SAINT COLUMBA CENTENARY
Proceedings in Irish.Sollamhnacht Choluim Chille i 
nGartán.
Is cóir dhamh gearr-chuntas do chur chugad 
ar an chruinniughadh iongantach do bhí 
againn i nGartán, an áit ina rugadh Colum 
Cille ar an naomhadh de Mheitheamh.  Bhí fá 
thuairim deich míle daoine ann as an uile 
chearn, cuid aca as Sasanaibh agus as Albain.  
Bhí Príomhfháidh na hÉireann, an Cáirdinéal 
Ua Maolmhaodhóg ann, agus ar nEasbog féin
an Dochtúir ro-urramach ua Domhnaill, leis
an mhór-chuid de shagartaibh na Condae.  I 
ndiaidh an Aifrinn Mhóir agus an Bheannuighthe 
do bheith thart, rinne an tAthair Aindrias 
Mac Niallghuis seanmóir bhreágh i n-
Gaedhilg ar Shoisgéal an lae, agus ní bréag a
rádh go mbudh dheacair é do shárughadh.  'Na
dhiaidh sin do léigh an tAthair Aodh Mac 
Pháidín as Dún na nGall dileagra i
nGaedhilg do'n Chairdinéal Ua Maol-
mhaodhóg, agus do bhí freagra uadh-san ins an 
teangaidh chéadna, acht thug sé an chuid 
deireannach de, mar dubhairt sé féin, ins an 
chanamhaint ghairbh ghallda.  Thug an 
tAthair S. Ua Domhnaill, uachdarán mór-
sgoile Choluim ins na Ceallaibh Beaga, 
laoidh dhúinn do chum sé i n-onóir Choluim 
Chille do thaitin go mór leis na daoinibh.  
Eidir ama, bhí neart cainteoirí ag trácht 
ar bheathaidh Choluim Chille i mBéarla, acht 
tá baramhail agam go mb'fhearr leat 
cloistin fá'n Ghaedhilg.  Bhí urlabhra an-
deas againn ó'n duine uasal Peadar Mag 
Fhionnlaoigh de chraoibh Chonnartha na
Gaedhilge i mBéal Feirsde.  Thug sé a chomh-
rádh uaidh i nglan-Ghaedhilg, agus ní raibh lochd 
ar bith air acht a ghiorrachd.  'Sé an tAthair 
fíor-urramach MagFhloinn, ó Shrath an 
Urláir, thug an seanchus deireannach dúinn
i nGaedhilg.  Labhair sé fá'n bhuntaiste agus 
fá'n tairbhe d'éirigh do'n tír as críonnachd 
agus as comhairle Choluim chille, ní hé amháin 
le n-a linn féin acht ó shoin ale.  Tá an 
Ghaedhilg go lán-réidh ag an uasal-shagart
sin, agus tháinig sí chuige mar thuile na habhann.  
Do labhair an tAthair Ua Caiside as Dún 
na nGall ins an Ghaedhilg mar an gcéadna 
agus is maith thig leis é dhéanamh.
'Na chuideachta so, bhí dhá abhrán Ghaedhilge 
againn.  Do chan an tAthair Ua Maol-
mhaodhóg as Cill Chartha “An chruit do sgab 
tré hallaidh' an ríogh,” agus do ghabh an tAthair 
Mac an tSaoir, as Árd a' Rátha, an 
“Chúilfhionn,” i ndóigh do chuaidh go croidhe 
na ndaoine.  Chuir an tAthair Micheál Ua
hIceadha agus an tAthair Séamas Mag 
Fhionnlaoigh dhá litir líomhtha Ghaedhilge ó 
Choláisde Mhuighe Nuadhad.  Tháinig dhá litir 
Ghaedhilge fós as an Oileán Úr, ceann aca 
ó'n Athair Séamas Mac Pháidín atá thall i 
gCathair Naoimh Phroinsís i gCalifornia, agus
 
an litir eile ó Chumann na Gaedhilge i 
Nuadh-Eabhrac, agus bhí litir as an Fhrainnc
fós i nGaedhilg ó'n Athair Pádraic Ua 
Dochartaigh atá ina ollamh i gColáiste 
na nÉireannach i bPáras.  Chuirfeadh sé 
aoibhneas ar dhuine na litreacha so 
d'fheicsint, agus an Ghaedhilg bhreágh agus an 
sgríobhnóireachd deas do bhí ionnta.
Agus anois cadé an tairbhe nó an 
bhuntaiste do cúis na Gaedhilge thiocfas as
an chruinniughadh iongantach so?  Ní'l an 
chanamhaint so marbh i dTír Chonaill go 
háirithe.  Is í do bhí d'á labhairt ar gach 
taoibh i dtionntóchthá, go mór-mhór ag bunadh 
na tíre, agus nuair chuaidh siad a-bhaile, gan 
amhras bhí sí níos measamhla aca ná bhí sí 
roimhe, agus coingeobhaidh siad an meas so ar 
a dteangaidh dhúthchais.  Ní hé sin é amháin 
acht tuigeann siad go bhfuil sí fá mheas 
mhór ag Easbog na Díoghóise agus ag a gcuid 
sagairt, agus do réir mo bharamhlasa ní tharla
rud ar bith ó thoiseach Chonnartha na 
Gaedhilge thug oiread congnaimh leis an 
chanamhaint do chongbháil beó agus do 
leathnughadh leis an chruinniughadh mhór do bhí 
i nGartán lá féile Choluim Chille.
S.S. Mac a'Bháird.