a 
bhaile, a athair agus a mháthair, a dheirbhshiúr agus a dhearbhra-
thair, a bhean agus a pháisde, agus a thalamh, ar mo shon-sa,
bhéarfaidh mé dhó céad lán ar an tsaoghal so, agus an 
bheatha shuthain ins an tsaoghal atá le teacht.” -(1dh 
caibidil déag de Naomh Matha, rann 28, 29 agus 30.)
'Sé seo an soisgéal do léigheadh indiu agus 
léightear i gcomhnuidhe ar fhéile na n-abadh; 
agus tuigeann sinn ó fhoclaibh an tsoisgéil 
seo go raibh caibhidil eidir Críost agus naomh 
Peadar fá'n luach saothar do bhí ag Críost 
le tabhairt dóibh ar son an tsaoghail do 
thréigean agus Eisean do leanamhain.  Thug 
Críost dhá gheallamhain do Pheadar air.  
Dubhairt Críost leis: “Ar m'fhocal, bhéar-
faidh mé dhaoibh mar onóir bhéith 'bhur gcomh-
bhreitheamhnaibh liom féin ar an lá dhéidheanach
le breitheamhnas do thabhairt ar an chineadh 
dhaonda.”  An dara geallamhain thug Críost 
dóibh, go gcumhdóchadh sé iad le sólás a 
ghrása i n-a gcéad lán ar an tsaoghal so, 
agus an bheatha shíorruidhe d'éis a mbáis.
Tá geallamhna Chríost chomh fíor indiu agus 
bhí siad an lá sin; mairfidh siad fíor i 
gcomhnuidhe, de bhrígh nach do Pheadar amháin 
agus do na hAbstolaibh thug Críost na geal-
lamhna so, acht do gach uile dhuine eile do 
ghní mar an gcéadna; 'sé sin le radh, do 
gach duine thréigeas an saoghal, shéanas é 
féin, thógas suas a chroch agus leanas Críost. 
Agus 'sé seo mar rinne naomh Colum Cille, 
naomh mór Tíre Conaill, ar bpadrún, ar 
gcara, agus ar nduine muinteardha féin.
“D'fhág sé gach uile, acht fuair sé gach 
uile.”
Tá sé trí chéad déag, trí scór, agus trí 
bliadhna déag ó rugadh Colum Cille ar an 
leic sin thíos, ar ar hofráileadh suas indiu 
iodhbairt ro-adhramhail an Aifrinn.  Trí 
scór agus trí bliadhna déag fad a bheatha ar 
an tsaoghal so.  Caidé mar chaith sé na 
bliadhna so?  Caidé an cineál duine bhí 
ann?  Caidé an eisiomláir thug sé dhúinn 
le leanamhain?  Caidé an eisiomláir thug sé dhúinn 
le leanamhain?  Agus caidé an rún atá-
muid ag dul do dhéanamh indiu, ar lá mór 
a fhéile, le haithris do dhéanamh air, ionnus 
go mbeimid ar dhóig éigin cosmhail leis i 
n-a bheathaidh?
Rugadh é i nGartán de dheoin,
'S do hoileadh e i gCill MhicNeoin,
'S do baisdeadh mac na maise
I dTulaigh na Dubh-ghlaise.
Ag a bhaisteadh fuair sé Criomhthann mar
 
ainm ó'n tsagart uasal Cruithneachán, agus 
d'éis a bhaistidh tugadh mac na maise so go 
Cill Mhic Neoin, an áit i ndearnadh é oilea-
mhain i measg prionnsaidhe óg Tíre Conaill 
do bhí ar sgoil leis, agus do bhaisd air “Colum 
na Cille,” mar bhí sé le fagháil i gcomhnuidhe 
aca ag urnaighe roimh an altóir.
Annso fuair sé a chéad fhoghluim i mbéa-
saibh Dé, agus leag sé go domhain adhbhar na 
beathadh iongantaighe do bhí leagtha amach ag 
Dia dhó.  “Foghluim an óige i mbéasaibh 
Dé, agus nuair atá siad sean, ní thréigeann 
siad é” (Probh, 22c., 6 rann).  Agus anois 
de bhrígh go raibh a athair agus a mháthair de 
shíol na ríogh agus prionnsaidhe fíor-uasal
Éireann, Alban, agus Dála Araidhe, budh le 
n-a mac Colum go cinnte, agus i gceart, 
coróin na hÉireann d'fhagháil, dá gcomh-
nuigheadh sé le n-a chuid prionnsaidhe féin i 
dTír Chonaill.  Acht b'fhearr le Colum 
bheith bocht le Críost ná saidhbhir gan é.
