Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sollamhnacht Choluim Chille i nGartán.
Title
Sollamhnacht Choluim Chille i nGartán.
Author(s)
Mac a'Bháird, S. S.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SAINT COLUMBA CENTENARY Proceedings in Irish.Sollamhnacht Choluim Chille i nGartán. Is cóir dhamh gearr-chuntas do chur chugad ar an chruinniughadh iongantach do bhí againn i nGartán, an áit ina rugadh Colum Cille ar an naomhadh de Mheitheamh. Bhí fá thuairim deich míle daoine ann as an uile chearn, cuid aca as Sasanaibh agus as Albain. Bhí Príomhfháidh na hÉireann, an Cáirdinéal Ua Maolmhaodhóg ann, agus ar nEasbog féin an Dochtúir ro-urramach ua Domhnaill, leis an mhór-chuid de shagartaibh na Condae. I ndiaidh an Aifrinn Mhóir agus an Bheannuighthe do bheith thart, rinne an tAthair Aindrias Mac Niallghuis seanmóir bhreágh i n- Gaedhilg ar Shoisgéal an lae, agus ní bréag a rádh go mbudh dheacair é do shárughadh. 'Na dhiaidh sin do léigh an tAthair Aodh Mac Pháidín as Dún na nGall dileagra i nGaedhilg do'n Chairdinéal Ua Maol- mhaodhóg, agus do bhí freagra uadh-san ins an teangaidh chéadna, acht thug sé an chuid deireannach de, mar dubhairt sé féin, ins an chanamhaint ghairbh ghallda. Thug an tAthair S. Ua Domhnaill, uachdarán mór- sgoile Choluim ins na Ceallaibh Beaga, laoidh dhúinn do chum sé i n-onóir Choluim Chille do thaitin go mór leis na daoinibh. Eidir ama, bhí neart cainteoirí ag trácht ar bheathaidh Choluim Chille i mBéarla, acht tá baramhail agam go mb'fhearr leat cloistin fá'n Ghaedhilg. Bhí urlabhra an- deas againn ó'n duine uasal Peadar Mag Fhionnlaoigh de chraoibh Chonnartha na Gaedhilge i mBéal Feirsde. Thug sé a chomh- rádh uaidh i nglan-Ghaedhilg, agus ní raibh lochd ar bith air acht a ghiorrachd. 'Sé an tAthair fíor-urramach MagFhloinn, ó Shrath an Urláir, thug an seanchus deireannach dúinn i nGaedhilg. Labhair sé fá'n bhuntaiste agus fá'n tairbhe d'éirigh do'n tír as críonnachd agus as comhairle Choluim chille, ní hé amháin le n-a linn féin acht ó shoin ale. Tá an Ghaedhilg go lán-réidh ag an uasal-shagart sin, agus tháinig sí chuige mar thuile na habhann. Do labhair an tAthair Ua Caiside as Dún na nGall ins an Ghaedhilg mar an gcéadna agus is maith thig leis é dhéanamh. 'Na chuideachta so, bhí dhá abhrán Ghaedhilge againn. Do chan an tAthair Ua Maol- mhaodhóg as Cill Chartha “An chruit do sgab tré hallaidh' an ríogh,” agus do ghabh an tAthair Mac an tSaoir, as Árd a' Rátha, an “Chúilfhionn,” i ndóigh do chuaidh go croidhe na ndaoine. Chuir an tAthair Micheál Ua hIceadha agus an tAthair Séamas Mag Fhionnlaoigh dhá litir líomhtha Ghaedhilge ó Choláisde Mhuighe Nuadhad. Tháinig dhá litir Ghaedhilge fós as an Oileán Úr, ceann aca ó'n Athair Séamas Mac Pháidín atá thall i gCathair Naoimh Phroinsís i gCalifornia, agus
an litir eile ó Chumann na Gaedhilge i Nuadh-Eabhrac, agus bhí litir as an Fhrainnc fós i nGaedhilg ó'n Athair Pádraic Ua Dochartaigh atá ina ollamh i gColáiste na nÉireannach i bPáras. Chuirfeadh sé aoibhneas ar dhuine na litreacha so d'fheicsint, agus an Ghaedhilg bhreágh agus an sgríobhnóireachd deas do bhí ionnta. Agus anois cadé an tairbhe nó an bhuntaiste do cúis na Gaedhilge thiocfas as an chruinniughadh iongantach so? Ní'l an chanamhaint so marbh i dTír Chonaill go háirithe. Is í do bhí d'á labhairt ar gach taoibh i dtionntóchthá, go mór-mhór ag bunadh na tíre, agus nuair chuaidh siad a-bhaile, gan amhras bhí sí níos measamhla aca ná bhí sí roimhe, agus coingeobhaidh siad an meas so ar a dteangaidh dhúthchais. Ní hé sin é amháin acht tuigeann siad go bhfuil sí fá mheas mhór ag Easbog na Díoghóise agus ag a gcuid sagairt, agus do réir mo bharamhlasa ní tharla rud ar bith ó thoiseach Chonnartha na Gaedhilge thug oiread congnaimh leis an chanamhaint do chongbháil beó agus do leathnughadh leis an chruinniughadh mhór do bhí i nGartán lá féile Choluim Chille. S.S. Mac a'Bháird.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services