“Is beannuighthe na boicht i spioraid, óir is 
leó ríoghacht neimhe” (Matha, 5 caib., 3 
rann).  Ag fagáil sláin ag a mhuinntir, agus 
ag glacadh Dé mar a oighreacht, d'fhág sé
iad le “hocras agus tart d'éis na córa,” agus 
chuaidh sé do chuartughadh foghluma i measg 
na naomh agus na sgoláirí ba mhó i nÉirinn, ag 
fágáil eisiompláire an pháisde Íosa i n-a 
dhiaidh i gCill Mhic Neoin:  'sé sin le rádh — 
“Do réir mar d'fhás sé i n-aois, d'fhás sé 
fós i n-eolas agus i ngrása i láthair Dé agus i 
láthair an duine” (Lúcás, 2 caib., 52 rann).
Ar feadh an ama so bhí sé ag cuartughadh 
foghluma tré Éireann, ó mhainistir go 
mainistir, ó naomh go naomh, ó sgoláire go 
sgoláire, agus ó bhárd go bárd, 'sé adéarfaidh 
mé fá dtaobh de, go raibh sé oidhche agus lá 
amuigh de'n am do bhí sé ar urnaighe, 
adhlaicthe i gcomhnaidhe i n-a chuid leabhra, i 
gcuideachda aingeal a bhflaitheas do bhí ag 
coingeáil soluis leis go minic i ndoimh-
neacht na hoidhche ag aithsgríobhadh na leabhar 
diadha, agus shoillsigh sé comh fada os cionn na
sgoláirí eile agus tá an ghrian os cionn na 
réalt.
Ag cúig bliadhnaibh agus fiche d'aois, rinneadh 
sagart de, agus tháinic sé 'na bhaile go Tír 
Chonaill, i measg a gcuid prionnsaidhe 
féin, agus é lán de gach uile shubháilce agus fogh-
luim d'á dtéidheann leis an chríostaighe agus
an t-eaglaiseach do dhéanamh iomlán.  D'fhág 
se a bhaile tré ocras agus tart na córa.  
Tháinic sé 'na bhaile lán agus sásta.  “Is 
beannuigthe an dream ar a bhfuil ocras agus 
tart na córa, óir sásóchthar iad” (Matha, 
5 caibh., 6 rann).
Leag sé adhbhar a chéad mhainistreach i 
nDoire, agus bhí sé féin i n-a abaidh os a cionn 
ar feadh cúig mbliadhan déag.  A!  b'iad 
so na cúig bliadhna déag glórmhara d'
Éirinn agus d'Uladh.  De bhrígh go raibh sé 
de shíol ro-uasal na ríogh, bhí cumhachda eas-
coimsighthe aige i measg na bprionnsaidhe do 
ghráidh é le cion a gcroidhe.  Ní raibh aon 
nídh doidhéanta aige, de bhrígh nach raibh aon 
nídh diúlttha dó d'ár iarr sé.  Acht rinne
sé úsáid de na hocáidibh so uile go léir, i 
gcuideachda an mhéid fhoghluma agus eagna 
thug Dia dhó, ag méadughadh a chuid mainis-
treach, ag lán-tsíolrughadh an chreidimh, agus ag 
tabhairt glóire do Dhia.  'Sé seo mar 
rinne naomh Pól fós.  Deir sé féin linn 
ar feadh an ama so go raibh sé ag snámh i 
n-aoibhneas Dé agus na n-aingeal, do bhí ag 
congbháil cuideachda leis i gcomhnuidhe.  Acht 
i n-a dhiaidh sin agus uile, ní raibh sólás le
fagháil aige oidhche nó lá.  Cad fá so?  De 
bhrígh go raibh aon nídh amháin do bhí ag cognadh 
a chroidhe i gcomhnuidhe, agus ní raibh suaimhneas 
le fagháil aige go gcríochnuigheadh sé obair 
bheannuighthe naomh Phádraic, agus go n-iomcha-
radh sé trillseán an chreidimh fad le muinn-
tir na hÉireann do bhí sgartha ó Éirinn
in n-am naomh Phádraic, agus do bhí go fóill 
“'na suidhe i ndorchadas agus i gceó an bháis.”  
'Sé seo an nídh amháin do bhí ag cur géar-
phian ar a chroidhe, agus cosmhail leis an tréa-
 
daidhe mhaith, d'fhág sé an céad acht caora i 
n-a dhiaidh, agus chuaidh sé i ndiaidh na caorach 
do bhí caillte, agus an chaora sin fós d'á 
mhuinntir féin.  Bhí brón agus croidhe-bhrúghadh 
i measg na cléire, na bprionnsaidhe, agus 
sgoláirí Éireann.  Bhí na báird ag gul go 
dubrónach.  Dubhairt Dallán ag seinnm a 
chláirsighe:
“A! támaoid cosmhail le habhrán na 
cláirsighe gan guth,
Sgartha ó ar n-árd-cheann uasal indiu.”
Sgartha ó ar n-árd-cheann uasal indiu.”  
Ní hiongantas so: bhí siad ag cailleadh 
a gcarad, acht bhí sé 'na charaid i gcomhnuidhe 
aca, óir níor thréig sé iad ar lá a gcruadh-
tain.  Acht bhí a theas-ghrádh ar Dhia agus ar
anmannaibh na bpágánach mbocht as Éirinn 
níos mó 'ná a ghrádh nádúrtha, mór agus mar bhí 
sin ar Éirinn, agus ag tógáil suas a lámh agus ag 
tabhairt a bheannachta dhóibh, thionntuigh sé a 
chúl ar a oileán glas díleas féin, agus dubhairt 
sé le n-a dhá dheisgiobal déag do bhí leis, 
na focla so is fiu a gcuimhne:  “I n-ainm 
Dé cuirimis chum fairrge anois, agus cia ar 
bith áit i mbuailfimid cuan, bíodh sin ar na 
cairrgeachaibh fiadhanta fairrge nó ar 
oileán deas mín, annsin déanamuis comh-
nuidhe, agus bainimis fúinn, ag déanamh ur-
naighthe agus aithrighe ar feadh ar saoghail.”
Sheolsad leó i measg ceól agus seannma ain-
geal na bhflaitheas, gur chuir siad isteach 
ar Phort an Churaigh i n-oileán Í — oileán 
go fiadhanta, gan aon neach 'na chomhnuidhe 
air acht éanacha na fairrge.  A! nach iad 
do bhí cosmhail le Mac an Duine: “Tá a 
gcuid brocaigh ag na sionnachaibh, a gcuid
neadracha ag éanachaibh beaga na gcnoc,
acht ní'l sin ag Mac an Duine aon áit le 
a cheann do leagadh” (Lúcás, 9 caib., 58 
rann).  A! cia an mhéad do thiocfadh a rádh 
fá'n bheathaidh iongantaigh do chaith sé ar an 
oileán so, ar feadh ceithre mbliadhan déag
agus fiche — beatha lán de'n uile iongantas, 
lán de míorbhailtibh, lán de fháidheacht, go 
minic ag caint go soiléir le hainglibh na 
bhFlaitheas ar Chnoc na nAingeal, agus go 
minic agus go ro-mhinic, i lár an dubh-gheimhridh, 
ar uaigneas na hoidhche, 'na sheasamh i lochán 
uisge suas go dtí an guailne, agus le'lámhaibh 
sínte amach ag iarraidh athchuingidhe ó Dhia i 
leith a mhuinntire féin agus Éireann.  Go leór 
agam le rádh annso gur chríochnuigh sé an 
obair bheannuighthe 'ar fhág sé Éire fá 
choinne a dhéanta; óir bhí trillseán an 
chreidimh ag soillsiughadh anois go bláthrach, 
ní hé amháin i nÉirinn, acht fós i measg na
ndeóraidhe as Éirinn i nAlbain agus i nDáil 
Riada thall.  Bhí sé ar an adhbhar so 'na 
chomhabstol i n-obair bheannuighthe Naomh 
Phádraic.
D'fhág sé an t-oileán fiadhanta so i n-a 
dhiaidh lán de naomhaibh agus de sgoláiríbh do bhí 
ag moladh Dé ar feadh sé céad bliadhan 
d'éis a bháis.  Molta go raibh ar naomh mór 
féin fós, do bhí 'na chéad-abaidh ar an 
oileán.
Mar tháinic sé ar an tsaoghal, d'fhág sé 
an saoghal mar an gcéadna.  Rugadh é ar 
an leic sin thíos, fuair sé bás i gcuimhne an 
lae indiu, trí céad déag bliadhna anois, ar 
leic eile, 'sé sin le rádh, leac na cille, 
roimh an altóir i n-oileán Í.  'Sí an leac 
do bhí 'na leabaidh aige ar feadh a bheathadh, le 
cloich faoi n-a cheann; agus an t-éideadh garbh 
do chaith sé ins-an lá bhí dh'á chumhdach ins-an 
oidhche.  A! ní hiongantas na leacacha, na 
clocha, agus na tobair so bheith beannuighthe: bhí 
cion agus grádh aige orra chum smachda a cholna.  
Tá siad annso i n-ar measg, an leac sin 
thíos, na láithreacha, an tobar, agus an turas 
so thuas, úir Ghartáin iomchuireas na deor-
aidhe bochta leó, le hiad do shábháil ó theinidh 
agus ó bháthadh; Tobar an Dúin, beannuighthe ó 
n-a dhuine mhuinteardha féin, an léightheoir 
Ó Firghil do ghuidhe go dúthrachtach a phatrún 
féin ins-na Flaitheasaibh, ar feadh na n-ocht 
lá do chaith sé ag urnuighthe ag an tobar, 
le brígh agus neart agus cumhachda thabhairt do'n 
uisge, a shláinte do thabhairt do'n easslán:
 
agus tá fios againn uile agus ag an domhan go
bhfuil an bhrígh bheannuighthe so i n-uisge 
Thobair an Dúin, — ar ndóigh-ne agus ar ndóigh-
ne, tá tobar Gartáin mar an gcéadna.  
Molta go raibh ainm ar naoimh bheannuighthe, 
annso i n-a pharáisde féin, i dTulaigh 
Dubhghlaise, i gCill Mhac nEanain, i 
nGleann Choluim Chille, i n-oileán Toraigh, 
i Ráith Bhoth, i nDoire, i nÍ, agus ins-na céad-
taibh céad d'áitibh eile i n-a bhfuil sé i 
gcomhnuidhe beo i n-a chuid láithreach, atá 
indiu agus bheidheas go deó, ag déanamh sean-
móire do'n té bhíos ag dul a bhealach -
Tá na clocha atá liath ins-na láithreach' 
gan ceann 
Ag déanamh seanmóire i gcomhnuidhe 
do'n mhuinntir tá ann.
Ar feadh céad bliadhan chodail cnámha 
beannuighthe ar naoimh ar oileán Í, nuair do 
hiomcharadh iad go hÉirinn, an áit i bhfuil 
siad adhlaicthe i n-uaigh amháin le naomh 
Pádraic agus Bríghid, i gcondae an Dúin.
Tuigeann sibh anois an beagán agus an ro-
bheagán, i dtaoibh an mhéid budh chóir do rádh 
fá 'n bheathaidh iongantaigh do chaith ar naomh 
mór agus ar bpatrún ar feadh na dtrí scór 
agus trí bliadhna déag do bhí sé ar an tsaoghal 
so.  Chongnuigh Dia é le n-a chéad lán 
grása, agus tá sé indiu trí céad déag bliadhna 
'na chomhnuidhe i n-ochras Dé, agus ní'l a bheatha 
acht i n-a tús go fóill.  A! 'sí seo an 
bheatha is fiú a buaint, agus 'sé seo an t-adhbhar 
go solamhnuigheann an Eaglais féile a cuid 
naomh ar lá a mbáis i n-áit lae a ngein-
eamhna, de bhrígh nach fiú an bheatha shaoghalta 
a cur i gcomórtas leis an bheatha shuthain
mhaireas ar feadh saoghal na saoghal.   
Is fíor é, tá sé sgartha uainn indiu, acht 
is fíor é fós go bhfuil sé i gcomhnuidhe agus i 
gcomhnuidhe i láthair na Tríonóide ro-
naomhtha, ag déanamh eadarghuidhe ar ar son.  
Agus mar tá a fhios againn go dtugann
Dia onóir agus éisdeachd do gach uile naomh ar 
neamh, do réir agus mar thug an naomh céadna 
sin onóir agus éisdeachd do Dhia ar talamh, cia 
an naomh is mó thug onóir agus glóir do Dhia 
ar talamh 'na thug ar naomh mór féin?  Ar
an adhbhar sin, bímís cinnte go bhfuighmid 
toradh ar nguidhe indiu.
Agus mo thruaighe agus mo thruaighe nach
smuainimid níos mionca ar ar gcuid naomh 
mór as Éirinn, agus nach gcoimhcheanglamuid 
ar h-urnuighthe ar talamh le n-a nguidhe ar 
neamh ar ár son féin agus ar son ar dtíre 
boichte.  Tá a fhios againn go raibh níos mó  
bríghe agus tádhbhachta agus nirt i n-urnuighthe 
Mhaoise ar bharr an chnuic ag caint le Dia 
'na bhí i n-iomlán an phobail do bhí ag troid 
i n-aghaidh a námhad ins-an ghleann faoi.  
Mar an gcéadna, tá níos mó bríghe agus nirt 
agus tádhbhachta i n-urnuighthe naomh Phádraic, 
Bríghde, agus Coluim, agus na naomh eile as 
Éirinn, 'ná tá i n-iomlán ar ndícheall bocht 
féin, ag troid i n-aghaidh ar námhad i 
ngleann bhocht so na ndeór.
Déanfamaoid rún indiu, agus le cuidiughadh 
grásta Dé cuirfimíd an rún so i gcrích ó 
'n lá indiu amach — 'sé sin le rádh, nach 
leigfimíd aon oidhche amháin thart gan an 
urnuighthe bheag so do rádh d'éis ar bpaidrín 
páirtuigh:  “A Naomh Phádraic, a Bhríghid, agus a 
Choluim, agus a naomha na hÉireann go huilidhe 
guidhidh orainn, congnuíghidh agus cuidighidh linn 
anois agus ar uair ar mbáis.”  An dara rún 
is cóir dhúinn do dhéanamh ar an lá mhór 
bheannuighthe so, ionnus go mbeimid cosmhail 
ar dhóigh éigin le ar bpatrún i n-a bheathaidh, 
go ndeunfamuid an cholann do smachdadh, 
do réir ar n-acmhainne, in gach uile nídh 
acht go ro-mhór speisialta i nídh agus i bpeacadh 
amháin do bheir náire agus brón agus sgrios 
orainn féin agus ar ar dtír, 'sé sin peacadh 
na meisge.  D'fhág ar naomh féin eisiom-
pláir mhór againn annso, óir adeir sgríobh-
nóirí a bheathadh linn nár bhlais sé riamh aon 
ndeor dighe i n-a raibh meisge ann.  Déan-
famaoid uile go léir dícheall mór, muintir 
an tréidheanais iomláin do leathnughadh agus
 
do mhéadughadh agus do neartughadh ins-an 
chathathá siad do throid go fearamhail ins-an 
díoghóise so i n-aghaidh an sgriosadóra 
so.  Tugamuis deagh-shompla uainn ins-an 
nídh so, óir is é ar ndeagh-shompla amháin 
an cloidheamh is géire i n-aghaidh an námhad 
so.  Guidhmis ar bpatrún indiu, ar lá mhór 
a fhéile go n-ofráilidh sé suas 'ionnsaighe 
ar Dhia an urnuighthe atá mé ag dul do rádh 
anois, urnuighthe atá againn uile ar ar 
dteangaidh, urnuighthe do chum ar nEasbog 
féin agus atá againn ar chárda na geallamhna-
“A Choluim Chille! a phadrúin lucht an 
tréidheanais iomláin in do bhaile agus in do 
dhíbearthachd, guidh ar Dhia, cia ar bith áit i 
dtuitfidh ar gcrann, go mbeimid buan-
tseasmhach d'ár ngeallamhain, agus nach dtuga-
muid mí-chlú go bráth, le haon mheisge
amháin, ar an talamh do ghráidh tú go díleas.  
Amén.”